Tá ceathrar oide ceaptha chun ábhair a bheidh oiriúnach do theagasc na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán Ghaeilge a dhearadh. Cuirfidh na hábhair seo ar a gcumas d'oidí sna scoileanna sin freastal ar riachtanais an churaclaim leasuithe bhunscoile. Tá obair na ndearthóirí sin á bainistiú ag ionad oideachais Dhún na nGall. Tá na dearthóirí ag obair faoi stiúir ghinearálta chigirí na Roinne. Tá sé i gceist go gcuirfear an tionscadal seo faoi chúram an chomhlachta daoine atá le bunú faoi Alt 31 den Acht Oideachais (1998) nuair a bheidh sé sin curtha ar bun. Chuathas i gcomhairle le hionadaithe grúpaí a bhfuil baint acu le teagasc na Gaeilge, agus Gaelscoileanna agus eagraíocht na scoileanna Gaeltachta san áireamh. Lorgaíodh ainmniúcháin le haghaidh ceapacháin don chomhlucht daoine a bhunófar faoi Alt 31 den Acht Oideachais, 1998, agus tá na hainmniúcháin sin faighte anois ag mo Roinn. Fiche is a trí ball, agus an cathaoirleach san áireamh, a bheidh sa chomhlacht sin. Fógróidh mé bunú an chomhlachta agus an bhallraíocht a bheidh i gceist go luath.