Dinny McGinley
Ceist:894 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil deontas ceadaithe do chéidh Mhachaire Rabhartaigh; méid an deontais; agus cén uair a thosnófar ar an obair. [2333/02]
Vol. 547 No. 1
894 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil deontas ceadaithe do chéidh Mhachaire Rabhartaigh; méid an deontais; agus cén uair a thosnófar ar an obair. [2333/02]
I mí Dheireadh Fómhair 2001, cheadaigh mé deontas 2,412,502 do Chomhairle Chontae Dhún na nGall chun síneadh a chur le chéibh Mhachaire Rabhartaigh. Cosnóidh an obair seo 2,602,963 san iomlán le fuílleach an chostais le teacht ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall. Tuigim go bhfuil conradh don obair réidh le síniú ag an gComhairle Chontae agus go bhfuil i gceist ag an gconraitheoir tosú ar an obair go luath i mí Márta.