Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 8 Mar 2001

Vol. 532 No. 3

Written Answers. - Oideachas trí Ghaeilge.

Trevor Sargent

Ceist:

152 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta cá seasann an plean atá aige coiste a bhunú faoi alt 31 den Acht Oideachais, 1998, chun struchtúr a thabhairt d'oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna; an mbeidh ionadaíocht ó gach Gaeltacht sna seacht gcontae Gaeltachta ar an gcoiste agus cén fáth nár bunaíodh é roimh dheireadh na bliana 2000 mar a bhí geallta. [7283/01]

Forálann alt 31 den Acht Oideachais, 1998 go mbunófar comhlacht daoine chun comhordú, tacú agus comhairle a chur ar fáil maidir le múineadh trí Ghaeilge agus múineadh na Gaeilge. Tar éis dul i gcomhairle le grúpaí Gaeilge maidir le ról agus struchtúr an chomhlachta, tá mo Roinn i mbun pleanála do bhunú an chomhlachta faoi láthair. Cé gur thóg an phleanáil níos faide le cur i gcrích ná mar a bhíothas ag súil leis, táim dóchasach, mar sin féin, go mbeidh ar mo chumas fógra a chur amach go luath. Tá sé i gceist go mbeidh ionadaithe ó ghrúpaí a bhfuil suim ar leith acu in oideachas Gaeilge ina mbaill den chomhlacht, Gaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ina measc.

Barr
Roinn