Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 30 Jan 2002

Vol. 547 No. 1

Written Answers. - Grúpa Stiúrtha don Ghaeilge.

Eamon Gilmore

Ceist:

721 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil an bhfuil coiste stiúrtha don Ghaeilge ann; cén líon cruinnithe a bhí ag an gcoiste i rith na bliana seo caite; cad iad ainmneacha bhaill an choiste; cad é clár gnó an choiste; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1235/02]

D'imigh téarma cheapachán an Ghrúpa Stiúrtha don Ghaeilge san rialtas áitiúil in éag ar an 31ú lá de Mhárta, 2001, agus dá bharr sin níor tionóladh aon chruinnithe den Ghrúpa i rith na bliana 2001. Tá bun dlíthiúil anois do ghrúpa comhairleach i gcois úsáid na Gaeilge ins na húdaráis áitiúla faoi alt 68 den Acht Rialtas Áitiúil 2001. Tá sé ar intinn agam a leithéid de ghrúpa comhairleach a cheapadh go luath.

Barr
Roinn