Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 20 Mar 2002

Vol. 550 No. 4

Written Answers. - Aitheantas Scoile.

Trevor Sargent

Ceist:

914 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain a thabharfaidh sé aitheantas do Gaelscoil Bhrían Boróimhe i Sord Cholm Cille, Contae Bhaile Átha Cliath, mar tá éileamh ar an scoil ag méadú i gcónaí. [9401/02]

Bronnadh aitheantas sealadach ar Ghaelscoil Bhrían Boróimhe i Sord Cholm Chille, Contae Átha Cliath, i Mí Meán Fómhair, 1999.

De gnáth, bíonn mo Roinn sásta aitheantas buan a bhronnadh ar scoil nuair a léirítear go bhfuil fás suntasach in ann di, nuair a bhítear sásta go bhfuil an scoil á stiúriú de réir rialacha mo Roinne agus go bhfuil cóiríocht sealadach na scoile sásúil.

Fuarthas iarratas i leith aitheantas buan do Ghaelscoil Bhrian Boróimhe i mo Roinn í Mí Meán Fómhair, 2000. Cuireadh scrúdú an iarratais ar athló i mo Roinn go dtí gur aistríodh an scoil go dtí áitribh oiriúnach. Tharla an t-aistriú sin i Mí na Samhna 2001 agus tá an t-iarratas seo á scrúdú sa rannóg pleanála i dtaca le tuairisc sa chás ón gcigire ceanntair. Cuirfear cinneadh mo Roinne maidir leis an iarratas seo chuig bord bainistíochta na scoile chomh luath agus is féidir.
Barr
Roinn