Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 27 Mar 2001

Vol. 533 No. 3

Order of Business. - Housing (Gaeltacht) (Amendment) Bill, 2000: Report and Final Stages.

Tairgim leasú a 1:

I leathanach 7, líne 25, "ach atá i gcaidreamh atá comhchosúil le gaol fola nó cleamhnais leis an áititheoir" a chur isteach i ndiaidh "áititheoir".

Bhí díospóireacht againn ag céim an choiste mar gheall ar an sainmhíniú seo. An locht a fuair mé ar an sainmhíniú ar "theaghlach" atá sa Bhille ná go bhfuil sé ró-oscailte agus ró-leathan. De réir mar atá an sainmhíniú sa Bhille mar atá, d'fhéadfadh daoine atá ina gcónaí le chéile i dteach an teideal teaghlach a ghlacadh de réir mar atá an sainmhíniú ag an nóiméad. Is é atá uaim ná go mbeadh srian éigin leis an míniú. Cuirim i gcás lánúin nach bhfuil pósta agus a bhfuil cónaí orthu i dteach. Ní hiad sin atá i gceist agam. Ach de réir an tsainmhínithe atá anseo, d'fhéadfadh duine, beirt nó triúr, mar shampla, a bheith i lóistín i dteach agus gan ach coinníoll amháin le comhlíonadh acu agus is é sin ná go mbeadh Gaeilge acu.

Má fhéachann an tAire ar na sainmhínithe sa Roinn Comhshaoil nuair a bhíonn siadsan ag plé le deontais agus araile, ní dóigh liom go bhfeicfidh sí sainmhíniú mar atá anseo do theaghlach. Ní thuigim cén fáth go bhfuil sainmhíniú chomh leathan agus chomh hoscailte leis seo ag teastáil.

Mar is eol don Aire bhí sé seo á phlé againn seachtain ó shin ag céim an choiste. Sílim gur léiríodh an lá sin, mar atá an mír faoi láthair, go bhféadfadh sé deacrachtaí a chothú san am amach romhainn. Tá fhios agam gur chothaigh sé deacrachtaí san am atá imithe thart. Is é an sain-mhíniú atá de dhith ná gaol fola nó gaol pósta agus má tá sé níos leithne ná sin d'fhéadfadh sé deacrachtaí a thabhairt isteach – daoine mar lóisteóirí sa teach, cuairteoirí agus mar sin de. Sílim go ndúirt an tAire go raibh sí chun breathnú ar an cheist seo ach níl fhios agam cad é an toradh a bhí ar sin.

Luaigh an Teachta Ó hUiginn cás amháin agus is cinnte go gcothódh sé deacrachtaí san am atá amach romhainn, sé sin muna bhfuil míniú ceart agus cruinn ag an Aire air inniu.

Go bunúsach baineann an leasú seo leis an sainmhiniú ar "theaglach" in Alt 2. Tuigim go bhfuil i gceist ag an Teachta cungú a dhéanamh ar an sainmhiniú reatha ionas nach mbeadh i gceist ach daoine a bhfuil gaol fola nó cleamhnais acu leis an áititheoir nó daoine ach atá i gcaidreamh atá comhchosúil le gaol fola nó cleamhnais leis an áititheoir. Is mian liom a chur in iúl go bhfuil an sainmhiniú seo ar "theaghlach" bainteach le Achtanna na dTithe (Gaeltacht) amháin agus tá an sainmhiniú seo in úsáid ó 1929 i leith agus ní raibh deacrachtaí leis. Is deontais do thithe atá i gceist faoi na hAchtanna agus ní foláir go mbeadh an Ghaeilge á labhairt mar ghnáth-theanga theaghlaigh ins an teach sin. Chuige sin caithfear cumas Gaeilge gach duine sa teaghlach a chur san áireamh nuair atá deontais á meas. D'fhéadfadh daoine a bheith ina ngnáthchónaí sa teach nach bhfuil gaol fola nó cleamhnais acu leis an áititheoir nó nach bhfuil i gcaidreamh atá comhchosúil le gaol fola nó cleamhnais leis an áititheoir – mar shampla, cairde nó cónaitheoiri fad-téarmacha – agus bheadh tionchar ag na daoine seo ar theanga labhartha an tí. Tá sé fior-thábhachtach ó thaobh úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht de go mbeadh an Ghaeilge á labhairt mar ghnáth-theanga an teaghlaigh sula níoctar deontas faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Mar sin, ní foláir go mbeadh brí níos leithne ag an sainmhiniú ná an sainmhiniú atá molta ag an Teachta agus go gcludódh an sainmhiniú gach duine atá ina ghnáthchónaí sa teach sin.

