Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 31 Jan 2001

Vol. 529 No. 2

Housing (Gaeltacht)(Amendment) Bill, 2000: Second Stage (Resumed).

Question again proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Mar a bhí á rá agam roimh an sos, cuirim fáilte roimh cúpla moladh atá sa Bhille seo. An chéad cheann ná an leasú—

Go raibh maith agat, agus romhat féin fosta.

Agus ba mhaith an rud é gur thug tú an t-am amach as an gcruinniú.

Beidh sé ag dul ar aghaidh ar feadh tamaill. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an leasú in alt 4, mar a bhí á rá agam roimh an sos. Sé sin nach gá do iarrthóirí a bheith in a gcónaí sa Ghaeltacht chun teach a thógáil ach go mbeadh siad in a gcónaí sa teach sula n-íocfaí an deontas. An dara rud ná an méadú atá ar an deontas feabhsúcháin ó £2, 300 go dtí £4,000. Cuirim fáilte roimhe sin mar tá costas oibre agus gach saghas costais ag dul in áirde. Sílim gur an-chuidiú é sin. Ar ndóigh, go fóill níl aon mholadh nó nil aon trácht sa Bhille ar an deontas a ardú. Tá sé £4,000 is dócha ar feadh – b'fheidir 12 bliana nó 15 bliana, agus tá fhios againn uilig, go bhfuil luach tithíochta ag dul in áirde. Bheadh sé ina chuidiú agus in a spreagadh mór do dhaoine óga sa Ghaeltacht dá mbeadh an deontas níos áirde ná £4,000. Má tá tú ag tógáil tí ar oileán anois tá sé sílim £12,000 agus is maith an rud é sin. Tá deacrachtaí speisialta ag na hoileánaigh le costais bunábhair a thabhairt isteach agus cuidíonn sé an costas sin a íoc. Mar sin féin, sílim gur mór an trua é nach bhfuil árdú ar bith ar dheontas do theach nua sa Ghaeltacht féin. Is cuimhin liom 20 nó 30 bliana ó shin go raghadh an deontas píosa fada chun teach a thógáil – sé sin, nuair a bhí cead ag na daoine féin an obair a dhéanamh. Má bhí tí ábalta tógáil a dhéanamh tú féin d'fhéadfá do chuid oibre féin a dhéanamh agus ní raibh le cheannach agat ach an t-ábhar. Go minic bhí an deontas ábalta 50% nó níos mó ná sin de chostas an tí a ghlanadh nuair a bhí do chuid oibre féin san áireamh. Anois caithfidh tú conraitheoirí cláraithe a fhostú. Tá an t-abhar i bhfad níos daoire ná mar a bhí agus is beag an céatadán de chostas iomlán an tí atá an £4,000 a chuirtear ar fáil. Sílim gur chóir breathnú ar sin agus árdú suntasach a chur ar an deontas sin.

In alt 13 chím go bhfuiltear ag cur deireadh leis an deontas don dara theach. Tá sé sin curtha ar cheal ar fad.

Sílim gur mór an trua é sin. Bhí sé curtha ar cheal ar feadh roinnt blianta agus tugadh ar ais é ceithre nó cúig bliana ó shin ach tá sé á chur ar cheal arís anois. Tá ceantair Ghaeltachta go fóill agus níl caighdeán na tithíochta thar mholadh beirte ionntu agus d'fhéadfadh tithe úra a bheith de dhíth ar theaghlaigh a bhfuil tithe acu cheana féin. Tá súil agam go mbreathnófar ar sin. Tá tithe sa Ghaeltacht atá céad bliain d'aois nó níos mó agus droch bhall orthu. Má tá daoine mar sin chun teach úr a thógáil bhéinn ag súil go mbeadh an deontas iníoctha leo sin i gcónaí. An mar sin a bheidh an scéal?

Sea, má tá sean teach neamh oiriúnach beidh an deontas le fáil i gcónaí le haghaidh an dara tí.

Tá lúcháir orm é sin a chloisint. Má tá an dara theach mí-oiriúnach tá sé rí-fholláin go mbeadh an deontas le fáil sa chás sin. Is céim ar aghaidh é sin. Go minic bím féin agus Teachtaí eile i dteangbháil leis an Roinn faoi chinnithe maidir le hiarratais ar dheontais. Anois is arís bíonn sé deacair glacadh leis an gcinneadh a déantar. An bhfuil aon slí ann gur féidir athscrúdú a dhéanamh má déantar cinneadh gan an deontas a cheadú? Cé dhéanann an t-athscrúdú? Má chuireann tú iarratas isteach ar liúntas de chineál éigin go dtí an Roinn Leasa Shóisialaigh agus má dhéantar tú a dhiúltiú tá cead agat athchomhairc a dhéanamh. Cuirtear oifigeach eile amach chun athscrúdú a dhéanamh ar an chás iomlán. Ba chóir go mbeadh sé sin ag Roinn na Gaeltachta chomh maith. Tá fhios agam go bhfuil fhios ag an Aire agus ag na hoifigigh goidé go díreach a bhfuil mé ag tagairt dó. Ba mhaith liom go mbeadh deis ag daoine athscrúdú a dhéanamh ar iarratais ar dheontais a diúltaíodh agus go mbeadh duine neamhspleách ann chun an t-athscrúdú a dhéanamh.

Ta roinnt cásanna a bhfuil eolas pearsanta agam féin orthu, daoine a thóg tithe sa Ghaeltacht, chuir siad isteach ar dheontas Gaeltachta agus diúltaíodh dóibh ar chúis amháin nó ar chúis eile. B'fhéidir de bharr teanga nó rud éigin mar sin. Ansin nuair a chuir siad isteach ar dheontas don Roinn Comhshaoil fuair siad amach go raibh an t-achar thar an rud atá ceadaithe – 125 méadar cearnach. Mar sin tá daoine fágtha gan aon deontas chun teach a thógáil. Níor cháiligh siad faoi cheann Roinn na Gaeltachta – an ceann a bhí ar intinn acu – mar bhí easnamh éigin ann, agus nuair a chuaigh siad go dtí an Roinn Comhshaoil bhí an teach ró-mhór agus níor éirigh leo deontas de chineál ar bith a fháil. Bhí cásanna mar sin sa Ghaeltacht san am atá caite agus is dóigh go bhfuil sé ag tarlú go fóill. Níl fhios agam ar tháinig aon athrú ar an riail sin nó ar an deacracht sin a fhuascailt.

Bhí scéimeanna sa Ghaeltacht sna seascaidí seallaithe saoire a thógáil in aice leis an teach cónaithe. Bhíodh siad sin á n-úsáid ag cuairteoirí i rith an tsamhraidh. Le blianta anuas anois tá úsáid eile á bhaint as na seallaithe sin. Nuair a d'fhás an clann suas is minic a chuaigh duine acu chun cónaithe sa sealla agus teallach acu féin anois. Níl na seallaithe sin ró-mhór agus de réir mar a thuigim nuair a chuirtear feabhas ar shealla mar sin, díon nó dóirse nó fuinneoga nua, nó má chuirtear píosa leis – agus is tithe teallaigh cuid de na seallaithe seo – ní cháilíonn siad fá choinne deontas feabhsaithe. Ba chóir go ndéanfaí athbhreithniú ar na cásanna sin, go mbeadh siad cáilithe le haghaidh deontais go speisialta más príomh theach don teallach atá sa sealla i láthair na huaire. Tógadh do chuairteoirí iad ach anois tá teallaigh Ghaeltachta in a gcónaí ionntu.

Sílim go bhfuil sé ar intinn sa Bhille scéim deontais a cheadú do thithe ceann tuí. Is dóigh go dtagann sé sin faoin gnáth scéim feabhsúcháin. Chomh fada agus is eol dom tá scéim deontais den chineál céanna ag an Roinn Comhshaoil. Níl fhios agam cad é an comparáid atá idir é seo agus ceann Roinn na Gaeltachta nó ciacu is fearr.

Ceann Roinn na Gaeltachta.

Tá lúcháir orm é sin a chloisint.

Is minic a líon mé isteach foirm iarratais agus cuireadh in iúl nach deontas a bhí á lorg ach iasacht. Níor thuig mé riamh an scéim seo go bhfuair tú iasacht chomh maith le deontas le teach a thógáil nó teach a dheisiú sa Ghaeltacht. Níl fhios agam cad é an úsáid a bhí á bhaint as an scéim sin nó ar chuir mórán daoine isteach ar iasachtaí. Ach tugadh mórán iasachtaí agus sílim gur seo droch am le deireadh a chur leis an scéim. Mar tá níos mó feidhme le h-iasachtaí anois mar go bhfuil costas na dtithe, na hoibre agus an ábhair imithe suas níos aoirde ná mar a bhí riamh.

Níl fhios agam an bhfuil mórán daoine ag baint úsáid as nó cad é uas-mhéid an iasachta a bhí ar fáil ach mar sin féin cuireann sé íontas orm go bhfuil an gné áirithe den scéim sin á chur ar cheal ag an am seo.

Mar sin féin, ar a laghad is fiú fáilte a chur roimh an Bille. Bhíomar ag fanacht leis le tamall fada. Tá cúpla rud fiúntach ann. Tá go leor rudaí eile go bhféadfaí a chur ann agus is dóca gurb é an ceann is tábhachtaí ná méid an deontais a ardú. Tuigim gur féidir é a dhéanamh amach anseo gan reachtaíocht a thógaint isteach, sé sin go mbeadh sé de chead ag an Aire nó ag an Roinn é a ardú de réir mar is mian leo.

Ach é sin ráite agam cuirim fáilte roimh an Bille agus is dóigh go rachaidh sé chun socair do mhuintir na Gaeltachta chomh fada agus a théann sé.

Fáiltím roimh an Bille seo freisin. Mar a deireann an meamram míniúcháin, is é an cuspóir ghinearálta atá leis an mBille ná leasú agus leathnú a dhéanamh ar achtanna na dtithe Gaeltachta cun iad a dhéanamh níos oiriúnaí don saol atá inniu ann. Cuireadh san áireamh chomh maith cinnithe a déanadh le gairid le cúnamh atá ar fáil faoi na hachtanna.

Ag féachaint ar na figiúirí a chuir an tAire Stáit os comhair an Tí nuair a bhí an díospóireacht ar siúl ag tús an dara chéim, dúirt an tAire Stáit Hanafin gur caitheadh £1.55 milliún faoin scéim i 1999. B'fhéidir go bhfuil an figiúr ag an Aire Stáit ó Cuív anois don bhliain seo caite. Dúirt an tAire Stáit Hanafin freisin go raibh méadú 14%ar an airgead a caitheadh i gcomparáid le 1998. Sa bhliain 1999 fuarathas 1,048 iarratas faoin scéim agus b'shin méadú 31% ar líon na n-iarratas i 1998. Figiúr a bhfuil mé roinnt sásta leis ná gur críochnaíodh 127 teach maraon le 707 cás a bhain le hoibreacha feabhsúcháin. Ba mhaith liom na figiúirí céanna don bhliain 2000 a fháil ón Aire Stáit má tá siad aige, agus líon na n-oibreacha feabhsúchfáin maraon leis sin. Rud eile a ba mhaith go dtabharfadh an tAire Stáit míniú air freisin ná an riail nua sa Bhille seo nach gcaithfidh duine a bheith ina chónaí sa Ghaeltacht an fad is atá a theach á thógáil. An mbaineann sé sin le Gaeilgeoirí atá ag filleadh ar an nGaeltacht agus le Gaeilgeoirí nach raibh cónaí orthu sa Ghaeltacht cheana agus atá ag iarraidh cur futhu anois?

Tagann an fhadhb mar gheall ar theorainneacha na Gaeltachta isteach i m'aigne maidir leis an riail nua seo. Tá sé á rá ag an Aire Stáit le fada go bhfuil scéim ar intinn aige chun cáilíocht teangan a cheapadh do na Gaeltachtaí éagsúla agus muna dtiocfadh ceantar áirithe suas go dtí an caighdeán go mbeadh roinnt ama acu an caighdeán a shroichint le go dtabharfaí Gaeltacht orthu arís. Ach tá sé tábhachtach go mbeadh reachtaíocht den tsórt seo ann don Ghaeltacht. Luaigh an tAire Stáit ina óráid an reachtaíocht tithíochta go dtí seo, i 1929, 1979 agus anuraidh. Chonacthas bearnaí an-mhóra eatarthu. B'fhéidir gur fíor sin faoi an-chuid a bhaineann leis an nGaeltacht.

Tá coimisiún ar bun anois don Ghaeltacht ach nílim sásta nach eol dúinn cathain a bheidh críoch leis an obair seo agus na moltaí ar fáil le gur féidir leis an Aire cinneadh a ghlacadh ina dtaobh. Léiríonn na bearnaí móra an easpa spéise a bhí ag an Stáit i gcúrsaí Gaeltachta sa fichiú haois. Tá feabhas tagtha ar chúrsaí anois ach táimid le fada ag fanacht ar an bpíosa reachtaíochta seo chun leathnú agus leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht go dtí seo.

Tá ceist theorainneacha na Gaeltachta rí-thábhachtach. Baineann na scéimeanna seo leis an nGaeltacht mar atá leagtha síos faoi Acht na nAirí agus na Rúnaithe (Leasú) 1956. Tá a fhios ag an saol agus ag an Aire Stáit nach féidir Gaeltacht a thabhairt ar chuid de na ceantair Ghaeltachta a thuilleadh. Tá sé thar am rud a dhéanamh faoi seo agus ní fheicim go bhfuil an obair seo idir láimhe go fóill.

