Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 20 Mar 2002

Vol. 550 No. 4

Written Answers. - Oideachas Tríú Leibhéal.

Dinny McGinley

Ceist:

79 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil Plean Forbartha don Oideachas Tríú Leibhéal sa Ghaeltacht faighte ag a Roinn; an bhfuil an plean á mheas faoi láthair; agus cén uair atá sé ag súil go ndéanfar cinneadh ina leith. [6868/02]

Sa bhliain 1999, chuaigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chun cainte leis na hollscoileanna eile a bhfuil ceantar Gaeltachta ina n-abhantrach ar mhaithe le moltaí a dhéanamh maidir le forbairt an oideachais tríú leibhéal sa Ghaeltacht. Ina dhiaidh sin, bunaíodh grúpa oibre idir-ollscoile, idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, agus Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, le tuairimí na nOllscoileanna a fháil agus straitéis chomtháite forbartha a aontú. Chuir an grúpa Plean Forbatha don Oideachas Triú Leibhéal sa Ghaeltacht faoi mo bhráid agus faoi bhráid an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.

De bharr tábhacht an ábhair is léir go mba chóir impleachtaí na straitéise a mheas sula ndéanfar cinneadh ina leith. Dá bharr sin bunaíodh grúpa oibre idirgníomhaireachta, le h-ionadaithe ó mo Roinn féin, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, ón Údarás um Ard-Oideachas agus Údarás na Gaeltachta, le bheith i bhfeighil measúnú na straitéise. Tionóladh an chéad cruinniú den ghrúpa oibre idirgníomhaireachta ar 7 Mhárta. Rinne ionadaithe ón grúpa oibre idir-ollscoile cur i láthair ar an straitéis ag an gcruinniú. Táthar ag súil go dtabharfaidh an grúpa oibre idirgníomhaireachta tuairisc ar staid an ghnó i rith an tsamhraidh.

Barr
Roinn