Sílim ón méid a bhí le rá ag an Aire Stáit go bhfuil sé thar a bheith soiléir nach mbeidh an Bille le feiceáil roimh dheireadh na Dála agus is cinnte nach mbeidh sé ina reachtaíocht. Níl ann ach seift polaitíochta agus gheobhaidh an Bille bás nuair a gheobhaidh an Dáil bás. Sin é an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit.
An aontódh an t-Aire Stáit, chun tosaíocht agus práinneacht a thabhairt don Bhille, nár chomhair di é a chur amach nó "sub-letting" a dhéanamh air agus duine éigin eile taobh amuigh de na dréachtóirí parlaiminte a úsáid, ach go mba chomhair go mbéadh sé dréachtaithe ag na dréachtóirí parlaiminte? An aontódh sí nach bhfuil gá é a chur amach agus, dá mba rud é nach ndearnadh sí é sin, go mbéadh an Bille réidh blianta ó shin?
Ní shílim go bhfuil an Rialtas dáiríre. Dá mba rud é go raibh sé ar intinn aige é a thabhairt isteach, bhéadh sé déanta fadó. An aontódh an t-Aire Stáit go bhfuil deacrachtaí ag an Rialtas go fóill maidir leis an reachtaíocht speisialta seo?