Fáiltím roimh an deontas don teas lárnach agus mar a dúirt an tAire Stáit tá sé seo an-tábhachtach do sheandaoine. Fáiltím freisin roimh an athrú go bhfuil an tréimhse feithimh seacht mbliana idir dheontais á chur ar ceal sa chás seo. Cabhróidh sé freisin le tithe a chur in oiriúint do mhic léinn i rith an tsamhraidh.

An bhfuil sé ceadaithe faoin reachtaíocht seo do Ghaeilgeoir lasmuigh den Ghaeltacht píosa talún a cheannach sa Ghaeltacht agus deontas a fháil má léiríonn sé gurb í an Ghaeilge a ghnáth-theanga teaghlaigh?

Chaithfidís cur futhu go buan sa Ghaeltacht.

Sea, agus an féidir leo deontas a fháil sa chás sin?

Nuair a thiocfaidh siad go dtí an Gaeltacht, is féidir.

Is féidir leo deontas a fháil don teach atá tógtha acu roimh theacht go dtí an Ghaeltacht. Fáiltím roimhe sin mar tá daoine ar fud na tíre atá lándáiríre i dtaobh na Gaeilge. Fáiltím freisin roimh an ardú sna deontais. An rud is tábhachtaí ná an Ghaeilge a chaomhnú agus a húsáid a chur chun cinn sa Ghaeltacht. An bhfuil cruthúnas ag an Aire Stáit go bhfuil na scéimeanna seo ag cabhrú leis an bpríomhaidhm sin? Tá tuairim agam go bhfuil an Ghaeilge ag dul i léig sna Gaeltachtaí agus tá sé riachtanach é sin a athrú le go mbeidh an Ghaeilge ag éirí láidir, mar gan sin, is deacair í a chur chun cinn taobh amuigh den Ghaeltacht.

Sa mhéid is go bhfuil an Bille seo ag cur eagar ar a bhfuil ann go dtí seo agus ag tabhairt rudaí nua isteach agus go mbeidh sé ar chumas an Aire as seo amach scéimeanna a fhógairt nó a athrú, is maith sin.

Maidir leis an Oifigeach Feidhmiúcháin atá le ceapadh chun déileáil leis na haisíocaíochtaí iasachta atá le haistriú ó Oifig na n-Oibreacha Poiblí, an eol don Aire cé mhéad airgid atá i gceist anseo agus cé mhéad duine?

Ba mhaith liom cúpla bomaithe a thabhairt don Teachta Michael Kitt, má tá cead agam. Fáiltím roimh na leasuithe sa Bhille seo agus taobh amuigh de mo chomhleacaí, Pat The Cope Gallagher ní raibh Aire nó Aire Stáit againn riamh a rinne níos mó ar son na Gaeltachta ná an Teachta Ó Cuív. Ó toghadh ina Aire Stáit é, tá athrú mór tagtha ar shaol mhuintir na Gaeltachta, i mo dháilcheantar féin, sna háiteacha beag agus mór. Tá straitéis beartaithe aige anois chun a gcuid féin a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus na galltacha araon. Failtím roimh na bóithre feabhsaithe atá curtha ar fáil aige agus roimh an straitéis aige go mbeidh bóthar maith amháin ar a laghad ag gach Gaeltacht, ar nós Cúl an Earagail agus Gleann Cholm Cille. Tugann sé aitheantas mór do na hoileáin agus ón bplean oibre atá aige is léir go mbeidh feabhsúcháin eile ag teacht.

Tá rudaí praiticiúla sa Bhille seo le moladh. Acmhainn thábhachtach í an Ghaeltacht don tír uilig. Is mian soiléir é de chuid mhuintir na hÉireann go mbeadh an Ghaeilge á labhairt go beo bríomhar agus sna glúnta atá romhainn. Le seo a chinntiú, tá orainn tacaíocht phraiticiúil mar seo a chur ar fáil do phobail agus do theaghlaigh na Gaeltachta. Díríonn na leasuithe sa Bhille seo ar na riachtanais thábhachtacha seo.

Is fiú go mór an tacaíocht a bheas ar fáil do theaghlaigh le Gaeilge atá ag smaointiú ar filleadh abhaile go dtí na Gaeltachtaí agus na hoileáin. Tabharfaidh an tacaíocht seo spreagadh dóibh teach nua a thógáil sa bhaile. Cé go mbeidh níos mó post ag teastáil sa Ghaeltacht do na daoine seo, tá a fhios agam go bhfuil fonn ar dhaoine filleadh abhaile ón iasacht agus is maith ann an deontas tithíochta seo.

Tabharfaidh an Bille seo seans do dhaoine obair ar ardchaighdeán a dhéanamh ar a gcuid tithe. Tá an tacaíocht á cur ar fáil do fheabhsúcháin riachtanacha, obair shéarachais, seomraí folctha agus seirbhísí uisce méadaithe go mór agus cuirfear fáilte forleathan rompu sa Ghaeltacht.

Nuair a fheictear an t-ardú sna deontais, is léir go rachaidh an scéim chun leasa mhuintir na Gaeltachta agus an mhuintir nach bhfuil ina gcónaí ann. Tugann na méaduithe le fios do phobal na Gaeltachta go bhfuilimid i ndáiríre faoi chaomhnú na Gaeltachta agus go bhfuilimid ag cur gach deis ar fáil le cinntiú go mbeidh sé ar chumas na muintire sin gnáthriachtanais an lae inniu a bheith acu, mar is amhlaidh i ngach áit eile faoin dtír.

Tá na hoileáin amach ón gcósta ina seod luachmhar agus tá orainn a chinntiú go mbeidh caighdeán sásúil maireachtála ag na daoine ar na hoileáin seo. Bíonn costais níos troime ar mhuintir na n-oileán agus is cúis áthais go n-aithníonn an tAire sin sa Bhille seo. Is maith go bhfuil na seirbhísí riachtanacha anois againn ar na hoileáin, ar Oileán Árainnmhór agus Thoraí, mar shampla, mar a bhfuil bunscoileanna agus meánscoil, agus tá sárobair déanta ag an mbord sláinte chun seirbhísí a chur ar fáil do mhuintir na n-oileán. Is de bhuíochas an Aire Stáit agus an bhrú a chuir sé orthu go bhfuil na seirbhísí seo ann. Tá leictreachas ag na hoileáin bheaga agus tá mé ag súil le hathruithe móra i dTír Chonaill de dheasca an dul chun cinn seo.

Tá dualgas orainn ár n-oidhreacht Gaeltachta a neartú agus a chaomhnú. Fáiltím roimh an fhoráil go dtabharfar cuidiú do úinéirí tithe ceann tuí na tithe sin a fheabhsú. Tá dúshlán mór romhainn a chinntiú go mairfidh pobail Ghaeltachta a labhrann an Ghaeilge go laethúil. Ceann de na deacrachtaí a chaithfear aghaidh a thabhairt uirthi ná nach raibh an deis ag gach duine a chuireann faoi sa Ghaeltacht an Ghaeilge a fhoghlaim. Ní mór go mbeadh an tacaíocht fhial a bheas ar fáil de thoradh na leasuithe seo ina bhuntáiste ag an uimhir is mó daoine is féidir. Caithfimid a chinntiú go mbeidh deiseanna foghlamtha Gaeilge ag daoine atá ag filleadh abhaile nó a thagann isteach sa Ghaeltacht chun cónaí le go mbeidh a saol fite fuaite go hiomlán le saibhreas cultúrtha na Gaeltachta.

Bíonn daoine sa Ghaeltacht ag gearán nach féidir leo deontais tithíochta a fháil muna mbíonn an bheirt tuismitheoir ábalta Gaeilge a labhairt. Tá an tAire Stáit ag iarraidh orainn níos mó Gaeilge a úsáid chun í a choimeád beo sa Ghaeltacht agus taobh amuigh. Ar láimh amháin táimid ag cur brú ar dhaoine Gaeilge a labhairt agus ar an láimh eile táimid ag cur bac ar dhaoine filleadh abhaile ar an nGaeltacht. Tá sé in am dúinn tacaí ocht a thabhairt do dhaoine chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid sa bhaile. Tá an-suim ag páistí agus ag a dtuismitheoirí sna gaelscoileanna ach ní úsaidtear an Ghaeilge nuair atá páistí ag súgradh lena chéile sa Ghaeltacht. Níl a fhios agam cad is féidir a dhéanamh faoi sin ach tá súil agam go mbeidh an tAire in ann teacht ar réiteach éigin. Mar Theachta Dála do dáilcheantar ina bhfuil Gaeltacht, tá a fhios agam na fadhbanna atá acu. Táimid ag iarraidh orthu cónaí sa Ghaeltacht chun cabhair a thabhairt do na scoileanna agus ionas go mbeidh postanna agus seirbhísí ar fáil ann.

Ag an am gcéanna, sílim féin go bhfuil an teanga ag sleamhnú agus nach bhfuil sé á úsáid mar ghnáth-theanga. Ba mhór an trua a bhéadh sé dá gcaillfimid ár teanga agus ár gcultúr. Tá go leor déanta ag go leor daoine sa Ghaeltacht chun chabhair a thabhairt don Ghaeilge agus don gcultúr a bheith beo. Ag an am gcéanna, sílim féin go bhfuil sé ag sleamhnú. Caithfimid dul ar ais arís agus b'fhéidir cabhair a thabhairt dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim arís.

Sílim féin go bhfuil an t-Aire Stáit ag tnúth ar Bille don teanga. Tá daoine ann a smaoiníonn nach bhfuil a gceartaí acu an Ghaeilge a úsáid nuair a théann siad go dtí an comhairle condae nó an Roinn nó áiteanna mar sin. B'fhéidir go gcuireann sin brú ar achan duine an Ghaeilge a úsáid níos mó, ar nós Stáit seirbhísí, Teachtaí Dála, Seanadóirí – achan duine atá ag obair ar son muintir na Gaeltachta ionas go mbeidh siad ábalta achan rud a dhéanamh trí Ghaeilge.

É sin ráite, sílim féin go mbeidh athrú mór déanta ag an Aire Stáit ag éirí as an mBille. Sílim go bhfuil tacaíocht á thabhairt ó achan duine chun an Bille a bheith againn. Fáiltím go mórmhór an sárobair atá déanta ag an Aire Stáit ar son mhuintir na Gaeltachta agus na n-oileán. Tá súil agam go mbeimid anseo ar feadh dhá bhlian nó níos mó b'fhéidir chun níos mó a dhéanamh ar son an Ghaeilge agus ar son muintir na Ghaeltachta agus a saol.

Fáiltím an Bhille seo agus gabhaim comhghairdeachas leis an Aire, an Teachta de Valera, agus go h-áirithe leis an Aire Stáit, Éamon Ó Cuív. Mar is eol dom, cuireadh tús leis na deontasaí seo i 1926 agus bhí an dlí curtha i bhfeidhm i 1929. B'shin an chéad dlí chun deontasaí a chuir ar fáil. Sa Bhille seo, tá an t-Aire Stáit ag caint mar gheall ar an leathnú agus an leasú atá á dhéanamh aige ar Achtanna na tithe Gaeltachta. Tá a lán déanta ag an Aire Stáit, go h-áirithe don Ghaeltacht, ó thaobh tithíocht, bóithre agus scéimeanna uisce agus serbhísí.

Cuirim fáilte faoi leith roimh an bprionsabal atá aige sa Bhille chun rudaí a dhéanamh níos oiriunaí don lá atá inniu ann. Labhraíonn sé sa Bhille mar gheall ar níos mó airgead a chur ar fáil nuair atá teach á thógáil mar teach i gcomhair gnáth-chónaí sa Ghaeltacht agus is maith an rud é sin.

Labhair an t-Aire Stáit faoi na tithe sa Ghaeltacht. Tá daoine ina gcónaí i Mountbellew, baile in aice liom, agus deireann siad liom go bhfuil siad sa bhreac Ghaeltacht. Deireann an t-Aire Stáit nach bhfuil aon rud cosúil le breac Ghaeltacht i nGaillimh Thoir. Tá na daoine seo ag iarraidh deontas a fháil mar is í Gaeilge an gnáth-theanga sa teaghlach. B'fhéidir gurb é sin an fáth a labhraíonn an t-Aire Stáit sa Bhille mar gheall ar savings. Labhraíonn sé faoi caiteachas breise a mhoilliú de réir an riail sin. Tá sé ar intinn ag na daoine i gceist deontasaí a fháil ach, de réir an Bhille seo, ní bheidh siad in ann deontasaí mar sin a fháil.

Mar is eol don Aire Stáit, tá a lán gaelscoileanna ann anois sna bailtí, mór agus beag. Tá suim ag cuid mhaith daoine san iarthar, i nGaillimh ach go h-áirithe, sa Ghaeilge. Cuirim fáilte roimh an deontas le h-aghaidh díon tí a dheisiú. Mar is eol don Aire Stáit, tá sé deacair duine a fháil chun an obair sin a dhéanamh anois in aon áit in Éirinn agus go h-áirithe ar na h-oileáin agus in áiteanna iargualta. Is dóigh liom go gcaithfimid cúrsaí a chur ar fáil chun an cheard sin a leasú agus a mhéadú.

In alt 8 labhraíonn an t-Aire Stáit faoi méadú suas le 200% i leith oibreacha ar oileáin Gaeltachta agus oileáin amach ón gcósta. Is maith an rud é sin. Mar is eol don Aire Stáit, tá sé deacair ábhair tógála a thabhairt amach go dtí oileáin agus caithfimid níos mó deontasaí a thabhairt do áiteanna mar sin.

Labhraíonn sé freisin mar gheall ar na scéimeanna nua atá á thabhairt isteach aige. Ba mhaith liom níos mó eolas a fháil fúthu mar tá sé an-tábhachtach, go h-áirithe do dhaoine aostach. Níl ach na scéimeanna atá ag an gcomhairle condae nó an bord sláinte i bhfeidhm faoi láthair chun cuidiú le daoine aosta.

