Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 17 Apr 2002

Vol. 552 No. 1

Written Answers. - Ceannacht Suíomh.

Brian O'Shea

Ceist:

241 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Airgeadais an bhfuil an suíomh 2.5 acra do thionscamh tógála Ghaelscoil Philib Barún ceannaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí ó Ráschúrsa Thrá Mhór; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11283/02]

Is gníomhaire don Roinn Oideachais agus Eolaíochta í Oifig na nOibreacha Poiblí i mbun fáil suíomh i dtaobh áiseanna nua scoile. Maidir le fáil an tsuíomh atá luaite ag an Teachta, tá na conraithe a bhaineann leis idir lámha faoi láthair. Nuair a réiteofar iad, seolfar na conraithe chuig an Roinn chun iad a chur i bhfeidhim.

Barr
Roinn