Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 5 Jul 2001

Vol. 540 No. 3

Other Questions. - Fostaíocht sna Gaeltachtaí.

Dinny McGinley

Ceist:

11 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an méadú a tháinig ar fhostaíocht sna ceantair Ghaeltachta i rith 2000 i dtionscail a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. [20429/01]

Is í bhfoirm tábla atá an t-eolas agus tabharfar é sa Tuairisc Oifigiúil:

Torthaí Fostaíochta Údarás na Gaeltachta 2000.

Contae

Lon Fostaithe01.01.00

Méadú

Laghdú

Glánmhéadú/Laghdú

Lon Fostaithe31.12.00

Dún na nGall

2855

255

245

10

2865

Maigh Eo

679

114

165

(51)

628

Gaillimh

3018

400

355

45

3063

Ciarraí

766

121

100

21

787

Corcaigh

609

64

40

24

633

Port Láirge

110

19

24

(5)

105

An Mhí

146

27

3

24

170

Iomlán

8,183

1,000

932

68

8,251

Ar 1 Eanáir 2000 bhí 8,183 phost faoi chúram Údarás na Gaeltachta sa tír. Ar an lá deireanach den bhliain sin, bhí 8,251 phost faoi chúram Údarás na Gaeltachta sna Gaeltachtaí uilig.

Gabhaim buíochas don Aire Stáit as ucht an eolais sin. De réir na bhfigiúirí, is cosúil i rith na bliana 2000 go raibh méadú iomlán i bhfostaíocht sna Gaeltachtaí den ord 68 phost. An bhfuil an tAire Stáit sásta gur leor é sin nó ar mhaith léi go mbeadh méadú níos mó ar fhostaíocht sna Gaeltachtaí ná mar atá déanta go dtí seo? Tá deacrachtaí móra sna Gaeltachtaí ar fad maidir le fostaíocht, ó Thír Chonaill go Corcaigh go Ciarraí. Cad iad na pleananna atá ag an Údarás chun níos mó fostaíochta a chur ar bun i mbliana? Bheithfeá ag súil, leis an airgead uilig a chaitear agus a cuireadh ar fáil don údarás, go mbeadh deis aige níos mó postanna a chur ar fáil ná 68.

Tá mé sásta go bhfuilimid ag caint faoi méadú post. Tá sé mar aidhm agam, ag an Rialtas agus ag an údarás go mbeimid ag caint faoi méadú post seachas poist a chaomhnú sna Gaeltachtaí uilig. Níl mé sásta go leor mar gheall ar an méadú post atá muid ag caint faoi. Tá go leor brú ar na tionscail sna Gaeltachtaí, ar nós éadaí, feirmeacha éisc agus rudaí mar sin.

Bhí díospoireacht againn ag an gcoiste roimhe seo faoi na Meastúcháin, agus dúirt mé go mb'fhearr liom go mbeadh poist sa teicneolaíocht nua le pá níos fearr ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Beidh a fhios ag an Teachta go bhfuil 30 post úr-cheadaithe ag an Údarás i gCill Charthaigh. Seo tús maith do na Gaeltachtaí beaga. Beidh mé ag cur brú ar an údarás. Déanann sé gach iarracht níos mó post a chur ar fáil agus deimhniú go bhfuil caighdeán níos fearr iontu. Níl suim mhór ag an aos óg sna poist atá sna Gaeltachtaí. Tá níos mó suim acu sna poist nua-aimseartha.

Táimid sásta faoin méad atá ag dul ar aghaidh, ach níl mé thar a bheith sásta faoi mar b'fhearr liom go mbeimid ag caint faoi méadú níos mó ar phoist le fáil sna Gaeltachtaí uilig.

An bhfuil na poist sa bhreis ar phoist a fuair tacaíocht ón IDA?

Tá na poist seo sa bhreis agus taobh amuigh den IDA. Fuair na poist seo cabhair ó Údarás na Gaeltachta. Cuireadh 45 phost breise faoi chúram Údarás na Gaeltachta ar fáil i gceantar an Teachta i gContae na Gaillimhe.

Ó tharla go bhfuil an t-eolas ag an Aire Stáit, ar tháinig méadú ar phost sna Gaeltachtaí uile nó ar tháinig laghdú ar phost in aon Ghaeltacht sa bhliain 2000?

Is mór an trua go gcaithfidh mé a rá gur chailleamar 51 phost i gCondae Mhaigh Eo, an cuid is mó i Warners i mBéal an Mhuirthead, agus cúig phost i bPort Láirge.

Glacaim leis an bhéim atá á cur ag an Aire Stáit ar phost nua-aimseartha sna Ghaeltachtaí. Tá cursaí sa teicneolaíocht agus san eolaíocht ag dul i laige faoi láthair. An bhfuil sé sin in aigne ag lucht an Údaráis agus na Roinne?

Tá an ceart ag an Teachta. Bheadh eagla orm go mbeadh poist nua-aimseartha sna Ghaeltachtaí faoi bhrú i gcomhthéacs cad atá ag tarlú timpeall an domhain. Táimid ag caint faoi phost breise nó tionscail úr taobh amuigh de na tionscail traidisiúnta atá sna Ghaeltachtaí. Tá brú millteanach ag teacht ar na tionscail sin, go mórmhór an tionscal éadach, agus tá sé sin le feiceáil ar fud an tír agus ar fud na hEorpa.

Tá a fhios ag an Údarás go bhfuilimid ag caint faoi phost úr do na Gaeltachtaí uilig. Bheadh sé níos fearr go mbeadh 30 nó 50 post scaipthe tríd na Gaeltachtaí ná iad uilig ceangailte le monarcha nó tionscal amháin a bheadh i ndeacracht i deich mbliana. Tá an méid atá ráite ag an Teachta ar intinn agam.

Barr
Roinn