In alt 11, labhraíonn an t-Aire Stáit faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ag plé le aisíoc iasachtaí in áit oifigí agus oibreacha poiblí. Cuirim fáilte roimhe sin freisin. Is maith an rud é go bhfuil deireadh á chur le deontas don dara teach agus don chalet saoire. Ní cheart go raibh an scéim sin i bhfeidhm agus rudaí mar sin ag tarlú.

Ba mhaith liom na hathraithe atá déanta leis na Dáilcheantair i dtaobh na toghacháin d'Údarás na Gaeltachta a phlé. Sin an fáth gur luaigh mé an bhreac Ghaeltacht. Is dóigh liom nach bhfuil gach duine cinnte céard is Gaeltacht ann. Tá an t-údarás ag déanamh a dhícheall fostaíochta a fháil. B'fhéidir nach bhfuilimid go léir soiléir faoi na dáilcheantair agus teorainn na Gaeltachtaí.

Bhí díospóireacht againn roimh na Nollag faoi cheist na Gaeilge. Bhí mé féin ag caint faoi suirbhé i mBaile Locha Riach i gCondae na Gaillimhe. De réir an suirbhé sin, bhí an-meas ag muintir an bhaile ar an nGaeilge.

Tá fadhb eile sa Ghaeltacht agus tá sé díreach ag baint le cúrsaí tithíochta, sé sin, an fhadhb atá ag daoine cead pleanála a fháil chun teach a thógáil, go háirithe teach le haghaidh clann. Mar is eol dúinn go léir, tá a lán árasán á thógáil sa Ghaeltacht agus b'fhéidir cúpla óstán. In áiteanna sa Ghaeltacht cuirtear an-fáilte roimh na hárasáin sin mar gur féidir le turasóirí teacht isteach agus lóistín a chur ar fáil dóibh sa Ghaeltacht. Ní bhíonn na turasóirí sin ann sa gheimhreadh agus ní bhíonn éinne sna hárasáin sin. Deireann a lán daoine sa Ghaeltacht nach bhfuil sé féaráilte go bhfuil sé sin ann agus, ag an am gcéanna, go bhfuil sé an-deacair cead pleanála a fháil chun teach a thógáil agus go bhfuil fadhbanna acu leis an gcomhairle condae mar gheall ar sin. Ós rud é go bhfuilim ag caint faoi thurasóirí, tá ceist na mbóithre an-tábhachtach agus tá airgead á chur ar fáil ag an Aire Stáit dóibh. Níl aon dual carriageway nó mótarbhealach sa Ghaeltacht agus b'fhéidir gur maith an rud é sin. De réir tuairiscí ón gcomhairle contae i nGaillimh tá mótarbhealach le tógáil idir chathair na Gaillimh agus Béal Átha an tSlua. Déarfainn go mbeidh an Teachta Gilmore an-sásta go bhfuil an mótarbhealach sin ag teacht. Beidh sé ann i gceann cúig bliana nó mar sin.

Ní mór airgead a chaitheamh ar bhóithre beaga freisin, do mhuintir na Gaeltachta agus do na turasóirí a thagann go dtí an ceantar sin. Maidir le cúrsaí tithíochta, is scéim an-mhaith í scéim na coláiste samhraidh. Tá a lán déanta ag an Aire Stáit chun deontais a fháil do na scéimeann sin, do na mná tí ach go háirithe. Tá na mná tí le moladh as an gcúnamh a thugann siad do na scoileanna. Tá airgead ar fáil freisin chun maisiúcháin agus deisiúcháin a dhéanamh ar thithe.

Fáiltím roimh an mBille seo chun tithe agus deisiúcháin a chur ar fáil. Beidh airgead ag teastáil freisin chun scéimeanna séarachais a chur ar bun, mar atá á éileamh ag beagnach gach ceantar Gaeltachta. Má bhíonn na scéimeanna sin ann, beidh na tithe ann freisin. Tá ardmholadh ag dul don Aire Stáit as an mBille seo.

Bhí an-suim agam sa mhéid a bhí le rá ag an Teachta Mícheál Kitt, go háirithe faoi theorainneacha na Gaeltachta agus na breacGhaeltachta. Táthar ag cur ionamarca béime ar theorainneacha Gaeltachta. Tá níos mó daoine anois ag úsáid na Gaeilge i mo dháilcheantar féin i nDún Laoghaire i gceartlár chathair Átha Cliath ná mar atá sna Gaeltachtaí agus is mar sin a bheas an scéal amach anseo, fad is a mbeidh na Gaeltachtaí féin ag dul i léig de thoradh forbairtí áirithe atá ag idir láimhe. Caithfear imeacht chomh fada siar leis an gCeathrú Rua go dtí Cois Fharraige chun teacht ar phobal a úsáideann an Ghaeilge mar ghnáth-theanga. Tá go leor daoine ina gcónaí ansin nach bhfuil an Ghaeilge á húsáid acu agus is eol don Aire Stáit é sin. Tá na Gaeltachtaí ag dul i léig an t-am ar fad.

Ní gá dul go dtí An Cheathrú Rua chun Gaeilge a fháil.

Caithfidh tú dul siar chomh fada le hIndreabhán.

Is as an Spidéal do mo bheansa agus Gaeilge a labhair siad iriamh.

Níl mórán Gaeilge i Knocknacarra faoi láthair cé go bhfuil sé go hoifigiúil sa Ghaeltacht. Is faoi cúrsaí tithíochta is mó a ba mhaith caint a dhéanamh anocht. Aontaím leis an méid a dúirt an Teachta Ó Sé agus is cúis náire don Rialtas seo gurb í seo an chéad Bhille Tithíochta a thug siad os comhair na Dála le linn a dtréimhse de cheithre bliana beagnach. Tá an crís tithíochta is measa riamh againn, tá praghas na dtithe imithe in airde, tá cíosanna imithe in airde, tá líon na ndaoine atá ar liostaí tithíochta na gcomhairlí contae imithe i méid. Go hoifigiúil, tá 45,000 ar liostaí tithíochtaí ar fud na tíre. Má chuirtear san áireamh na daoine atá ar liostaí do thithíocht shóisialta, tá timpeall 60,000 clann ar liostaí comhairle contae ar fud na tíre.

Tá líon na ndaoine gan dídean dulta in airde freisin. Tá breis is míle páistí gan dídean thart ar chathair Átha Cliath agus is í seo an chéad Bhille Tithíochta d'aon saghas atá tugtha isteach. Molaim an tAire Stáit as a bhfuil á dhéanamh aige ar son mhuintir na Gaeltachta ach tá sé scanallach nach bhfuil faic eile déanta ag an Rialtas seo i dtaobh an chrís tithíochta atá againn anois.

The housing crisis is a shame on the Government. Young families are simply being priced out of the housing market. According to the surveys undertaken by the auctioneering firms, the rate of increase in house prices is £20,000 per year. The average price of a second-hand house in Dublin is now over £200,000. The cheapest house available on the market in my own area is now about £160,000 for a former council house. Families on moderate incomes simply cannot afford those house prices and are increasingly being forced into an overcrowded and overpriced private rented housing market which is under-regulated by the Government.

Even when private rented accommodation can be accessed – the position is particularly difficult for families with children and doubly difficult for families dependent on health board rent allowances – the rents payable are extremely high. The survey findings published by Gunne auctioneers in the course of the past week showed that rents in the private rented sector had increased in the past three years alone by between by 53% and 68%. This is an underestimate. If one looks at the report of the commission on the private rented sector, one will find that rents for those in receipt of rent allowance have increased by about 76%. Huge chunks of people, therefore, are being priced out of the housing market. There is a total of about 60,000 families on local authority lists of one kind or another waiting for housing, while the number of homeless people has doubled in the lifetime of the Government.

We have moved some way from the Gaeltacht.

Má tá sé in ord don Teachta M. Kitt an argóint a dhéanamh go bhfuil An Creagán sa bhreacGhaeltacht, agus tá roinnt eolais agam ar an gCreagán mar gurb é m'áit dhúchais féin é, tá sé in ord domsa an crís tithíocha a phlé ós rud é gur Bille Tithíochta é seo. Ní ag muintir na Gaeltachta amháin atá fadhbanna tithíochta, tá siad ag daoine i ngach contae sa tír. Sin é an t-ábhar a ba mhaith liomsa a phlé.

Ba mhaith liom a mhíniú leis an dTeachta Gilmore gurbh fhéidir go dtí anois deontais thithíochta Gaeltachta a fháil in áiteanna ar nós an Chreagáin. Mhínigh an Teachta Ó hUiginn go beacht conas a tharla sé sin faoi na hachtanna go dtí seo agus táimid ag cur deireadh leis sa Bhille seo agus tá a fhios agam go mbeidh áthas ar an Teachta Gilmore go bhfuil sé seo á chur ina cheart.

Déanaim comhghairdeas le muintir an Chreagáin agus molaim iad ach tá fadhbanna tithíochta ag go leor daoine eile sa cheantar sin agus ar fud na tíre.

The failure of the Government to deal with the housing crisis is a scandal. I appreciate that I might be testing the boundaries of the Leas-Cheann Chomhairle's patience on this matter but I must take advantage of this opportunity to make my point. It is a rare opportunity because this is the only legislation containing a reference to housing to come before the Dáil in the lifetime of this Government.

There were the Finance Bills to implement the Bacon reports.

Let me tell the Minister of State about the Finance Bills. The Minister of State, Deputy Molloy, announced last July when he published the report of the commission on the private rented sector that the commission's recommendations would be examined by the Government as a package. Just after Christmas he announced that the landlords would get their benefits and tax concessions in the Finance Bill to be published in a couple of weeks but that the unfortunate tenants who are living in the same accommodation will have to wait another two years before they will get the rights that were recommended by the commission.

I want the Minister of State, Deputy Ó Cuív, to communicate to his colleagues in Government, who have wider responsibility for housing than the limited responsibility the Minister of State enjoys in respect of the Gaeltacht, that they need to bring before the House measures to tackle the appalling housing circumstances facing families throughout the country. I take the opportunity to say that now just as I have taken the opportunity to say it in the course of other debates on other issues in this House. The Government's failure to deal effectively with the housing crisis is a scandal that will haunt it all the way to the ballot box whenever it decides to come out of the bunker and face the people.

(Dublin West): De réir an cáipéise míniúcháin, is é an cuspóir atá leis an mBille seo ná leasú agus leathnú a dhéanamh ar Achtanna na dTithe (Gaeltachta) chun iad a dhéanamh níos oiriúnaí don lá inniu. Measaim go n-aontóidh gach duine le sin. Méadaítear na deontais atá ar fáil do dhaoine ata ag lorg tithíochta sa Ghaeltacht agus leagtar béim fé leith ar Alt 4 a deir gur féidir le daoine atá ag maireachtaint taobh amuigh den Ghaeltacht gur de bhunadh na Gaeltachta iad, nó Gaeilgeoirí ar a laghad, is dócha, agus atá chun cur futhu sa Ghaeltacht cur isteach ar dheontais do thithe a thógtar sa Ghaeltacht fad atá siad ag maireachtaint taobh amuigh de. Tá sé sin ciallmhar.

Maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, tá na deacrachtaí céanna ag daoine sa Ghaeltacht, agus daoine óga go mór mór, is atá ag a gcomhleacuithe taobh amuigh. Tá praghas uafásach le díol ar shuíomh tí sa Ghaeltacht anois. Tá daoine óga ag fulaingt freisin de bharr an ráta boilscithe i gcostais thógála. Tá an géarchéim tithíochta ar fud na tíre ag cur isteach ar mhuintir na Gaeltachta freisin. B'fhéidir nach bhfuil na praghsanna chomh hard leis na cathracha agus tá siad ag dul i méid i gcónaí agus is féidir go dtiomáinfidh siad daoine óga as an nGaeltacht. Níl tithe nó árasáin ar fáil sna Gaeltachtaí agus bíonn orthu imeacht taobh amuigh de chun tithíocht a fháil.

Ba chóir go mbeadh dóthain soláthar tithíochta sa Ghaeltacht le nach gcuirfí bac ar dhaoine óga ar mhaith leo cur futhu ann. Tá súil agam go dtiocfaidh an tAire Stáit ar ais le réiteach ar an gceist seo mar is ceist leathan í nach leigheasfar le deontais amháin nó leis na hathruithe sa Bhille seo, cé go n-aontaím lena bhformhór nó leo go léir, b'fhéidir. Caithfear níos mó samhlaíochta a úsáid chun réiteach a fháil ar na fadhbanna móra praghais atá againn le trí nó ceithre bliana anuas.

Tá an tAire Stáit á rá go mbeidh méadú ar na deontais chun tithe a thógáil agus a dheisiú agus is maith sin. Ach an bhfuil aon srian á chur ar lucht tógála maidir leis an bpraghas chun teach a thógáil? Tharla sé seo sa tír seo cheana nuair a tugadh deontas £3,000 sna hochtóidí do dhaoine a bhí ag ceannach tithe nua don chéad uair gur chuir lucht tógála na dtithe praghas na dtithe in airde de £3,000. Shúigh siad isteach an £3,000 de dheontas do ghnáthdhaoine. Is oth liom a rá gurb é sin an saghas dream tógála atá againn sa tír seo. Cinnte, tá daoine beaga sa Ghaeltacht ag tógáil tithe nach bithiúnaigh iad, ach leis an méid atá feicthe againn i gcathracha na tíre seo, is bithiúnaigh iad na daoine atá i bhfeighil na n-eastát móra tithíochta atá á dtógáil i láthair na huaire, ó thaobh praghais de. Cloisimid go léir na scéalta uafáis atá ag teacht amach as an margadh tithíochta faoi láthair. Tá praghsanna ag méadú de chúig mhíle nó de dheich míle punt thar oíche. Is breá an rud é na deontais a mhéadú, ach má ardaíonn lucht tógála na praghsanna den méid céanna, ní rachaidh sé sin chun leas na ndaoine atá i gceist sa Bhille seo.