Uaireanta bíonn cúinsí speisialta ag baint le cásanna (mar shampla, duine in árásán sa teach nach bhfuil baint aige/aici leis an lion tí nó duine atá sa teach go gearrthéarmach) agus cuirtear cúinsí mar seo san áireamh agus an t-iarratas á mheas. Nil sé i gceist agam glacadh leis an leasú seo.

Ta sé soiléir go ndearna an tAire Stáit smaoineamh ar an ábhar seo idir an dá linn agus tá sé thar a bheith soiléir nach bhfuil sí ag dul linn. Ní maith liom sainmhínithe atá ró-oscailte. Glacaim leis go bhfuil an sainmhíniú seo ann ó 1929 agus nach raibh aon trioblóid leis. Ní haon deimhniú é sin nach mbeidh trioblóid amach anseo ach nílim chun an leasú seo a bhrú mar tá sé soiléir nach n-éireodh liom. Bhí díospóireacht againn áfach agus creidim go bhfuil sé sin tábhachtach.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgím leasú a 2:

I leathanach 9, línte 5 go 10 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

"3.–Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 2:

‘2.–Déantar na cumhachtaí go léir a bhaineann le fairsinge na Gaeltachta faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, a aistriú chuig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán'.".

Ceapaim nach bhfuil sé slacthmhar nó ciallmhar nó, i ndeireadh na dála, éifeachtach, go mbeadh an chumhacht maidir le teorainn na Gaeltachta nó cé chomh leathan is a bheadh an Ghaeltacht i Roinn an Taoisigh. Tá an tAire Stáit anseo ó Roinn na Gaeltachta agus ba mhaith liom go míneodh sí conas a bheadh sé níos éifeachtaí go mbeadh an chumhacht seo i Roinn an Taoisigh seachas in a Roinn féin.

Rinneamar tagairt do seo an lá faoi dheireadh agus sílim go bhfuil an leasú réasúnta agus praiticiúil. Tá eolas ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ar gach gné den Ghaeltacht agus tá sé deacair a chreidiúint agus a thuiscint cén fáth nach mbeadh an focal deireannach agus an t-údarás ag an Roinn sin. Tá sé deacair a chreidiúint agus a thuiscint cén fáth nach mbeadh an focal deireannach nó an t-údarás ag an Roinn sin teorannacha na Gaeltachta a shocrú, a chúngú nó a leathnú de réir mar a tharlaíonn.

Tá an coimisiún bunaithe anois agus beidh tuairisc ón choimisiún ag teacht amach roimh dheireadh na bliana. Cén fáth nach mbeadh an t-údarás ag an Roinn a bhfuil freagracht na Gaeltachta air in áit Roinn an Taoisigh nó an Rialtais?

Sílim gur leasú réasúnta agus praiticiúil é seo agus ba mhaith liom go mbeadh tuairim an Aire Stáit ar fáil ar sin.

Go bunúsach cuireann an leasú seo deireadh leis an aidhin atá sa Bhille chun sainmhiniú amháin a chur i bhfeidhm do Limistéir na Gaeltachta agus ag an am céanna déanann sé iarracht na cumhachtaí faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 a aistriú go dti an Roinn Ealaion, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oilean.

Mar a mhinigh mé cheana, measaim go bhfuil an-tábhacht ag baint le hAlt 3 den Bhille mar atá sin é, chun a leagan amach gurb i an Ghaeltacht chun críocha na nAchtanna ná na Limistéir Oifigiúla Ghaeltachta a shonraitear faoin Acht Airi agus Rúnaithe (Leasú), 1956. Ta sé thar am anois an leasú riaracháin a dhéanamh chun deireadh a chur le seanlimistéir 1929 i gcás Achtanna na dTithe (Gaeltacht) agus teacht i gcomhréir leis na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta a leagadh síos 6 1956 i leith.

Mar is eol don Teachta, bhí limistéir an-mhóra i gceist i dtosach faoi Acht 1929 agus cé gur gearradh siar orthu i 1959, tá na hAchtanna fós ag plé leis na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta Leasú 2 ar lean . . . (cosúil le hÚdarás na Gaeltachta, mar shampla) chomh maith le Limistéir Ghaeltachta eile lasmuigh dóibh sin a leagadh síos faoi Acht na dTithe (Gaeltacht) 1929 ages nach bhfuil i bhfeidhm mar "Ghaeltacht" in aon réimse eile. Caithfimid a bheith réalaíoch nach Gaeltachtaí iad na ceantair imeallacha seo i Limistéir Achta 1929 a thuilleadh ar aon bhealach ages nach mbíonn ach líon beag cásanna i gceist faoi Achtanna na dTithe ins na limistéir sin. Aon deontas nua a tugadh isteach faoi Achtanna na dTithe tar éis 1956, mar shampla, teach nua do dhuine gan teach, méadú speisialta do chuairteoirí nó ceann tuí a athnuachan, bhí siad teoranta do na Limistéir Oifigiúla a leagtar síos faoin Acht Airí ages Rúnaithe (Leasú) 1956.

