Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 8 Mar 2001

Vol. 532 No. 3

Written Answers. - Díolúine ón nGaeilge.

Trevor Sargent

Ceist:

154 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta cad é líon na ndaltaí ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal a bhfuil díolúine faighte acu ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge; cén bonn ar a bhfuil an díolúine tugtha do na daltaí seo agus an eol don Aire scoileanna a bheith ag tabhairt díolúine ón nGaeilge do dhaltaí gan cead a Roinne. [7285/01]

Tá díolúine ó fhoghlaim na Gaeilge faighte ag 1801 daltaí ag an mbunleibhéal agus ag 3708 daltaí ag an dara leibhéal. Tá sé d'acmhainn ag an gclár bunleibhéal agus dara-leibhéal i nGaeilge, mar atá i láthair na huaire chomh maith lena bhfuil beartaithe, freastal ar éagsúlacht fhairsing ábaltachta. Mar sin féin, tá soláthar do dhíolúine ó fhoghlaim na Gaeilge ceadaithe i dtoscaí teoranta ar leith.

Is féidir díolúine ó fhoghlaim na Gaeilge a dheonadh ar dhalta i gceann ar bith de na cásanna seo – (a) daltaí a fuair a mbunoideachas go dtí 11 bliain d'aois i dTuaisceart na hÉireann nó taobh amuigh d'Eirinn, (b) daltaí a bhí cláraithe cheana féin mar dhaltaí aitheanta i mbunscoil nó i scoil dara-leibhéal agus atá á gclárú athuair tar éis dóibh tréimhse a chaitheamh thar lear, ar choinníoll go bhfuil trí bliana ar a laghad imithe ón gclárú deireanach sa Stát agus go bhfuil an dalta 11 bliain d'aois ar a laghad ag an athchlárú, (c) daltaí – (i) a fheidhmíonn go hintleachtúil ar an meánleibhéal nó níos airde ach a bhfuil sainmháchail foghlama orthu atá ar chéim chomh trom sin go dteipeann orthu leibhéil a mbeadh súil leo a bhaint amach i mbunscileanna teanga sa mháthairtheanga, nó (ii) ar measadh máchail ghinearálta foghlama a bheith orthu de thoradh thromlagú intleachtúil (is é sin bac meabhrach) agus a bhfuil ag teip orthu chomh maith leibhéil oiriúnacha a bhaint amach i mbunscileanna teanga sa mháthairtheanga, (iii) measadh máchail ghinearálta a bheith orthu de thoradh thromlagú céadfaíoch, agus a bhfuil ag teip orthu chomh maith leibhéil oiriúnacha a bhaint amach i mbunscileanna teanga sa mháthairtheanga. Ní foláir go ndéanfadh síceolaí cáilithe fianaise ar mháchail dá leithéid a sholáthar, agus, i gcás (iii) thuas, go tabharfadh tuairisc ó speisialtóir oiriúnach leighis tacaíocht dó. Lena chois sin, caithfidh an scoil tuairisc iomlán a sholáthar ar an dalta, (d) Bheadh sé riachtanach do dhaltaí ón gcoigrích, nach bhfuil tuiscint ar bith acu don mBéarla, nuair a cláraítear iad, staidéar a dhéanamh ar theanga amháin, Gaeilge nó Béarla.

Tugtar údarás do lucht bhainistíochta scoileanna díolúine ó fhoghlaim na Gaeilge a dheonadh de réir na modhanna is na gcritéar sin amháin atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Barr
Roinn