Ba cheart go mbeadh bunadh na Gaeltachta in ann cur futhu sa Ghaeltachta dá mba mhian leo é. Caithfear brú i bhfad níos mó a chur ar na comhairlí contae maidir le cuid de na beartais atá acu ó thaobh tithíocht a sholáthar dóibhsiúd atá ar liostaí na gcomhairlí contae. Na comhairlí contae sin a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram atá i gceist agam anseo. Bhuail mé le fear um Nollaig arb as ceartlár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne dó. Tá sé ar an liosta comhairle contae agus bhíothas ag iarraidh é a chur isteach sa Daingean cé gur mian leis fanacht sa Ghaeltacht agus clann a thógáil ann. Níl sé seo ceart agus dá ndéanfaí go ginearálta chuirfeadh sé dlús le meath na Gaeltachta. Tá a fhios againn go bhfuil na Gaeltachtaí faoi bhrú millteanach maidir leis an dteanga agus an chultúr agus ba cheart go mbeadh beartas i bhfeidhm le cuidiú ó Roinn an Aire Stáit go mbeadh bancanna beaga talún ag gach comhairle contae sna Gaeltachtaí, go mór mór timpeall ar na sráidbhailte i dtreo is go bhféadfaí tithe a chur ar fáil dóibhsiúd ar mian leo fanacht ann.

Ba chóir go gcuirfí in aghaidh go tréan aon bhrú a chuirtear ar mhuintir na Gaeltachta bogadh amach as chun teach a fháil. Tá sé de fhreagracht ar an gcomhairle contae gan cur leis an mbrú seo ar an nGaeltacht ach a mhalairt.

Is eol dúinn go léir gurb áiteanna áille iad Gaeltachtaí na tíre agus tá fonn orainn go léir go gcaomhnófar an áilleacht seo agus gan tithe a thógáil gan meas ar an dtimpeallacht. Ní ceart go dtógfaí tithe aon áit a cheillfí an áilleacht seo ar mhuintir na Gaeltachta nó ar chuairteoirí go dtí an Ghaeltacht. An tslí is fearr chun forbairt chuí a dhéanamh sa Ghaeltacht agus dóthain tithe a chur ar fáil nó forbairt theoranta a cheadú timpeall ar an sráidbhailte atá ann. Ba chóir go mbeadh beartas chuige seo ag na comhairlí contae uilig. Chiallódh sé sin go mbeadh suíomhanna le fáil ar phraghas réasúnta agus go mbeadh tithe á dtógáil ag an gcomhairle contae féin ar phraghas réasúnta.

Dá mbeadh suíomhanna á ndíol le daoine óga, chaithfí a bheith cinnte nach mbeadh aon speiciléireacht i gceist agus rialacha a leagadh síos chuige sin fé mar atá ag tarlú i mBaile Átha Cliath fé láthair fén gcóras leath is leath. Faoin gcóras sin díolann an chomhairle contae as leath an tí, agus an t-áitreabhach as an leath eile agus tá rialacha diana ann fé dhíol na dtithe seo ina dhiaidh, chun speiciléireacht a sheachaint.

Le beartas den tsaghas seo d'fhéadfaí fuinneamh agus sprid nua a chruthú sna sráidbhailte beaga mórthimpeall na Gaeltachta go háirithe in áiteanna mar a bhfuil an daonra ag dul in aois. Dhéanfaí glúin nua a chothú san áit ach teaghlaigh óga a thabhairt chun cónaí ann a bheadh ag labhairt na Gaeilge.

Ní theastaíonn ó éinne go gcaillfí an Ghaeilge ach tá dainséar ann leis an mbrú mór seo. Ní náisiúntóirí sinn sa Pháirtí Sóisialach – táimid oscailte do gach cultúr ar domhan – ach ní mór dúinn cultúir na tíre seo a chaomhnú trí mheas a chothú ar an nGaeilge. Uaidh seo, cothófar meas ar chultúir eile, go háirithe iad siúd atá ag teacht isteach sa tír faoi láthair leis na himircigh.

Is faoin Aire Stáit atá sé níos mó smaoinimh a dhéanamh ar an gceist seo agus beartais níos samhlaíocha a thabhairt ar aghaidh. Ós muid ag caint ar chúrsaí tithíochta, goilleann sé orm nuair a chím iarratais á gcur isteach do scéimeanna móra tithíochta samhraidh, mar shampla, i gCeann Trá agus gur tugadh cead dóibh ag an gcomhairle contae. Ní hé seo an tslí ar aghaidh; milleann na scéimeanna móra an timpeallacht sa Ghaeltacht agus taobh amuigh de. Déanann siad truailliú agus cé go gcaithfear dídean a chur ar fáil do chuairteoirí chun na Gaeltachta, ní hé seo an bealach le dul.

Caithfear níos mó tacaíochta a chur ar fáil do scéimeanna séarachais agus uisce sna sráidbhailte i dtreo is go mbeidh fíoruisce ag gach duine go flúirseach. Tá imní orm faoin gcóras séarachais atá againn faoi láthair agus tá contúirt ann go ndéanfar truailliú ar an dtábla uisce dá bharr.

Nuair a thagann an tAire Stáit ar ais, ba mhaith liom míniú a fháil ar Alt 9 sa Bhille. Cad a chiallaíonn "d'ainneoin aon ní in Acht na dTithe Gaeltachta (Leasú) 2000, féadfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus de réir aon rialacháin faoin alt seo, scéimeanna a dhéanamh chun deontais nó cúnamh airgeadais eile a sholáthar do dhuine faoi chóir an chostas a ghabhann le teach cónaithe sa Ghaeltacht a thógáil nó a fheabhsú i gcás gur deimhin leis an Aire nach rachaidh áitiú an tí chónaithe sin chun aimhleas úsáid na Gaeilge sa limistéar Gaeltachta sin."

Caithfear é sin a mhíniú mar de réir mar a thuigimse an chabhair airgeadais agus mar sin de atá á tabhairt, tugtar ar choinníoll go mbeidh caighdeán áirithe ann.

Beidh mé ag fanacht le freagra an Rialtais ag deireadh na díospóireachta seo agus tá súil agam go nglacfaidh siad le cuid de na pointí a rinneadh agus go dtiocfaidh siad ar ais le Bille níos leithne a fhreastalaíonn níos fearr ar na fadhbanna atáimid ag iarraidh a shárú sa Ghaeltacht.

Fáiltím roimh an mBille gearr seo. Tá tábhacht ag baint leis ó thaobh na dlí de – bhí sé ag teastáil toisc gur éirigh le cás a tugadh os comhair cúirte cúpla bliain ó shin. É sin ráite, má chabhraíonn sé le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht ba chóir dúinn uilig fáiltiú roimhe.

Bhí suim agam in abairt amháin a fheictear i gcúpla áit, sé sin, le toil an Roinn Airgeadais. Is cuimhin liom an abairt sin mar bhí meon áirithe ag an Roinn Airgeadais i gcónaí i leith na Gaeltacha. Nuair a bhí mé féin mar Aire Gaeltachta bhí daoine sa Roinn sin a cheap go mba chóir dom féin íoc as an méid a caitheadh ar bhunú Theilifís na Gaeilge agus mar sin de.

Ba mhaith liom soiléiriú ar chúpla ní sa Bhille seo a fháil ón Aire Stáit. Le bheith ionraic, tuigim go bhfuil suim as an ngnáthach ag an Aire Stáit i gcúrsaí Gaeltachta agus fáiltím roimhe sin. Tá práinn ag baint le cúrsaí tithíochta faoi láthair mar tá an-chuid daoine tar éis teacht ar ais ón iasacht. Sa bhliain 1955, d'imigh 55,000 duine as an tír seo agus an chuid is mó acu ón iarthar agus ó na Gaeltachtaí. Ba mhaith le an-chuid daoine atá i Sasana faoi láthair teacht ar ais ach níl an seans acu toisc nach bhfuil siad in ann teach a thógáil.

Deacracht atá agam leis an mBille ná nach bhfuil go leor tithíocht phoiblí á cur ar fáil. Nuair a smaoiním siar ar nuair a thosaigh mé féin sa pholaitíocht i gcathair na Gaillimhe agus i nGaillimh Thiar, chuir sé ionadh orm i gcónaí a laghad tithe a chuir an chomhairle contae ar fáil sa limistéar Gaeltachta. Bhí an deacracht chéanna acu i gContae Dhún na nGall agus i gCiarraí.

Ceann de na deacrachtaí a bhain leis sin ná go raibh ar an duine féin an suíomh a chur ar fáil. Tá a lán daoine ann nach féidir leo suíomh a cheannach agus tá brú uafásach ó chathair na Gaillimhe amach go dtí an Ghaeltacht, agus tá praghas na suíomhanna imithe suas dá réir. Cúpla lá ó shin nuair a bhí príomhoifigeach Údarás na Gaeltachta ag tabhairt tuarascáil bhliantúil uaidh, luaigh sé a dheacra is atá sé daoine a mhealladh chun dul ag obair sa Ghaeltacht. Tá sé deacair tithe a fháil ar cíos, fiú, agus is fadhb phráinneach í.

D'éist mé leis an méid a dúirt an cainteoir a chuaigh romham faoina dhearcadh féin, go mba chóir leas a bhaint as an mbunstruchtúr atá ann cheana féin sna sráidbhailte chun tithe agus seirbhísí a chur iontu agus go gcuirfeadh sé le saol sóisialta na mbailte leis. Tá deacracht agam maidir leis an rud go léir a bhunú ar shuíomh príomháideach.

Is maith liom an solúbthacht a fheicim sa Bhille. Le déanaí bhí mé ag plé le cás i nGaeltacht na Gaillimhe – bean a bhfuair a fear céile bás agus gan é ach dhá scór. Bhí sise ag tabhairt aire do mháthair a céile agus bhí ceathrar clainne uirthi agus ní féidir lei aon airgead a fháil chun an teach a fheabhsú toisc go mbaineann an teach le máthair a céile. Agus toisc nach bhfuil an mháthair sin ina cónaí lei féin ní féidir lei cabhair a fháil ó Bhord Sláinte an Iarthair. Dá gcuirfeadh an seanbhean an clann amach ar an mbóthar bheadh cead aici cabhair a lorg ón mbord sláinte. Ach mar atá rudaí níl aon chabhair dóibh.

An bhfuil an bhean seo sa Ghaeltacht?

Tá. Tabharfaidh mé fíricí an cháis don Aire Stáit. An deacracht a bhí ann ná nárbh í an bhean úinéir an tí agus toisc nach raibh an tseanbhean ina haonar, ní raibh aon chabhair ag dul di. Fuair mé litir ón Western Health Board a dúirt i gcló mór – The regulations cannot be changed. Unless this woman is living on her own she cannot be assisted. So tá an bhean ann agus an tseanbhean agus an ceathrar clainne agus an teach tais mórthimpeall orthu agus níl aon duine ag teacht i gcabhair orthu.

An fáth a luaigh mé sin, ní chun mileán a chur ar an Aire Stáit ach le taispeáint cé chomh tábhachtach is atá sé a bheith solúbtha i leith na scéimeanna éagsúla. Baineann an tAcht seo leis na scéimeanna a tháinig ar an saol ó na fichidí go dtí inniu agus bhí cúis dlithiúil leis na leasuithe seo.

Aon duine atá ag iarraidh rud ar bith a dhéanamh maidir le cúrsaí tithíochta nó sláinte i nGaillimh caithfidh siad déileáil le heagrais Stáit agus fo-eagrais Stáit i gcathair na Gaillimhe agus is minic nach mbíonn Gaeilge ag oifigigh na n-eagras áirithe sin. Beidh fáilte roimh Bhille na Gaeilge nuair a thiocfaidh sé ar an saol.

Tá ar a laghad trí chás ar eolas agam faoi lanúin a raibh Gaeilge ag duine amháin acu agus go bhfuair duine amháin bás agus gur fágadh an duine a bhí gan Gaeilge sa teach, b'fhéidir teach le ceann tuí. An mbeadh duine i gcás mar sin i dteideal deontas feabhsúcháin don teach sin? Nó an gcuirfear ceist orthu maidir lena gcumas Gaeilge? Tá daoine i gcásanna mar sin atá ina gcónaí sa teach céanna le fada agus de bharr an damáiste a dhéanann stoirmeacha ba chóir go mbeadh an scéim solúbtha chuige seo ionas gur féidir teacht i gcabhair ar dhaoine mar iad.

Tá dearcadh constaiciúil ag an Roinn Airgeadais maidir le hairgead a chaitheamh ar na hoileáin agus ar an nGaeltacht. Bhí an deacracht sin agam leo. Failtím roimh na forálacha speisialta do mhuintir na n-oileán mar is léir go bhfuil costais bhreise ar mhuintir na n-oileán i ndáil le hiompar agus tógáil. Ní bheadh aon deacracht agam féin le haon chabhair speisialta a thabharfaí do mhuintir na n-oileán.

Tá mé den tuairim le fada gurbh fhearr cúram thithíocht na Gaeltachta a chur faoin údarás agus go ndéanfaí údarás réigiúnach de agus go n-aistreofaí cuid de chúraimí na comhairle contae chuige. Tá deacracht ann sa mhéid is go bhfuil sé de nós ag bainisteoirí contae gach cumhacht agus cúram atá acu a chosaint agus a choinneáil dóibh féin. Bheadh córas réigiúnach i bhfad níos fearr ionas go mbeadh an dualgas tithíochta ar an ndream céanna ar a bhfuil dualgas maidir le fostaíocht a chruthú. B'fhéidir go mbeadh sé i bhfad níos éasca déileáil leis an bhfadhb seo ó thaobh na Gaeilge de dá mbeadh an t-athrú sin i gcríoch.