Ba mhaith liom a rá agus a threisiú anseo go bhfuil sé mar aidhm ag Alt 3 den Bhille seo an Ghaeltacht a láidriú ages beidh an doras ar oscailt i gcónaí chun chur leis an Ghaeltacht trí orduithe faoin Acht Airí ages Rúnaithe (Leasú), 1956.

Maidir leis an gcuid sin den leasú a bhaineann le cumhachtaí bainteach leis na Limistéir Ghaeltachta a athrú go dtí an Roinn, ba mhaith liom a chur in iúl gar leagadh síos faoin Acht Airí ages Rúnaithe (Leasú), 1956 go mbeadh an chumhacht ag an Rialtas chun na Limistéir Ghaeltachta a shonrú trí orduithe faoin Acht sin. Silím go bhfuil an socrú seo an-oiriúnach mar go mbaineann an ghné seo le mór-polasaithe náisiúnta na tíre. Dár ndóigh freisin, baineann an Bille seo le tithíocht sa Ghaeltacht amháin ages ní ghabhann an leasú seo le spiorad an Bhille áirithe seo.

Is féidir go mbeidh tuairimí ages moltaí suimiúla ó Choimisiún na Gaeltachta mar gheall ar na Limistéir Ghaeltachta.

Faoi dheireadh ba mhaith liom a rá nach mbeadh aon deacracht ag an Roinn orduithe breise a fháil déanta faoin Acht Airí ages Rúnaithe (Leasú), 1956 má bhíonn cás láidir arm chun a leithéid a dhéanamh. Nil sé i gceist agam glacadh leis an leasú seo.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Aire Stáit i ngeall ar an bhfreagra sin ach b'fhéidir nach dtuigeann sí mo phointe i gceart. Ar an gcéad dul síos níl aon rud agam i gcoinne an deacracht atá ann idir na teorainneacha a bhí ann i 1929 agus an leasú a tháinig i 1956. Ba cheart go mbeadh sé sin leasaithe sa Bhille seo. Ach, cuirim i gcás nuair a thiocfaidh tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta chugat, b'fhéidir go mbeidh moltaí ann ar láimh amháin an Ghaeltacht a leathnú agus, b'fhéidir, ar an láimh eile, í a chúngú. Dá mbeadh na cumhachtaí seo i Roinn nGaeltachta thiocfadh an t-ordú amach i bhfad níos tapúla ná mar a bheadh an scéal má bhíonn na cumhachtaí fós i Roinn an Taoisigh. I ndeireadh na dála an rud atá uaim ná go mbeadh na cumhachtaí go léir a bhaineann leis an Ghaeltacht i Roinn amháin, sé sin an Roinn ina a bhfuil an tAire Stáit anois. An bhfuil aon rud níos bunúsaí i dtaobh na Gaeltlachta ná teorainneacha na Gaeltachta?

Tá sé soiléir arís nach bhfuil ag éirí liom inniu leis na leasuithe ach iarraim ar an Aire Stáit féa chaint arís ar an gceist idir seo agus an t-am a raghaidh an Bille isteach sa Seanad.

Is dóigh liom nach é an Bille amháin atá i gceist anseo. Seo Bille Tithíochta don Ghaeltacht. An rud atá i gceist ag an Teachta, agus b'fhéidir go bhfuil an ceart aige, téann sé taobh amuigh den Bhille. Tuigim an rud atá á rá ag an Teachta, sé sin nach ceart go mbeadh cumhachtaí ar chóir a bheith againnne taobh amuigh den Roinn, mar shampla rudaí tábhachtacha a bhaineann le Coimisiún na Gaeltachta.

Ag an am céanna ní raibh deacracht ar bith idir Roinn an Taoisigh agus an Roinn seo mar gheall ar rudaí atá ag dul ar aghaidh. B'fhéidir go mbeimid in ann athbhreithniú a dhéanamh ar an tionchar atá ag go leor Ranna sa Ghaeltacht agus, b'fhéidir, ceangal níos reachtúla a bheith againn taobh amuigh den leasú atá os ár gcomhair. Tá cúrsaí oideachais agus go leor leor rudaí an-tábhachtacha eile a bhfuil tionchar an-mhór acu sa Ghaeltacht i gceist.

