Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 5 Nov 2002

Vol. 556 No. 3

Written Answers. - Industrial Development.

Dinny McGinley

Ceist:

716 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é méid an deontais a ceadaíodh do thionscal (sonraí tugtha), an líon daoine a fostaíodh, an méid den deontas atá íoctha go dáta agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [20102/02]

De réir an eolais atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, tá deontais de €214,563 ceadaithe agus €71,105 de sin íoctha leis an gcomhlacht go dáta. Is comhlacht réasúnta nua é seo le sprioc de 20 post nuair a bheidh sé faoi lánseol. Tá ochtar fostaithe ann faoi láthair.

Barr
Roinn