An riail sin a chosc ar dhaoine cur isteach ar dheontas tithíochta muna raibh siad ina gcónaí sa Ghaeltacht fad a bhí an teach á thógáil, ní raibh aon chiall ag baint leis sin. Tá an t-athrú níos fearr.

Ba mhaith liom go ndéanfaí an chabhair seo a dhíriú ar na riachtanais is mó. Nuair a bhí mé féin ag plé le deontas na bhfuinneoga, dúradh nár ghá gach fuinneog a tógadh amach a thógáil amach agus b'fhéidir go raibh cuid den seanábhar a bhí iontu níos fearr ná an t-ábhar a bhí sna cinn nua. Ach tá tábhacht ar leith ag baint le teach maith. Sa teach inar tógadh mé, bhí deacrachtaí leis an díon agus is cuimhin liom na deacrachtaí breise a chruthaigh sé seo don chlann. Níl sé ceart faoin reachtaíocht seo an fhadhb ghinearálta a phlé ach caithfear rud éigin a dhéanamh. Seo é an chéad uair a dúirt Bardas na Gaillimhe, ó tháinig mé féin go Gaillimh i 1960, nach féidir leo aon tairis cint tí a dhéanamh go dtí go mbíonn an duine cúig bliana ar an liosta. Tá riachtanais tithíochta ag dul i méid agus tá an t-éileamh ar thithe príomháideacha imithe ó smacht chomh maith.

Léiríonn an fhadhb seo nach bhfuil méadú mór tagtha ar chostais thógála nó ar phá agus is é costas an tsuímh atá imithe ó smacht. Sin an fáth go bhfui gá le bancanna talún ag údaráis áitiúla agus bheadh sé níos fearr ó thaobh pleanála de an bunstruchtúr a neartú sna sráidbhailte. Is dóigh liom go mbeadh an tAire Stáit sásta glacadh leis an gcóras seo, níos fearr ná mórán daoine eile.

Tá deacrachtaí ag seandaoine na Gaeltachta leis an maorlathas a bhíonn i gceist le hiarratais chuig an comhairle contae, an bord sláinte agus an Roinn agus is minic a bhíonn seandaoine ag plé leo seo uilig. Tá a lán páipéirí i gceist ansin. Más féidir é sin a ghearradh beidh fáilte agam roimhe sin. Ó thaobh an 14 rannóg atá sa reachtaíocht féin, tá an tAire Stáit ag glacadh cumhachtaí nach raibh ar fáil sa bhun reachtaíocht. Tá gá leis sin agus ó thaobh na reachtaíochta a bhí ann roimh 1956 agus chun é a chur i gcomhréir leis an reachtaíocht a tháinig faoi Acht 1956 bhí sé ag teastáil go mbeadh an reachtaíocht seo ann agus is maith an rud é sin. B'fhéidir go bhfuil sé ag éalú ó dheachrachtaí sa pháirtí tríd an solúbthacht a úsáideann an reachtaíocht i dtéarmaí sa Bhille.

Tá sé contúirteach an líne sin "le toil an Roinn Airgeadais" a úsáid. Má tá an t-airgead ann, agus a lán de mar atá faoi láthair, b'fhéidir go bhfuil sé níos éasca. Is íontach mar a chúilíonn an Roinn Airgeadais ó aon dualgas atá orthu i leith na Gaeilge agus ó thaobh an chultúir Gaeltachta de. Caithfidh tú a choimead i gcuimhne i gcónaí go raibh an Roinn Airgeadais, nuair a bunaíodh an Stát seo, i gcoinne aibhléise. Cheap siad nach n-oibreodh sé amach. Bhí siad i gcoinne beagnach gach cinneadh éabhlóideach, go háirithe i gcás an chultúir de, a thabharfadh muintir na tíre seo isteach sa nua aois. Guím rath ar an Aire má tá sé sásta plé leo.

An rud atá tábhachtach i ndeireadh na dála ná go mbeadh comhluadar ceart sna Gaeltachtaí in a mbeadh daoine aosta is daoine óga is daoine meánaoise measctha le chéile agus go mbeadh sé nádúrtha. Tá contúirt an-mhór má tá tú ag braith go hiomlán ar an teach príobháideach. Níl na suíomhanna ann; tá siad an-chostasach agus tá deacrachtaí ann ó thaobh cúrsaí pleanála de. Más féidir scéimeanna a chur le chéile a chuirfeadh leis an mbunstruchtúr ó thaobh sráidbhailte a bheith ann bheadh sé go mór chun tairbhe na Gaeltachta.

Is cuimhin liom daoine ag cur ceisteanna faoi chén fáth go mbeadh Aire na Gaeltachta ag plé le cúrsaí tithíochta agus ag rá gur chóir go mbainfeadh sin leis an Roinn Comhshaoil. An freagra ar sin ná nuair a bhain sé leis an Roinn Comhshaoil agus mura bhain sé leis na comhairlí chontae cén sampla a bhí ann go raibh siad i ndáiríre maidir le haon rud fiúntach a dhéanamh i leith cúrsaí tithíochta? Níl na scéimeanna poiblí sa Ghaeltacht ach bhí sé éasca dóibh toisc go raibh an méid sin daoine imithe as na sráidbhailte ar fud na nGaeltachtaí.

Dá bharr sin go ginearálta fáiltím roimh an reachtaíocht seo. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann é a leathnú amach agus nuair a bheidh sé curtha i gcríoch go mbeidh muintir na Gaeltachta níos fearr as. Ní bheidh aon deacracht acu leis an Roinn féin ach leis na húdaráis eile Stáit.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá maidir leis an mBille seo agus an deis seo a ghlacadh mo thuairimí féin a chur in iúl don Aire Stáit.

The old legislation had a two-fold purpose, first, to establish better quality housing in Gaeltacht areas and, second, chun an teanga a cur chun cinn so that Irish is not lost in Gaeltacht areas. It was successful to a degree but it did not succeed to a large extent. It is significant that, as in so many other cases, western areas do not do as well as other areas in terms of housing and investment. One has only to look at the list of sub-standard schools to see how many of them are in western and Gaeltacht areas. Attention must be paid to this issue.

In the past because my constituency of Clare was covered under the old Gaeltacht legislation people in certain areas were entitled to claim grants. However, this was not widely known and the restrictions were so tight that it was tantamount to a refusal to give a grant. Many of those who went to the bother of making an application under the Gaeltacht grants for housing found that it was almost impossible to qualify because the requirements were so stringent. For example, one had to be replacing sub-standard housing and Irish had to spoken by everyone in the household. The legislation was so restrictive that very few people, if any, qualified. I spoke with the Aire Stáit when this legislation was introduced as I believed it contained provisions to take away some of the entitlements for my constituency. If there had been greater awareness that funding was available under the Gaeltacht grants for housing more people would have availed of the scheme.

This would also have played a part in the preservation of Irish in west Clare. The use of the language has declined substantially in areas such as Kilbaha which was a well established native Irish speaking area. The last native Irish speakers in Ballyvaughan and Kilbaha only died in the past few years. In one of the most remote areas where Irish was spoken there was little prospect of improving the standard of housing or maintaining Irish because of a lack of the necessary incentives. Instead of excluding areas where Irish is still spoken but not to the level it was 30 or 40 years ago it could have been possible to adjust the scheme so that people in these areas could qualify for a Gaeltacht grant to improve existing houses or build new ones.

A greater number of young people now speak Irish. I am not sure if the Gaeltacht grant scheme was intended to promote the language; I think it was intended to promote better housing in Gaeltacht areas. I ask the Minister to consider reintroducing the old incentive and to make it easier for people to qualify for grants for new housing or to improve old housing. There is a sizeable number of inferior quality houses in western areas. In my constituency, particularly along the western seaboard, there are still a number of poor quality houses where elderly people live alone. The provision of grant-aid for people who speak Irish would be beneficial from the point of view of developing the language and improving the quality of housing. If it is proposed to exclude those areas which qualified for a grant but did not benefit from it then it would be useful to look at the introduction of an alternative scheme to encourage the use of Irish and improve housing, particularly along the western seaboard.

Fáiltím roimh an Bille seo.

I represent the Kerry Gaeltacht, one of the most beautiful areas in Ireland, and I am acutely aware of the difficulties that people living there face with regard to the provision of housing. Housing in the Dingle peninsula, in particular, has become so expensive that it is beyond the reach of most young people.

I am surprised the Minister has not provided a major financial incentive to attract more young people to Gaeltacht areas. Many young people move away from the Gaeltacht because they cannot afford a house as a result of the financial burden that would be placed on them if they built there. I welcome the proposal in the Bill whereby applicants for new house grants do not need to live in the Gaeltacht while their house is being constructed. That proved difficult in the past, especially for those who were building in an area where rented accommodation was not readily available and when it was, for example, in Dingle, it was expensive. Hopefully, that provision will help many young people who are trying to build their homes in the Gaeltacht.

The Minister of State proposes a 200% increase in the grant payable for once-off works on offshore islands in section 8. A large proportion of the population in the Gaeltacht I represent is dependent on the fishing industry to support their livelihoods and the industry is very dependent and reliant on the weather. Last year, for example, fishermen with small operations did not go to sea very often. The number of days they fished last year was small. The 200% increase in grant-aid should also be applied to them because they are finding it very difficult to eke out a living. The Minister of State is smiling but the land is mountainous.

The small farmers of Connemara would qualify 100% under those criteria.

I have no problem with that but the same criteria should be applied to fishermen because they are trying to survive and there is a large number of them. When one visits Dingle one gets the impression that everything is wonderful but when one travels further into the peninsula one meets people who are living on the breadline and are unable to build on their land because of planning regulations and coastal protection regulations. The Minister of State should examine this issue and apply the same criteria to small farmers and fishermen.

The Deputy is missing the point.

The fishing industry is dying and sheep farming, which is labour intensive, is the main form of farming in the area. Young people will not stay in the industries unless they have some incentive.

I am concerned about section 11 which relates to loans. I have been dealing with a number of people who have such loans in my own Gaeltacht area. Many of them have the loans for many years and owe more today than when they took them out.

They were not repaying them.

Will the Minister of State address that in the Bill? Some people had been dealt with by the Department over the past number of years and they were able to repay their loans. What interest rates are being charged on the loans? How many people have taken out loans under the scheme? How many are having difficulty repaying their loans, particularly in Kerry? What is the average term of the loans?

People are having difficulties because of the interest they are being charged on the loans and they might be better off shopping around for cheaper loans. This issue was dealt with by my local authority. Kerry County Council provided loans to some people probably because other institutions would not deal with them. It is not in their interest to continue these loans and perhaps the Minister of State will comment on that when he replies. A number of constituents have discussed the issue with me and if there is a provision to address it in the Bill I welcome it.

I welcome the proposals in the legislation, particularly the seven year rule in section 9. It will enable the elderly to provide heating for themselves and will benefit those who provide accommodation for summer students. Any extra funding for the people to whom I referred earlier is very welcome. The difficulty with any Gaeltacht community in rural Ireland is that they are beautiful and there is a great deal of pressure on local authorities because of the number of planning applications. Kerry County Council is finding it very difficult.

We are trying to deal with people from the Gaeltacht and they should be given every incentive to live there as should people who have an interest in the Irish language and who wish to live there. They would make an excellent contribution to fostering the language. It is wonderful to see young people visiting Dingle every year in their hundreds to learn Irish and it is a popular activity. However, visitors are only one thing as people must live in the area. I welcome the Bill.

Ba mhaith liom an-bhuíochas a ghlacadh leis na Teachtaí a ghlac páirt sa díospóireacht, agus i gcás phríomhPháirtí an Fhreasúra b'fhéidir nach é seo an lá is éasca dóibh a bheith sa Dáil. Ach ba é a n chéad Teachta a labhair ná an Teachta Mac Fhionnlaoich, fear a bhfuil an-tuiscint aige ar chúrsaí Gaeltachta.

Comhartha é an Bille seo go bhfuil i gceist ag an Rialtas seo leanacht leis na scéimeanna speisialta Gaeltachta a bhí ann le fada agus a raibh contúirt ann le blianta go gcuirfí deireadh leo. Níorbh fhiú reachtaíocht a thabhairt isteach muna raibh i gceist ach rudaí a choimeád gan iad a threisiú. Ní drochrud é a chur ar thaifead na Dála na rudaí éagsúla atá déanta maidir le tithíocht ghaeltachta ó tháinig an Rialtas seo i gcumhacht. Méadaíodh an deontas do thithe nua ar an hoileáin ó £5,000 go £12,000 ón mbliain 1998. Tugadh an deontas ceann tuí isteach i 1990 ach bhí amhras ann an raibh sé clúdaithe go hiomlán ó thaobh reachtaíochta de. Socraíodh é a chur sa reachtaíocht seo agus i mí na Bealtaine 1999 méadaíodh an deontas do cheann tuí ó £2,700 go £5,500. Cuireadh an cheist an raibh sé seo níos mó ná an deontas taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá agus níl aon idirdhealú ann; tá sé le fáil ag chuile dhuine. Ní mórán tithe ceann tuí atá ann. Níl costas mór ag baint leis an scéim sin ach is scéim fíorthábhachtach í mar go gcaithfear na tithe ceann tuí atá ann a chaomhnú.

