Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 30 Jan 2002

Vol. 547 No. 1

Written Answers. - Harbours and Piers.

Dinny McGinley

Ceist:

897 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phlean le hobair feabhsúcháin a dhéanamh ar an chéidh ag Teileann, Dún na nGall. [2336/02]

Mar a míníodh don Teachta ar 16 Deireadh Fómhair 2001 tá céibh Theilinn aitheanta ag mo Roinnse mar cheann de na céibheanna stráitéiseacha atá beartaithe a fhorbairt le linn tréimhse an Phlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006. Tá tuarascáil faighte le déanaí ó na comhairleoirí a d'fhostaigh Comhairle Chontae Dhún na nGall agus tá sé á scrúdú ag mo Roinnse.

Barr
Roinn