Ach sin díospóireacht do lá eile. Tá difríocht idir an díospóireacht sin agus an Bille seo. B'fhéidir go mbeidh deis eile agam casadh leis an gcomhchoiste arís mar gheall ar na moltaí sin ag an Teachta.

Ach ag an am seo níl mé in ann aon athrú a dhéanamh ar na cumhachtaí atá agam mar Aire agus ag an Roinn agus na cumhachtaí ag Roinn an Taoisigh. B'fhéidir go mbeidh deis eile againn dul tríd na moltaí atá os mo chomhair anois ach níl mé ábalta rud a dhéanamh faoin mBille Tithíochta seo.

Beidh tuairisc Choimisiún na Gaeltachta os ár gcomhair chomh luath agus is féidir.

Feicim mar atá an scéal ó thaobh an Aire Stáit de. Tuigim nach féidir léi glacadh leis an leasú ag an am seo ach b'fhéidir gur fearr dom teacht ar ais air nuair a bheidh na meastacháin os comhair an chomhchoiste. Mar sin níl an leasú á bhrú agam.

Tarraingíodh siar an leasú, faoi chead.

Tuairiscíodh an Bille gana leasú.

Cuireadh an cheist: "Go rithfear an Bille anois."

Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom a rá go bhfuil mé an-sásta a bheith anseo inniu mar chomharba ar mo chomhleacaí an Teachta Ó Cuív – deirtear gurb é tús maith leath na hoibre agus dár ndóigh chuir seisean tús maith leis an mBille Tithíochta atá os ár gcomhair sa Dáil arís inniu.

Ba mhaith liom a mhíniú arís nach bhfuil i gceist ag an mBille seo ach leasú agus leathnú a dhéanamh ar Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun iad a dhéanamh níos oiriúnaí don lá atá inniu ann agus níl polasaithe eile i gceist.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil do na Teachtaí Dála uilig a chuir fáilte roimh an Bhille agus a nochtaigh a gcuid tuairimí le linn na díospóireachta ag an Dara Chéim den Bhille. Nuair a labhair mé féin i bhfabhar an Bhille ar 31 Eanáir 2001 is beag tuairim a bhí agam go mbeinn ag stiúradh an Bhille trí Chéim an Choiste agus na Céimeanna eile.

Ba chóir dom chomh maith buíochas a ghabháil don Roghchoiste um Oidhreacht agus an Ghaeilge – fuair mé fáilte Uí Chiardha ón gCathaoirleach agus bhí an-phlé againn ann. Gabhaim buíochas leis an Teachta Mac Fhionnlaoich, an Teachta Ó hUiginn agus an Teachta Ó Sé ach go háirithe. Bhí sé thar a bheith suimiúil agus úsáideach na tuairimí eagsúla a chloisteáil ó na Teachtaí sin agus treaslaím leo as ucht a gcuid iarrachtaí leanúnacha ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeltachta.

Faoi dheireadh, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hoifigigh uilig a rinne sárobair bainteach leis an mBille seo – Bille na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2000 – idir Oifig na nDreachtóirí Parlaiminte don Rialtas, oifig na mBillí, an rannóg aistriúcháin agus dár ndóigh, oifigigh mo Roinne féin.

Chuir mé fáilte roimh an Bille nuair a tháinig sé isteach. Ní raibh gach rud a bhí ag teastáil uainn sa Bhille ach mar sin féin is céim ar aghaidh é agus tá an tAire i ndiaidh a rá go mbeidh sí ag teacht go dtí an Comhchoiste agus go dtí áiteanna eile amach anseo agus go mb'fhéidir go mbeidh sí ag cur athraithe ar rudaí, go speisialta nuair a bheidh tuairisc Choimisiún na Gaeltachta ar fáil. É sin ráite, ba mhaith liom comhgháirdeas a ghabháil leis an Aire Stáit. Seo an chéad Bhille atá curtha tríd an Dáil aici agus is mór an t-athrú a tháinig ar léarscáil na polaitíochta chomh fada agus a bhaineann sé leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ó tháinig an Bille isteach an chéad uair.

Beidh fhios agam cén áit arbh chóir dom dul nuair a bheidh deontais á lorg agam. Go mbeidh go leor billí eile ag an Aire Stáit fhaid is a bheidh sí ina suí ansin.

Ba mhaith liomsa comhghairdeas a ghabháil leis an Aire Stáit as ucht an chéad Bhille a chur tríd an Dáil aici. Maraon leis an Teachta McGinley tá súil agam go mbeidh a lán eile ann. Guím rath ar a cuid oibre leis an mBille seo agus ar a h-iarrachtaí ar son na Gaeltachta agus ar son na Gaeilge.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

The Bill will be sent to the Seanad.

Barr
Roinn