Maidir le feabhsúcháin riachtanacha, is maith an rud don tír é stoc maith tithe a bheith ann agus go gcoimeádfaí tithe i ndea-chaoi. Tá go leor daoine ina gcónaí i dtithe sa Ghaeltacht atá ar ioncam beag nach mbionn in acmhainn gan cúnamh dea-chaoi a choinneáil ar thithe. Lobhann na fuinneoga, bíonn fadhbanna ann leis an díon agus bíonn go leor rudaí le déanamh. Sin an fáth gur mhéadaigh mé na deontais go £4,000 ó £2,300 agus iad ceangailte ar aon leibhéal leis an deontas do theach nua. Ar na hoileáin ciallóidh sé sin gur féidir deontas a fháil le caoi a chur ar theach suas le £12,000. Tiocfaidh mé ar ais ar ball go dtí an cheist a d'ardaigh an Teachta Moynihan-Cronin maidir leis an bhfáth leis an ndeontas breise agus an fáth nach bhfuil sé ar fáil do dhaoine ar ioncam íseal ar an mórthír.

Maidir le soláthar uisce, tá sé méadaithe ón 24 Deireadh Fómhair 2000 go £1,900 do chóras uisce i dteach nach bhfuil ceangailte le scéim uisce. Maidir le cúrsaí séarachais agus uisce atá ceangailte, méadaíodh an deontas i gcás séarachais ó £500 go £800 agus i gcás uisce agus séarachais maidir le saoráidí sláintíochta, méadaíodh é ó £170 go £500. Tá méadú ann do sheomra folctha ó £800 go £1,200 ó Dheireadh Fómhair na bliana seo caite.

Tá méadú ann do chuairteoirí, rud atá tábhachtach do na coláistí Gaeilge, maidir le seomraí breise a thógáil i dteach. Bhí £270 in aghaidh an tseomra i gceist ach anois tá £1,000 ann in aghaidh an tseomra. Déarfaidh daoine liom, cad is fiú £3,000 má tá tú ag cur trí sheomra ar theach agus i gcásanna mar sin is minic a gcuireann daoine caoi ar an dteach freisin nuair a bhíonn seomraí á dtógáil agus tá siad i dteideal deontas do fheabhsúcháin riachtanacha a fháil. Chiallódh sé sin go bhféadfaí deontas de suas le £7,000 a fháil chun caoi a chur ar theach agus seomraí a chur leis ag an am gcéanna.

Ceann de na rudaí is mó a bhfuil éileamh air sa Roinn agus a bhfuil tacaíocht ann dó ón bpobal ná an cinneadh a rinneadh a cuireadh i bhfeidhm ar an 7 Iúil 2000 go n-áireofaí cur isteach teas lárnach nó feachsúcháin ar choras teas lárnaigh mar fheabhsú riachtanach. Roimhe sin, is minic gurb é an rud is mór a thabharfaí deara ag tabhairt cuairte ar thithe sheandaoine ná an fhuacht, an tais agus an t-easpa teasa. Go leor acu, ní raibh siad in ann níos mó a bheith ag plé le cúrsaí móna agus ní raibh siad in ann teas lárnach a fháil trí dheontas ón mbord sláinte. Is léir ó na figiúirí atá againn gurb in an réimse is mó méadú iarratas ó tháinig an riail sin isteach. Tá an teas á chur isteach ar chostas an-bheag. Níl rud níos measa ná go mbeadh fuacht ar dhuine a bhí sa teach b'fhéidir an lá uilig agus iad amach go maith sna blianta.

Bhí fadhb ann go raibh cuid de na daoine seo tar éis deontas beag a fháil a chuirfeadh as go ceann seacht mbliana iad ach athraíodh an riail sin anuraidh agus uaidh sin amach má fuair tú deontas ar fhuinneoga d'fhéadfá fuílleach an deontais a fháil leis an teas lárnach a chur isteach.

D'athraíomar i 1999 an riail maidir le slándáil tine. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh daoine agus tithe sábháilte. Ní bhaineann riail na seacht mbliana le slándáil tine ó 1999.

Bhí mé i gcónaí idir dhá chomhairle faoin bpolasaí seo ag an Roinn. Bhí go leor contúirt tine ann fadó le tithe ceann tuí agus an riail a bhí ann ná dá bhfaighfeá teach nua go gcaithfí an seanteach a leagan. Ar bhealach is é an trua é. Bhíodh faitíos ar na húdaráis nach dtiocfadh daoine isteach sa teach nua agus go bhfanfadh siad sa seanteach nach raibh sábháilte agus go m'fhéidir go ligfidís an teach nua ar cíos. Ag an am céanna, tithe áille ab ea cuid de na seantithe seo agus ba mhór an áis iad. Ar an ábhar sin rinneadh maolú ar an riail sin anuraidh. Teach ar bith a daoradh roimh 1980 agus nár leagadh ó shin is féidir an deontas a fháil anois le caoi a chur air, fiú má tá teach ag an duine. Tá súil agam go mbeidh go leor daoine sa Ghaeltacht ag cur isteach ar an deontas seo agus go gcuirfear caoi ar na tithe seo, bíodh siad in úsáid ag duine den chlann le maireachtáil ann nó le ligean le cúpla punt a shaothrú ó thurasóirí.

Bhí an Teachta M. Higgins ag caint faoi na scéimeanna móra do thithe saoire. Cé nach tag aim go hiomlán leis an Teachta is trua gur mar sin atá rudaí ag dul. B'fhearr i bhfad dá mbeadh teach anseo agus ansiúd á ligean le turasóirí agus iad in úinéireacht mhuintir na háite agus ioncam breise á fháil uatha le cur leis an bhfeirmeoireacht nó an iascaireacht a raibh an Teachta Moynihan-Cronin ag caint air. Go sóisialta tá sé sin i bhfad níos inghlactha agus athraíodh an riail i ngeall ar sin.

D'iarr an Teachta McGinley cén fáth nár ardaíodh an deontas do theach nua. Tá míniú an-éasca ar sin. Tá sé ceangailte roinnt mhaith le deontas na Roinne Comhshaoil agus bheadh sé deacair méadú a chur ar sin mura dtiocfadh méadú mar a chéile ar an deontas ón Roinn sin. Ba mhaith liom béim a chur ar cheist na gconraitheoirí agus ceist chostas na dtithe. Faoi láthair i mo Roinn féin, caithfidh gur conraitheoir cláraithe a dhéanann an obair de £5,000 de luach an tí agus go gcaithfidh £10,000 de dheimhniúcháin VAT a bheith ar fáil agus ina dhiaidh tá an duine ar a chonlán féin. Níl aon chosc ar dhuine dul ag obair ag tógáil a thí féin, rud atá an-tairbheach. Má tá meánchostas de £50,000 ag baint le teach a thógáil gan suíomh san áireamh, más féidir leis an duine cuid den obair sin a dhéanamh, rud a bhí coitianta san áit a bhfuil cónaí ormsa, sábháiltear an-chuid airgid. Ní foláir pluiméir agus leictreoir cáilithe a fháil ach is féidir leis an duine féin an-chuid den sclábhaíocht a dhéanamh. De bharr go bhfuil na costais chánach íseal, níl aon chosc ar dhaoine a gcuid oibre féin a dhéanamh ach go gcaithfidh conraitheoir cláraithe riar áirithe den obair a dhéanamh. Rud fíorshláintiúil agus dearfach é seo agus is minic go mbíodh na tithe a tógadh ar an gcaoi seo ar chaighdeán níos airde ná an teach a thóg conraitheoir.

Tógadh ceist faoi na shailéanna saoire agus tá deireadh á chur leis an deontas seo. Má tá shailí saoire ann agus gur mhaith le duine caoi a chur air agus teach a dhéanamh de, is féidir an deontas feabhsúcháin a lorg, ach ní bheidh cead pleanála ar fáil a thuilleadh chun shailé saoire a thógáil as an nua. Cuirfidh sé ciall agus réasún leis na scéimeanna. Idir 1997 agus 2,000 shailé amháin a ceadaíodh agus bhí sé sin i gContae na Gaillimhe. Níl éileamh ar an scéim agus ar mhaithe le simplíocht is fearr é a thógáil amach.

Chuir an Teachta O'Shea béim i dtosach báire ar rud a bhí an-ghar do mo chroíse. ls é sin an riail go gcaithfeadh duine a bheith ina chónaí sa Ghaeltacht chun teach a thógáil. Tógfaidh mé cúpla sampla faoi chásanna a tharla. Duine a bhí in árasán i nDún Gharbháin a bhí ag tógáil tí sa Rinn agus chuir sé an seoladh uimhir a trí, Bóthar Ard, Dún Gharbháin isteach. Bhí sé curtha as an deontas ar an bpoinnte. De réir na reachtaíochta ní raibh aon neart ag na stát seirbhísigh ar an bhfadhb sin. Sin mar a bhí sé leagtha síos. Tharla sé sin go mór mhór ar imeall na nGaeltachtaí mbeaga.

Rud eile a bhí an-choitianta ná daoine i Meiriceá – rud a tharla go minic i mo dháilcheantar féin – nó i Sasana, a bhí ag teacht abhaile ag iarraidh teach a thógáil agus togha na Gaeilge acu, Gaeilge á labhairt acu thar lear. Má chuir siad an chéad iarratas isteach leis an seoladh ceart stráinséara bhí siad curtha as an deontas.

Tá áthas orm go bhfuil deis agam deireadh a chur leis sin ach ba mhaith liom fainic nó soiléiriú a dhéanamh ar an scéal. Séard atá á rá againn ná gur chuma cén áit a bhfuil cónaí ort nuair a chuireann tú isteach ar an deontas. Ach caithfidh mé béim a chur ar seo agus a bheith oscailte, cruinn agus cothrom faoi , ní íocfar an deontas go dtí go mbeidh an Roinn sásta gurb í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh agus, freisin, go bhfuil buan chónaí sa teach.

Mar sin, má tá Gaeilgeoirí ar fud na tíre ag ceapadh, agus Gaeilge mar theanga baile acu, gur féidir leo teach saoire a thógáil sa Ghaeltacht agus deontas Gaeltachta a fháil in a aghaidh, ní féidir leo muna n-athróidh siad go buan ón áit a bhfuil cónaí orthu go dtí an teach sa Ghaeltacht.

Ba mhaith liom go mbeadh sé sin soiléir mar níor mhaith liom éinne a chur amú ó thaobh na ceiste sin. Séard a bhí i gceist ná go gceadófaí an deontas agus go n-íocfaí é nuair a athródh an duine an seoladh buan go dtí an teach sa Ghaeltacht.

Tógadh ceisteanna faoi chúrsaí teanga agus na rialacha teanga. Tá áthas orm go bhfuil an Teachta McGinley ag teacht ar ais mar thóg seisean an cheist seo. Is ceist acrannach í agus níl aon amhras faoi sin. Déanfaidh mé mo ghnó nuair a thógann Teachtaí ceisteanna suas liom, breathnú ar na códanna mé féin go minic a bhí le scrúdú. Seo mar atá an scéal. Is dóigh liom gur féidir linn na haicmí a bhriseadh i ndhá aicme. An chéad aicme ná an lanún nó an cúpla a bhfuil Gaeilge ag duine amháin ach gan aon Ghaeilge ag an duine eile agus gan aon ghasúr acu. Sa chás sin, is é a bheadh súil leis ná go mbeadh Gaeilge ag an mbeirt mar cén chaoi a d'fhéadfadh an Ghaeilge a bheith mar theanga ag an teaghlach muna mbeadh Gaeilge ag an mbeirt chun labhairt le chéile? Sa chás, nuair a dhéanfar scrúdú, nach gceaptar go bhfuil an Ghaeilge ar chaighdeán sách ard le go gceadófaí an deontas séard a dhéanfar anois ná a rá go dtabharfar sé mhí nó bliain fiú, an t-am a theastódh ón duine féin, agus go dtiocfar ar ais faoin am sin agus an scrúdú a dhéanamh arís. Má táthar sásta go bhfuil iarracht fónta déanta agus go bhfuil an Ghaeilge á úsáid mar theanga an teaghlaigh, ceadófar an deontas. Tá mé ag caint anois faoi lánún sa teach gan aon ghasúr.

Sa chás gur teach nua é agus nach féidir an deontas a cheadú ag an bpoinnte sin, is féidir leo cur isteach ar dheontas an Roinn Comhshaoil. Níl aon neart agamsa ar rialacha an Roinn Comhshaoil má tá acra cearnach i gceist agus muna bhfuil an teach sa Ghaeltacht. Má shealbhaíonn siad an Ghaeilge mar theanga an teaghlaigh in a dhiaidh sin is féidir leo cur isteach ar an deontas spreagtha £800 agus mar sin ní bheidh de chaillteanas ann ach £200.

Céard a tharlaíonn i gcás teaghlaigh – agus sílim go bhfuil sé seo fíor-thábhachtach? Éinne a líon foirm riamh le haghaidh deontais do thithe Gaeltachta, chonaic sé go raibh dhá chuid leis an bhfoirm. Bhí an gnáth fhoirm agus ansin bhí an dara cuid agus cuireadh tuairisc maidir le cur isteach scéim labhairt na Gaeilge.

Sé an chaoi a bhfuil sé liomsa ná gurb é an rud is tábhachtaí ó thaobh scéimeanna sa Ghaeltacht agus polasaithe i leith na Gaeltachta anois ná go ndéanfaimís an Ghaeilge a thógaint ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Mar a deir siad sa mBearla, the intergenerational factor, the intergenerational transmission of the language. Sin an rud a bhfuil an béim ar fad agamsa air mar Aire.

