Brian O'Shea
Ceist:1297 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain a thabharfaidh sé aitheantas oifigiúil do Ghaelcholáiste Aibhistín, Dún Garbháin, Contae Phort Láirge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2359/02]
Vol. 547 No. 1
1297 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain a thabharfaidh sé aitheantas oifigiúil do Ghaelcholáiste Aibhistín, Dún Garbháin, Contae Phort Láirge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2359/02]
Is mian liom a dheimhniú don Teachta go bhfuarthas i mo Roinn an t-iarratas a luaigh sé. Tá an t-iarratas seo á mheas sa rannóg pleanála faoi láthair. Tabharfar breith sa chás chomh luath agus is féidir agus cuirfear scéala ina leith chuig údaráis bainistíochta na scoile.