Dinny McGinley
Ceist:486 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta cé na céimeanna atá á mbeartú ag a Roinn le hoideachas tríú leibhéal a chur ar fáil sa Ghaeltacht. [23925/01]
Vol. 542 No. 2
486 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta cé na céimeanna atá á mbeartú ag a Roinn le hoideachas tríú leibhéal a chur ar fáil sa Ghaeltacht. [23925/01]
536 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta cé na céimeanna atá á nglacadh ag a Roinn chun oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a fhorbairt sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht. [23924/01]
Tá sé beartaithe agam Ceisteanna 486 agus 536 a fhreagairt le chéile.
Tá béim ar leith curtha ag an Rialtas seo ar an nGaeilge mar cheist náisiúnta. I gClár Gníomhachta an Rialtais glactar leis mar cheart bunúsach go mbeadh fáil ag gach saoránach ar a chuid oidhreachta a shaibhriú trín gcóras oideachais agus i gcoitinne, trín teanga Gaeilge a fhoghlaim agus a chaomhnú chomh forleathan agus is féidir. Tá cur chun cinn na Gaeilge clúdaithe sa reachtaíocht go léir a bhaineann leis an réimse ard-oideachais. In Acht na nOllscoileanna, 1997, Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992, agus Acht Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, 1992, tá sé luaite go bhfuil sé mar dhualgas ar na hollscoileanna agus na hinstitiúidí teicneolaíochta teangacha an Stáit, go háirithe an Ghaeilge, a chur chun cinn agus a chaomhnú ionas go gcaomhnófaí cultúir éagsúla na hÉireann.
Tá dualgas reachtúil ar leith ar an Údarás um Ard-Oideachas na haidhmeanna náisiúnta d'athbheochan na Gaeilge agus do chaomhnú agus d'fhorbairt an chultúir náisiúnta a choimeád i gcuimhne i gcónaí. Sa bhliain 1998 cuireadh leathmhilliún punt ar fáil don Údarás ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge ag an tríú leibhéal. Chuir an soláthar speisialta seo ar chumas na n-ollscoileanna beartais nua a chumadh agus a chur i gcrích a chuir borradh breise faoin nGaeilge ag an tríú leibhéal. Cuireadh £500,000 eile ar fáil don Údarás sa bhliain 1999 agus níos mó ná £500,000 sa bhliain 2000. Ó thaobh na n-institiúidí teicneolaíochta de, thug institiúidí éagsula moltaí maidir le Gaeilge isteach don Roinn agus sa bhliain 1999 chuir an Roinn airgead ar fáil dóibh i leith na moltaí céanna. Bronnadh níos mó airgid le haghaidh forbairt na Gaeilge do na hinstitiúidí sna blianta 2000 agus 2001.
Tá acmhainní soláthraithe ag mo Roinn ionas go mbeidh deontais ar leith ar fáil do mhic léinn ón nGaeltacht, do mhic léinn a chuaigh chuig Gaelscoileanna agus do dhaoine ar mian leo cúrsaí trí mheán na Gaeilge a dhéanamh. Gach bliain tairgítear 15 scoláireachtaí do mhic léinn ón nGaeltacht faoi scéim scoláireachtaí tríú leibhéal do mhic léinn ón nGaeltacht agus 15 scoláireachtaí eile do mhic léinn faoi scéim scoláíreachtaí Gaeilge tríú leibhéal.
Ina theannta sin, tairgítear 20 scoláireachtaí eile ar bhunús iomaíoch do mhic léinn a bhí ag freastal ar Ghaelscoileanna agus a bhfuil fonn orthu cúrsa tríú leibhéil a dhéanamh trí Ghaeilge. Is léir go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh fáil ar chúrsaí trí mheán na Gaeilge ag daoine ón nGaeltacht, ag daoine eile a chuaigh chuig Gaelscoileanna agus daoine ar mian leo cúrsaí trí mheán na Gaeilge a dhéanamh.