Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 13 Nov 2001

Vol. 543 No. 5

Written Answers. - Cuan Heilbhic.

Brian O'Shea

Ceist:

420 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phlean aici airgead a chur ar fáil do na hoibreacha forbartha ag Cuan Heilbhic, Contae Phort Láirge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27937/01]

Tá céibh Heilbhic aitheanta ag mo Roinnse mar cheann de na céibheanna stráitéiseacha atá beartaithe a fhorbairt le linn tréimhse an Phlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006.

Cheadaigh mo Roinn-se deontas £66,000 do Chomhairle Contae Phort Láirge anuraidh le cur ar a gcumas comhairleóirí a fhostú chun staidéir féidearthachta a dhéanamh ar an gcéibh. A luaithe agus a bheidh toradh an staidéir féidearthachta seo ar fáil déanfar an cás a mheas tuilleadh.

Ní miste dom a rá go bhfuil deontais de £28,425 san iomlán íoctha ag mo Roinn le Comhairle Contae Phort Láirge idir 1998 agus 2000 chun oibreacha áirithe feabhsúcháin a chur i gcrích ag an gcéibh seo. Anuas ar na deontais sin, ceadaíodh deontas £1,050 don chomhairle contae i mbliana chun dhá dhreimire a chur ag an tonnchosc ar an gcéibh.

Barr
Roinn