Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 17 Apr 2002

Vol. 552 No. 1

Written Answers. - Tionscail i nDún na nGall.

Dinny McGinley

Ceist:

510 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an líon postanna a cailleadh i ngach tionscal ar an eastát tionscail ar an bhFál Carrach le trí bliana anuas, an líon atá fostaithe i ngach tionscal acu sin faoi láthair agus cad iad na hiarrachtaí atá ar siúl faoi láthair le tionscal úr a mhealladh go ceantar Chloch Cheann Fhaola. [11671/02]

De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta ó na suirbhéanna bliantúla, thit an fhostaíocht san eastát tionscail ar an bhFál Carrach ó 111 go dtí 65 post lánaimseartha le trí bliana anuas. Ba iad na príomhchúiseanna leis an laghdú seo ná gur aistrigh an gnó gairméidí caomhnaithe ón eastát tionscail ar an bhFál Carrach go dtí eastát tionscail na nDoirí Beaga, áit ina bhfuil príomhfhoirgneamh an chomhlachta sin, agus gur cailleadh postanna nuair a ceapadh leachtaitheoir ar an gcomhlacht Spleodar Lectreónach. Tá 177 post lánaimseartha, 79 post páirtaimseartha, agus 59 post séasúrach i dtionscail eile a fuair tacaíocht ón údarás i gceantar Ghort an Choirce agus Chloch Cheann Fhaola. Tá iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an údarás chun tionscail nua a mhealladh chuig gach ceantar Gaeltachta agus mar chuid de na hiarrachtaí sin tá cruinniú socraithe ag an údarás le hionadaithe pobail Ghaeltacht Dhún na nGall i nGaoth Dobhair ar 25 Aibreán 2002. Tá sé i gceist agam a bheith i láthair ag an gcruinniú sin.

511. D'fhiafraighMr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na tionscail atá lonnaithe i nGaeltacht iar-dheisceart Dhún na nGall, an líon daoine atá fostaithe i ngach tionscal acu sin agus an bhfuil iarrachtaí á ndeánamh le tionscal eile a thabhairt go dtí an ceantar sin. [11672/02]

De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, tá 87 tionscail lonnaithe le tacaíocht deontais ón údarás i gceantar Gaeltachta iar-dheisceart Dhún na nGall. Tá eolas faoi na príomh-thionscail seo ar fáil san aguisín do thuarascáil bhliantúil an údaráis, 2000. Ón suirbhé fostaíochta is deireanaí, bhí 555 post lánaimseartha, 92 post páirtaimseartha, agus 105 post séasúrach mar fhostaíocht iontu ag deireadh 2001. Mar is eol don Teachta, tá iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an údarás chun tionscail nua a mhealladh chuig gach ceantar Gaeltachta.

512. D'fhiafraighMr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na tionscail atá lonnaithe sa Ghaeltacht Láir i nDún na nGall, an líon daoine atá fostaithe i ngach tionscal acu sin agus na hiarrachtaí atá á ndeánamh le tionscal eile a mhealladh isteach sa cheantar sin. [11673/02]

De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, tá 24 tionscail lonnaithe le tacaíocht deontais ón údarás i gceantar na Gaeltachta Láir. Tá eolas faoi na príomh-thionscail seo ar fáil san aguisín do thuarascáil bhliantúil an údaráis, 2000. Ón suirbhé fostaíochta is deireanaí, bhí 79 post lánaimseartha, 28 post páirtaimseartha, agus naoi bpost séasúrach mar fhostaíocht iontu ag deireadh 2001. Mar is eol don Teachta, tá iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an údarás chun tionscail nua a mhealladh chuig gach ceantar Gaeltachta.

513. D'fhiafraighMr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an líon postanna a cailleadh i ngach tionscal ar an eastát tionscail sna Doirí Beaga i nGaoth Dobhair ó 1 Eanáir 2000 go dáta, an líon daoine atá fostaithe i ngach tionscal faoi láthair agus na hiarrachtaí atá ar siúl le tionscal úr a thabhairt go dtí an ceantar. [11674/02]

De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta bunaithe ar a shuirbhéanna fostaíochta bliantúla, seo a leanas an staid maidir le fostaíocht i mbreis agus 30 comhlacht a fuair cúnamh ón údarás ar an eastát tionscail sna Doirí Beaga:–

Deireadh nabliana

PostLánaimseartha

PostPáirtaimseartha

PostSéasúrach

1999

1099

56

2

2001

1041

65

4

Dár ndóigh tá os cionn 100 duine eile fostaithe ar an eastát i seirbhísí nár bunaíodh le tacaíocht ón údarás, mar shampla, FÁS, an bord sláinte, an túdarás agus oifig mo Roinne féin. Tá iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag an údarás chun tionscail nua a mhealladh chuig gach ceantar Gaeltachta agus mar chuid de na hiarrachtaí sin tá cruinniú socraithe ag an údarás le hionadaithe pobail Ghaeltacht Dhún na nGall i nGaoth Dobhair ar 25 Aibreán 2002. Tá sé i gceist agam a bheith i láthair ag an gcruinniú sin.

Barr
Roinn