Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 30 Jan 2002

Vol. 547 No. 1

Written Answers. - Job Creation.

Dinny McGinley

Ceist:

895 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna ag Údarás na Gaeltachta aon tionscal a bhunú ar an Eastát Tionscail ar an bhFál Carrach i nDún na nGall; agus an ndéanfaidh sí ráiteas i dtaobh na bpostanna a cailleadh ansin le bliain anuas. [2334/02]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil iarrachtaí ar siúl ag an Údarás an t-am ar fad chun tograí fiúntacha a aimsiú don Eastát Tionscal seo agus do cheantar Chloich Cheann Fhaola i gcoitinne. Tá treis curtha leis na hiarrachtaí sin ó fograíodh na scéalta faoi na tionscail éagsúla a bhí ar an Eastát i 2001 ach caithfear cuimhniú nach bhfuil aeráid an-dearfach ann faoi láthair maidir le forbairt thionsclaíoch. Chuir go leor comhlachtaí móra idirnáisiúnta a bhí ag breathnú ar fhorbairtí ins an tír seo a gcuid pleananna ar athló tar éis imeachtaí 11 Meán Fómhair na bliana seo caite agus freisin mar gheall ar an lag trá ins an earnáil ardtheicneolaíochta. Bhí tionchar ag na nithe seo ar iarrachtaí an Údaráis i 2001 chomh maith agus caithfidh dóchas a bheith againn go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí sa bhliain 2002.

896. D'fhiafraighMr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé socair réamh-mhonarcha a bhunú i gceantar Ard a' Rátha i nDún na nGall. [2335/02]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil suíomh suas le 12 acra á cheannach ag an Údarás i Mín na Coilleadh, Ard a' Rátha faoi láthair faoi réir gur féidir cead pleanála imlíneach a fháil chun an suíomh a fhorbairt mar ionad tionsclaíochta. Tá an próiséas pleanála idir lámha agus beidh dul chun cinn breise ar an ábhar ag brath ar thoradh fábharach a bheith ar an bpróiséas sin.

Barr
Roinn