Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 3 Jul 2001

Vol. 540 No. 1

Written Answers. - Córas Rialtais Áitiúil.

Trevor Sargent

Ceist:

336 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil an bhfuil sé i gceist aige beart a dhéanamh láithreach a chinnteoidh go mbeidh an córas rialtais áitiúil feasta ag cur le neart na bpobal Gaeltachta, seachas a mhalairt, agus go gcuirfear ar ceal an drochthionchar ar shaol na Gaeltachta is féidir a bheith ag cinntí pleanála go minic nuair is beag aird atá ag an gcóras ar riachtanais na Gaeltachta féin. [19984/01]

Is mór atá déanta ag mo Roinn-se agus ag an Rialtas seo chun stádas na Gaeilge a threisiú sa chóras rialtais áitiúil agus sa chóras pleanála.

Ó thaobh an chórais phleanála de, tá forálacha don chéad uair san Acht Pleanála agus Forbartha, 2000, chun cosaint na Gaeltachta agus ár n-oidhreachta Gaeilge a fheabhsú tríd an bpróiseas pleanála. Tá cuid de na forálacha sin tosaithe cheana féin, go háirithe an dualgas atá ar an údarás pleanála cuspóir a áireamh ina phlean forbartha chun oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail áit a bhfuil ceantar Gaeltachta i gceantar an phlean forbartha. Beidh mé in ann, de thoradh an chéad bheart rialacháin eile atá á thabhairt chun críche i mo Roinn, forálacha an Achta maidir le smacht ar fhorbhairt (na forálacha eile maidir le cosaint na Gaeltachta ina measc) a chur i bhfeidhm. Caithfear ceadú roimh ré ó Thithe an Oireachtais a fháil maidir le cuid de na rialacháin seo agus tá sé i gceist agam dréacht-rialacháin a chur faoi bhráid an Oireachtais go han-luath.

Chomh maith leis sin, tugadh mar thasc do Choimisiún na Gaeltachta scrúdú a dhéanamh maidir leis an gcaoi a dtabharfar feidhm d'fhorálacha an Achta i dtaca le caomhnú theanga agus chultúr na Gaeltachta. Measfar aighneacht ina thaobh sin a sheol an Coimisiún chuig mo Roinn nuair a bheidh treoirlínte ar phleannanna forbartha á n-ullmhú.

Maidir leis an gcóras rialtais áitiúil, tá bearthaithe agam an Bille Rialtais Áitiúil a leasú trí fhoráil bhreise a chuirfeadh dualgas ar údaráis aitiúla na bearta cuí a chur i bhfeidhm ionas úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Tá sé i gceist agam an leasú sin a chur chun tosaigh ag céim na Tuairisce.

Ina theannta sin tá tuairisc maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa chóras rialtais áitiúil faighte agam ón nGrúpa Stiúrtha ar an nGaeilge sa tSeirbhís Rialtais Áitiúil, agus táim ag déanamh machnaimh ar an dtuairisc sin faoi láthair.

Barr
Roinn