Mar atá a fhios ag an Teachta, tá sé leagtha amach i gClár an Rialtais, Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas), 2002, atá mar chúram ar mo chomhleacaí, an Teachta. Éamon Ó Cuív, Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, a chur i ngníomh. Tá structúirí agus comhshocraithe á gcur ar bun chun go mbeidh mo Roinn agus na boird sláinte in ann forálacha an Bhille a shásamh nuair a chuirtear i ngníomh é.
Cuimsíonn an plean gníomhaíochta um sheirbhís do chustaiméirí mo Roinn eolas ar an gcaoi a gcuirfear i bhfeidhm an 12 phrionsabail seirbhíse cáilíochta do chustaiméirí agus tá comhionannas teangacha oifigiúla mar aon de na 12 phrionsabail sin. Dearbhaíonn an prionsabal seo go ndéanfaidh Ranna na Státseirbhíse agus oifigí na seirbhísi poiblí seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar i nGaeilge agus/nó go dátheangach agus a chur in iúl do chustaiméirí go bhfuil an ceart acu a roghnú go ndéileálfar leo i gceann amháin de na teangacha oifigiúla. Tugaim féin tacaíocht iomlán don phrionsabal seo.