Sa bhliain 2002 tá €182.31 milliún á leithdháileadh ar scoileanna iarbhunoideachais, arb é an leibhéal is airde maoinithe go dtí seo é agus léiríonn sé tiomantas an Rialtais chun feabhas a chur ar an staid cóiríochta i scoileanna iarbhunoideachais. Sin beagnach ceathair oiread na hinfheistíochta a rinne an Rialtas roimhe seo i 1997.
Mar gheall ar an leibhéal infheistíochta, atá méadaithe go mór, i réimse na bhfoirgneamh iarbhunoideachais ó tháinig an Rialtas seo in oifig, tá méadú substaintiúil tagtha ar an líon mórthionscadal agus mionthionscadal tógála a bhfuiltear ina mbun agus as sin eascraíonn an leibhéal is mó riamh de ghníomhaíocht tógála agus athchóirithe.
Tá iniúchadh á dhéanamh ag an Roinn i láthair na huaire ar thogra atá curtha isteach ag Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe thar ceann Choláiste na Coirbe. Tabharfaidh oifigeach Roinne cuairt ar an gceantar go gairid leis an bpíosa talún atá i gceist a iniúchadh agus aird a thabhairt ar oiriúnacht an láithreáin d'fhorbairt scoile.