Dinny McGinley
Ceist:898 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna ag Údarás na Gaeltachta tionscal nó réamh-mhonarcha a bhunú ar Oileán Árainn Mhór i nDún na nGall. [2337/02]
Vol. 547 No. 1
898 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phleananna ag Údarás na Gaeltachta tionscal nó réamh-mhonarcha a bhunú ar Oileán Árainn Mhór i nDún na nGall. [2337/02]
Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil Ionad Fiontraíochta, d'achar 380 meadar cearnach, tógtha ar Oileán Árainn Mhór ag an Údarás. Tá dhá thogra ríomhaireachta réidh le bogadh isteach san ionad go luath. Is tograí beaga iad seo atá feiliúnach don Oileán le sprioc fostaíochta de ochtar fostaí lán-aimseartha agus iad i mbun gnó.