Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 26 Nov 2002

Vol. 558 No. 1

Written Answers. - Inland Waterways.

Dinny McGinley

Ceist:

484 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ina Roinn le taoscadh a dhéanamh ar an chanáil idir Mullach Dearg agus Ceann Caslach (i nDún na nGall), an bhfuil tuairisc ina Roinn fán tionscnamh, cad iad na moltaí a rinne cigire a Roinne agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23625/02]

Tá iarratas ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall á scrúdú ag mo Roinnse faoi lathair. Tuigim ón gcomhairle atá curtha ar fáil dom go bhfuil an tionscadal seo casta agus go bhfuil impleachtaí ann don timpeallacht agus ó thaobh luach airgid de. Nuair a bheidh na himpleachtaí seo scrúdaithe ag mo Roinnse, i gcomhar le Comhairle Chontae Dhún na nGall beidh mé in ann cinneadh a dhéanamh.

Barr
Roinn