Sa chás a bhfuil teaghlach ann, go bhfuil gasúir sa teaghlach sin, go dtarlaíonn sé nach bhfuil Gaeilge ag duine amháin de na tuismitheoirí ach go sealbhaíonn na gasúir an Ghaeilge ón tuismitheoir a bhfuil Gaeilge aige nó aici agus mar sin go bhfuil siad cáilithe le haghaidh scéim labhairt na Gaeilge, de réir mar a thuigim é íoctar an deontas i gcónaí sa chás sin. An cheist atá ann ná an bhfuil an teaghlach ag tabhairt an teanga don chéad ghlúin eile. Níl aon mhaith do dhaoine le togha na Gaeilge teacht chugamsa nó do dhaoine eile ag rá go bhfuil fíor ghrá acu don teanga, a rá nach bhfuil Gaeilge ag bean a' tí nó ag fear a' tí ach go bhfuil sí acu féin, agus go bhfuil fíor ghrá acu don teanga, ach nach gcuirfeadh siad an dua orthu féin an teanga a thabhairt don chéad ghlúin eile.

Ba mhaith liom a dhéanamh soiléir in ainneoin rudaí a deirtear, agus tá sé fíor spéisiúil cuid de na códanna seo a léamh, má tá an Ghaeilge á sealbhú go sásúil ag na gasúir, má dhéantar iarracht an Ghaeilge a labhairt leis na gasúir, íoctar an deontas faoi scéim labhairt na Gaeilge sa chás sin. Muna bhfuil sí ag na gasúir agus muna bhfuil sí ach ag duine amháin sa teach agus muna bhfuil aon iarracht á dhéanamh an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile bheadh sé deacair faoi théarmaí na scéime a rá cén fáth go bhfaigheadh duine deontas Gaeltachta sa chás sin agus cén fáth nach bhfaigheadh duine taobh amuigh den Ghaeltacht an deontas céanna.

Cuireadh go leor ceisteanna a ardaíonn ceisteanna i bhfad níos leithne maidir le teorannacha na Gaeltachta, todhchaí na Gaeltachta agus go leor rudaí eile nach é.

Is cineál seafóid gur lean an rud seo ar aghaidh chomh fada leis seo. Chuir sé íontas orm nach raibh sé de spunk ag Airí a chuaigh romham deileáil leis an cheist seo uair amháin nó uair amháin eile. Sé an chaoi a raibh cúrsaí ná seo, ná go raibh deontais áirithe a tharla gur tugadh isteach iad roimh 1956 agus i ngeall ar sin go bhféadfaí cur isteach ar na deontais sin. Mar shampla, ní raibh an deontas do theach nua, de réir mar a thuigim, i gceist an uair sin. Bhí deontas le haghaidh tí nua má bhí sean teach suarach agat ach ní fhéadfá deontas a fháil le teach a thógáil do chlann nua. Bhain sé sin le réimeas post 1956 agus bhí an deontas maidir le sean teach suarach i bhfeidhm roimh 1956.

Seo í an cheist. Dá mbeadh tú ag iarraidh a bheith réasúnta, loighchiúil agus ciallmhar faoi seo chaithfeá a rá má bhí duine sa Chreagán nó i gContae an Chláir nó in aon áit eile i dteidil deontas le haghaidh sean teach suarach a dhéanamh ina theach nua cén fáth nach raibh siad i dteidil réimse iomlán deontas na Gaeltachta? Sin ceist. Chaithfeá dul ceann den dá bhealach. Níl aon chiall a rá má tharla go raibh an rud ann roimh 1956 go raibh cineál áirithe deontais ann ach nach raibh an cineál eile deontais ann mar gur tugadh isteach roimh 1956 é agus go bhfágfaimis an status quo sin ann. Níl aon chiall leis an seasamh sin.

Fine Gael a thóg isteach Acht 1956 mar más buan mo chuimhne iad a bhí i gcumhacht ag an am sin.

Fear iomráiteach a thóg isteach é.

Fear thar a bheith iomráiteach a chuir isteach go leor breac-Ghaeltachtaí go dtí an fíor-Ghaeltacht i mo chontae féin agus tá an-eolas ag an Teachta Ó hUiginn ar sin.

Séard a bhí ann ná go raibh Gaeltachtaí 1929 ann agus má bhí an deontas ann roimh 1956 bhíothas i dteideal an deontais. Feictear domsa go bhfuil sé in am againn má táimid ag coinneáil coincheap an deontais go mbunófaí chuile rud ar alt 56. Sin a cheapaimse atá réasúnta. Agus tá cead ag an Rialtas, mar a déanadh i gcás Ráth Cairn agus Baile Ghib sna seascaidí, ceantar a chur isteach nó amach as an nGaeltacht, agus tharla sé sa seanphobal freisin. Mar sin má tá ceantair taobh amuigh de na limistéir Gaeltachta mar atá siad i láthair na huaire agus a bhfuil an Ghaeilge á labhairt iontu, ba cheart dóibh iarracht a dhéanamh go n-áireofaí mar Ghaeltacht iad faoi na hAchtanna atá ann i láthair na huaire. Ach ní léir seo ach i gcúpla DED ar imeall na Gaeltachta agus tá na staitisticí scrúdaithe agam. Tá ceist ann faoi imeall na Gaeltachta mar trí phósadh agus eile tá daoine le Béarla agus bogadh isteach agus daoine le Gaeilge ag bogadh amach. Feictear é sin go láidir i gceantair ar nós Uachtar Ard mar níl sé ach trasna an chnoic ón nGaeltacht agus tagann daoine chun cónaithe ann. D'fheicfeá go leor daoine taobh amuigh de limistéar na Gaeltachta anois go bhfuil Gaeilge acu mar go bhfuil i bhfad níos mó bogadh de bharr cúrsaí oibre ná mar a bhí.

Má táthar ag iarraidh cás a dhéanamh go mba chóir breathnú ar theorainneacha na Gaeltachta, tá coimisiún Gaeltachta ag suí faoi láthair agus seo ceann de na téarmaí tagartha atá acu. Is futhu atá sé a shocrú cén chaoi ar chóir na limistéir sin a rianadh, agus na critéir a ba cheart a úsáid.

Tá dearcadh an-oscailte agam ar an gceist seo agus baineann sé go mór leis an gceist atá á plé inniu againn. Dá leanfaimis beartas an chúngaithe, ní bheadh aon Ghaeltacht fágtha ar deireadh. Agus teastaíonn buffer zones fiú má tá an Ghaeilge lag iontu ar imeall na Gaeltacht, ina mbeadh an Ghaeilge á cur chun cinn ar bhealach an-dearfach. Ba cheart a fhiafraí de phobal ar imeall na Gaeltachta, ar mhaith libh stádas Gaelt acht agus seo hiad na rudaí a chaithfear a dhéanamh leis an stádas sin a bhaint amach. Agus thabharfaí stádas sealadach dóibh ar dtús agus dá mbeadh ceátadán áirithe den phobal sásta glacadh leis na coinníollacha go mór mór ó thaobh Gaeilge a thabhairt do na daoine óga, bhreathnófaí go báúil ar a leithéid de choincheap.

Dúirt an Teachta Gilmore go bhfuil níos mó Gaeilge i mBaile Átha Cliath ná mar atá sna Gaeltachtaí ach ní sheasann na figiúirí dó sin. Níl sé sin fíor. Má dhéantar scrúdú ar na figiúirí do líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge, ag fágáil gasúir scoile as an áireamh, gheofar amach go bhfuil i bhfad Éireann níos mó daoine ag caint Gaeilge fiú sna Gaeltachtaí laga ná mar atá sna cathracha go laethúil. Ní chóir dúinn áibhéil a dhéanamh faoi chomh maith is atá an Ghaeilge sna Gaeltachtaí.

Ainneoin an rud a cheaptar, tá níos mó Gaeilge á labhairt go laethúil sa cheantar sin de chathair na Gaillimhe atá sa Ghaeltacht ná mar atá taobh amuigh den Ghaeltacht. Bhí ionadh orm féin ach ar ndóigh an dream a bhog isteach sa chathair ón nGaeltacht, cheannaigh siad tithe sa cheantar sin mar bhí deontais Ghaeltachta le fáil acu.

Tógadh go leor ceisteanna tábhachtacha maidir le ceannach suíomhanna agus na deacrachtaí agus an praghsanna. Tithe Gaeltachta amháin atá faoi chaibidil anseo inniu. Tá go leor daoine fós sa Ghaeltach arbh fhéidir leo suíomh a fháil ó athair nó máthair, nó gaol eile agus tá sé tábhachtach go leanfaimid linn ag tabhairt chuile thacaíocht do na daoine sin cead pleanála a fháil. Ainneoin aon rud a cheapann Páirtí an Lucht Oibre, tá buncheart ag duine cead pleanála a fháil ar a gcuid talún féin chun teach a thógáil. Tá díomá orm nach bhfuil Páirtí an Lucht Oibre ar aon tuairim liom faoi sin sna rialacha atá á moladh acu.

Glacaim leis go bhfuil glún óg ag fás aníos sa Ghaeltacht nach bhfuil ag a dtuismitheoirí ach suíomh an tí ina bhfuil siad agus go gcaithfear ceist na suíomhanna a phlé. Tá dhá bhealach ar féidir tabhairt faoi. Bealach amháin ná tithe comhairle contae agus tá obair á déanamh i nGaillimh mar shampla chun suíomhanna a cheannach le haghaidh low-cost housing a bheas ar fáil don phobal atá ar ioncam íseal, ar £100 an tsuímh le tithe a thógáil orthu agus tógfaidh na daoine na tithe iad féin. An-scéim é sin.

Chomh maith leis sin, tá áthas orm a rá agus an Teachta Ó Muineacháin ina shuí taobh thiar díom, gur cheadaigh mé don údarás suíomh a cheannach chun críche tithíocht do sheandaoine ar an gcoinníoll go n-úsáidfí é ar mhaithe leis an nGaeilge sa nGaeltacht. Ní bheadh cead reachtúil ag an Údarás é a cheannach ar aon choinníoll eile. Briseadh le traidisiún a bhí ansin agus rud nár ceadaíodh go hoifigiúil riamh roimhe sin. Ach caithfidh an túdarás breathnú ar na fadhbanna ginearálta pobail agus briseadh amach ó na seanmúnlaí. Tabharfaidh mé cúnamh dóibh é sin a dhéanamh.

Má thagann iarratas go dtí an túdarás le talamh a cheannach chun tithíocht a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht, daoine óga atá ag iarraidh cur futhu sa Ghaeltacht agus a bheadh i dteideal deontas a fháil ó mo Roinnse do theach nua, agus má thagann an túdarás chughamsa leis an gcead a fháil, i bprionsabal táim sásta an cead sin a thabhairt. Mar tá ról ag an údarás san obair seo agus má tá eagraíochtaí pobail ag iarraidh leas a bhaint as scéimeanna sóisialta den chineál sin, ar an mbealach sin, gheobhaidh siad éisteach bháúil uaimse. Tá mé ag iarraidh an géarchéim tithíochta atá ann i gcuid de na Gaeltachtaí a leigheas, chomh fada agus is féidir liom.

I gcuid de na ceantair níl an géarchéim chomh dona agus nílim cinnte arbh fhearr go mbeadh sé. Labhair mé leis an gcomhairle contae faoin gceantar beag ina bhfuil cónaí orm féin agus níl an t-éileamh chomh mór sa cheantar sin. B'fhéidir gur comhartha é nach bhfuil dóthain daoine óga ag bogadh isteach agus ag fanacht ainneoin go bhfuil ceann de na rátaí is airde fostaíochta sa tír sa cheantar céanna.

Tógadh ceisteanna maidir le cúrsaí tógála. Mar a dúirt an Teachta Ó hUiginn, nílimid ag plé le mórchonraitheoirí sa Ghaeltacht, don chuid is mó. An gnáthchonraitheoir sa Ghaeltacht, is comharsa béal dorais do dhuine éigin é, agus é ag tógáil teach anseo is ansiúd. Ní dóigh liom go bhfuil sé féaráilte a rá go bhfuil éinne anseo ag iarraidh níos mó ná airgead réasúnta. Ach ag gach leibhéal de chúrsaí tithíochta, tá daoine ann atá ag éirí santach. Tá an dream a bhfuil na suíomhanna acu ag iarraidh praghas ard agus ar ndóigh tá lucht ceirde ann freisin. Bheadh súil agam nach mbeadh muide sa deireadh maidir le cúrsaí praghais sa tír seo ar nós an té fadó a mharaigh an gé a raibh na huibheacha órga aici. Tá a fhios againn nach raibh aon uibheacha ann níos mó ina dhiaidh sin. Nach fearr i bhfad a bheith ag déanamh brabach deas ag chuile leibhéal den ghnó seo thar tréimhse ama le go mbeadh beagáinín fágtha nuair a thiocfaidh an drochuair. Tógadh ceist faoi scéimeanna tithe samhraidh. Nuair a bhí mé ag cur deireadh leis an deontas don dara teach nua mar gur chreid mé nach raibh sé ceart go mbeadh a leithéid sa Ghaeltacht nuair nach raibh sé in áit ar bith eile sa tír, chinn mé nach gcuirfinn deireadh leis an deontas le hathchóiriú a dhéanamh ar an dara teach más athchóiriú ar sheanteach a bhí i gceist.

An fáth ná seo. Tuigimid go léir an imirce agus an bánú a tharla sa Ghaeltacht agus an méid fothracha atá ann ar fud na tuaithe, fothracha a d'fhéadfaí a thabhairt ar ais ach beagáinín cúnaimh a fháil. Tuigimid freisin go bhfuil cathú ar dhaoine na tithe seo a dhíol le strainséirí. Dá ndíolfaí, ní bheadh a luach arís ag a gclann siadsan ná ag clann a gclainne. Ar an ábhar sin chinn mé go gcoinneofaí an deontas le caoi a chur ar an dara teach. Tá súil agam go bhfeicfidh muintir na Gaeltachta agus na n-oileán gur rud dearfach atá anseo, agus go mbreathnóidh siad ar na tithe seo mar acmhainn clainne. De bhrí go bhfuil deontas i gceist ní bheidh siad in ann iad a dhíol agus d'aonturas atá sé sin ann.

