Eamon Gilmore
Ceist:25 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé d'aidhm ag an Roinn an dátheangachas a chothú ar fud na tíre uile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30012/00]
Vol. 528 No. 3
25 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé d'aidhm ag an Roinn an dátheangachas a chothú ar fud na tíre uile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30012/00]
Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar cheisteanna uimhreacha 8, 9, agus 17 den 29 Aibreán 1999.
Is é lárchuspóir polasaí mo Roinne-se i leith na Gaeilge an meath a fhreaschur i dtaca lena húsáid mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht agus a húsáid a leathnú sa chuid eile den tír.
Cé nár ghlac an Rialtas seo, nó aon Rialtas roimhe, cinneadh sonrach go mbeadh sé mar pholasaí ag an Stát gur pobal dátheangach a bheadh ann tá béim á cur le blianta beaga anuas ar an dátheangachas a leathnú ar fud na tíre. Ar ndóigh, maidir leis an nGaeltacht, seasann sé mar pholasaí gurb í an Ghaeilge is ceart a bheith mar phríomh-mhéan cumarsáide inti.
Le bunú Fhoras na Gaeilge, an chuid sin den chomhlacht forfheidhmithe Thuaidh-Theas dá ngairtear an Foras Teanga a bhíonn ag plé leis an nGaeilge, tá deis iontach ann chun an dátheangachas a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda.