Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 15 Oct 2002

Vol. 555 No. 2

Adjournment Debate. - Polasaí Dátheangachais.

Trevor Sargent

Ceist:

112 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Sláinte agus Leanaí an gcuirfidh sé ar bun polasaí dátheangachais don Roinn agus do na boird sláinte sa tslí is gur féidir le gach duine an Béarla agus an Ghaeilge a léamh taobh le taobh in ionad an pobal a dheighilt ina dhá chuid mar a tharlaíonn sa litríocht ón Roinn agus ó na boird faoi láthair. [17921/02]

Mar atá a fhios ag an Teachta, tá sé leagtha amach i gClár an Rialtais, Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas), 2002, atá mar chúram ar mo chomhleacaí, an Teachta. Éamon Ó Cuív, Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, a chur i ngníomh. Tá structúirí agus comhshocraithe á gcur ar bun chun go mbeidh mo Roinn agus na boird sláinte in ann forálacha an Bhille a shásamh nuair a chuirtear i ngníomh é.

Cuimsíonn an plean gníomhaíochta um sheirbhís do chustaiméirí mo Roinn eolas ar an gcaoi a gcuirfear i bhfeidhm an 12 phrionsabail seirbhíse cáilíochta do chustaiméirí agus tá comhionannas teangacha oifigiúla mar aon de na 12 phrionsabail sin. Dearbhaíonn an prionsabal seo go ndéanfaidh Ranna na Státseirbhíse agus oifigí na seirbhísi poiblí seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar i nGaeilge agus/nó go dátheangach agus a chur in iúl do chustaiméirí go bhfuil an ceart acu a roghnú go ndéileálfar leo i gceann amháin de na teangacha oifigiúla. Tugaim féin tacaíocht iomlán don phrionsabal seo.

Barr
Roinn