Cad faoi na shailéanna?

Mhínigh mé é sin. Ní raibh ach iarratas amháin ar shailé againn ó 1997 le shailé nua a thógáil. Ach má tá shailé ann agus má táthar ag iarraidh é a chóiriú le cineál tí a dhéanamh de, níl fadhb ann. Tá deireadh curtha leis na shailé nua a thógáil, ach an oiread leis an dara teach a thógáil.

Maidir leis an athchóiriú ar shailé nó tithe, acmhainn iontach a bheas ann. Abair go bhfuil seanteach ansin ag teaghlach a bhog siad as fiche nó tríocha bliain ó shin, má chuireann siad caoi air, tig leo é a ligint ar cíos. Ar nós an ghé ar ball, beidh an gé seo acu i gcónaí. Ach má thagann an lá go mbíonn iníon nó mac ag iarraidh bogadh isteach sa teach seo, beidh teach ann dóibh. Nach fearr i bhfad é sin ná go mbeimis ag áiteamh ar dhaoine na seansuíomhanna seo a dhíol. Chomhairleoinn do na Teachtaí anseo breathnú ar phlean Chontae na Gaillimhe áit a ndearnamar soláthar speisialta sna rialacha pleanála le haghaidh ceaduithe pleanála chun seantithe a athchóiriú do chúrsaí saoire.

Labhair an Teachta M. Higgins faoi thithíocht phoiblí. Ní athraíonn dualgas na comhairle contae leis an reachtaíocht seo, ar chor ar bith. B'fhéidir go bhfuil pointe aige nuair a deir sé go mba cheart cuid den obair a thabhairt don údarás nó go mba cheart go mbeadh údaráis áitiúla ann don Ghaeltacht, mar a dúirt mé ag an deireadh seachtaine.

Ach ní fhaighim aon éileamh ar chúraimí tithíochta a aistriú ón Roinn go dtí an tÚdarás, agus níl i gceist agam é sin a dhéanamh. Déanann oifigigh na Roinne cúram an-mhaith de na cúraimí atá orthu. Is maith go mbeadh baint ag an Teach seo agus ag an Aire leis an scéal.

Tógadh ceist maidir le hathchóiriú tithe chun críocha cumhacht faoi Alt 9 den Bhille. Má thógtar scéim nua isteach taobh amuigh den Ghaeltacht, is féidir a mhacasamhail a thabhairt isteach sa Ghaeltacht anois gan reachtaíocht nua. Is iomaí scéim a tugadh isteach taobh amuigh den Ghaeltacht agus ní rabhamar in ann an rud céanna a dhéanamh taobh istigh den Ghaeltacht agus bhí ar mhuintir na Gaeltacht an scéim amuigh a úsáid. An rud atá ráite faoi aimhleas na Gaeilge anseo ná má thugtar aon scéim nua isteach faoin alt seo, ná go gcaithfidh coinníollach Gaeilge a bheith ann a chinnteoidh nach feidhmeoidh an scéim seo chun aimhleas na Gaeilge. Murach sin, ní bheadh na scéimeanna go léir ag teacht le chéile, bheadh rialacha daingne Gaeilge ag scéimeanna áirithe amháin.

Coinníoll caighdeánach é seo go bhfuil cead an Aire Airgeadais ag teastáil sula dtabharfaí isteach aon scéim ach tuigeann aon Aire a bhí ann iriamh go mbíonn cead na Roinne Airgeadais ag teastáil le haghaidh beagnach rud ar bith. Ní miste an cheist seo a chíoradh beagnach agus a lua go bhfuil soláthar méadaithe ann anois.

In aimsir an Chomhrialtais dheiridh, bhí deireadh leis na deontais fheabhsúcháin agus bhí srian á chur isteach. Bhí an rud ar fad ag imeacht mar a fheictear ó na figiúirí. I 1997 an bhliain tar éis gur cuireadh deireadh le cuid mhaith rudaí, níor caitheadh ach £1,375,00 ar thithíocht Ghaeltachta. Anuraidh caitheadh beagnach 2 mhilliún punt agus níos tábhachtaí fós, de bharr na n-athruithe a tugadh isteach, ceadaíodh £2,700,000 de dheontais tithíochta sa Ghaeltachta anuraidh agus bíonn moill idir deontas á fhógairt agus é á íoc amach nuair atá an t-iarratas faighte.

Táimid tar éis na deontais sin a mhéadú ó shin ag deireadh na bliana agus mar sin beidh an caiteachas sin ag dul suas arís. Ainneoin aon rud a dúradh faoi thréimhsí Rialtais eile, níl fadhb ar bith agamsa leis an Roinn Airgeadais agus tá siad an-réasúnta liom agus is léir go bhfuil siad sásta cur go mór leis an méid a bhí ann don nGaeltacht agus is mar sin a leanfaidh sé.

Maidir le húinéireacht cuirtear na rialacha i bhfeidhm chomh tuisceanach agus chomh féaráilte agus is féidir. Ach tá bunrudaí áirithe ann nach féidir éalú uathu. Caithfidh duine úinéireacht a bheith aici nó aige má tá siad ag dul ag fáil deontais. Níor thuig mé go baileach an fhadhb a luaigh an Teachta M. Higgins maidir leis an mháthair chéile agus an iníon chéile. Ba leor sa chás sin go mbeadh an teideal ag duine de na daoine a bhí ina gcónaí sa teach. Ba chuma faoi scéimeanna na Roinne cé acu an raibh an teideal acu, an tseanmháthair, na gasúir, nó máthair na ngasúr. Ach abair nach gcaithfeadh teideal a bheith ag duine. Bheadh go leor daoine ag cur isteach ar dheontais agus fadhbanna móra ann dá mbarr.

Tugann oifigigh na Roinne an-chúnamh do dhaoine chun na rudaí seo a shortáil amach agus ní bhíonn siad riamh níos lú ná tuisceanach ag tabhairt cúnamh do dhaoine le folios, agus athrú teidil agus mar sin de.

Tógadh ceist faoin fhadhb atá ag daoine le foirmeacha. Tá go leor foirmeacha ag éirí níos casta in aghaidh an lae agus ní bheadh a fhios agat cad is cúis le leath de na ceisteanna. Ni hamhlaidh i gcás na foirmeacha Gaeltachta. Bhí roinnt rudaí faoi na foirmeacha a thóg mé le hoifigigh na Roinne. Iarrtar ainm, sloinne, seoladh, aois. uimhir fóin, dáta breithe (agus b'fhéidir nach bhfuil gá le seo a thuilleadh) an uimhir atá sa teaghlach, buachaillí, cailíní, mná agus fir, uimhir an folio, an í an Ghaeilge an ghnáth-theanga labhartha, an bhfuil aon deontas eile á lorg don obair. Ar an gcéad leathanach eile tá boiscíní ann le ticeáil faoi cé acu deontas a bhfuiltear ag cur isteach air. Caithfear eolas a sholáthar maidir leis an gconraitheoir atá ag déanamh na hoibre, sínítear é, síníonn finné, cuirtear an dáta air agus sin sin. Má tá gasúr sa teach, caithfear an fhoirm bheag bhídeach maidir le scéim labhairt na Gaeilge a líonadh.

Níl a fhios agam ar thug na Teachtaí faoi deara gur athraigh mé rud a chuireadh go leor daoine ar strae, sé sin, go mbítí ag lorg an uimhir agus an ceantar cánach. Ach ar na foirmeacha nua tá na litreacha RSI, tar éis go dtuigim go bhfuil sé sin le hathrú anois, curtha i ndiaidh uimhir chán ach mar tuigeann daoine anois cad atá i gceist. Céim sa treo ceart ab ea é sin mar sin a thugtar air go coitianta.

Tá mé sásta i gcónaí i gcomhar le hoifigigh na Roinne athruithe a chur ar fhoirmeacha agus tá soláthar sa Bhille seo chuige seo. Tá mé féin agus an fhoireann sa Roinn sásta i gcónaí na foirmeacha a dhéanamh níos inúsáidte agus tá a laghad eolas a iarraidh ar na foirmeacha anois gur beag eile is féidir a dhéanamh.

Cén fáth nach féidir le pinseanéir uimhir an phinsin a chur isteach in áit uimhir chánach?

Mar tá dlí ag an Roinn Airgeadais a deir má chuireann duine isteach ar dheontas go gcaithfear an uimhir chánach a lua. An cheist a chuirfinn ar ais ná nach eol dom cén fáth nach ionann an uimhir phinsin agus an uimhir chánach. Faighim an uimhir chánach do dhaoine ón uimhir phinsin. Glacaim le pointe an Teachta agus níl mórán is féidir a dhéanamh faoi sin.

Thóg an Teachta Daly ceist faoi dheontais i gContae an Chláir á rá go bhfuil na rialacha ró-dhian. Táimid ar ais ag Acht na bliana 1929. Níl na rialacha níos déine ó thaobh na Gaeilge de ná mar atá siad in aon áit eile sa Ghaeltacht. Níl aon riail faoi leith atá dian sna limistéirí 1929.

Since 1929 to 2000, more than 70 years, the total amount of grants paid to applicants for Gaeltacht housing in County Clare amounts to £45,833. It is important to say in relation to the abolishment of the 1929 regions, where people might feel there was some éagóir in it, it was more of a mirage than a reality; it was more a teaser than something of which a large number of people availed.

Tá figiúirí agam freisin don tréimhse ó 1990 go dtí an bhliain 2000. Bhí trí gcinn le haghaidh feabhsúcháin i gContae an Chláir, fuinneoga agus doirse i gceann amháin, seomra folctha i gceann eile agus sin an méid a baineadh leas as. Aisteach go leor, agus níl an Teachta Smith anseo, íocadh cás amháin – £40 – faoin scéim seo i gContae an Chábháin – níl a fhios agam conas a tharla sé sin. Go ginearálta cé go mothaíonn daoine go bhfuil éagóir á déanamh tá sé in am againn an rud seo a dhéanamh ar bhealach ciallmhar stuama le go mbeadh loighic ag baint leis na rialacha. Má tá ceist faoi is ceist faoi na teorainneacha Gaeltachta í agus ní faoin deontas a bheith ar fáil. Má tá teaghlach le Gaeilge i nDún Laoghaire nó i dTamhlacht agus má tá an deontas ar fáil i gContae an Chláir atá taobh amuigh den Ghaeltacht mar a shonraítear anois é, ba chóir go mbeadh sé acu siúd freisin.

Deputy Moynihan-Cronin asked why fishermen and small farmers on the mainland were not receiving it. The increased grant in the islands does not relate to income. If it related to income, then there would be a means test. The increased grant for the offshore islanders to build houses relates to the cost of bringing the blocks, cement, doors, windows and so on to the island. Building costs on islands are horrendously expensive because of the transport aspect. The purpose of the increased grant to the islands is to cover transport costs in bringing the goods to the islands. It has nothing to do with income, it has to do with equality in terms of the cost of building a house on an island. Those who are not familiar with the offshore islands have no idea of the costs involved in this regard.

Maidir leis na hiasachtaí, is é a bhí ann i dtús ama, ná iasacht punt ar phunt leis an deontas. Má fuair tú £4,000 de dheontas fuair tú £4,000 d'iasacht chomh maith. Bhí sé sin go breá nuair a fhéadfaí teach a thógáil sna tríochaidí ar chúpla míle punt, bhí an-chiall leis na hiasachtaí. Ach tháinig maolú ar an éileamh ar iasachtaí thar imeacht ama. Mar le hiasacht de £4,000 a fháil – agus ní fhéadfadh éinne teach a thógáil ar £8,000 – bhí bunáite phobal na Gaeltachta ag brath ar iasachtaí bainc in éineacht leis – chaithfeá glacadh le morgáiste ar an folio, ar theideal an tí. Is mó mar a chuireadh sé sin as don té a bhí ag lorg iasachta bainc ná mar a bhí sé ag déanamh leasa.

Níor tugadh amach aon iasacht sa Ghaeltacht le cúpla bliain anuas. Íocadh cúpla ceann ach níor cheadaíodh aon cheann nua. Níorbh fhiú an t-am agus an trioblóid nuair a bhí sé níos éasca iasacht bhainc a fháil gan aon mhorgáiste. Tá soláthar sa Bhille seo chun déileáil le dhá rud. Táimid ag cur deireadh le hiasachtaí nua ach tá riar mhaith airgid amuigh ag an Roinn. Ceadaíodh £386,000 d'iasachtaí ó 1990 go 2000 agus sa tréimhse chéanna níor íocadh ar ais ach £362,000 d'iasachtaí agus le hús san áireamh is léir nach bhfuilimid ag fáil an caipiteal fiú ar ais. Tá cuid de na hiasachtaí chomh beag nach bhfuil daoine á n-íoc.

Caithfimid é seo a ghlanadh suas agus tá deis faoin mBille seo na hiasachtaí beaga seo a dhíscríobh, nó má tá deacracht ag duine iasacht a aisíoc de bharr báis mar shampla tá deis ann rialacha a thabhairt isteach a mhaolóidh an rud. Rud an-dearfach é sin ar fad. Nach fearr i bhfad deontas méadaithe agus é a íoc amach in airgead tirim agus gan a bheith ag útamáil timpeall le riarachán iasachtaí? Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na Teachtaí ar fad. Beidh tuilleadh plé againn ar Chéim an Choiste agus molaim anois go gcuirfear ar aghaidh anois é ag an gCoiste Gaeilge le plé ag Céim an Choiste.

Cuirim an cheist go léifear an Bille don dara huair.

Tuigim go mbeidh an Bille seo á tharchur go dtí an Roghch oiste um Oidhreacht agus Gaeilge. An mian leat an tairiscint a tharchur anois?

Barr
Roinn