Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 26 Nov 2002

Vol. 558 No. 1

Adjournment Debate. - Job Losses.

Trí seachtaine ó shin bhí mé anseo nuair a bhí an tAire ina shuí san áit ina bhfuil sé anocht agus muid ag plé fá 50 post a cailleadh ar an eastát tionscail i nGaoth Dobhair. Trí seachtaine ina dhiaidh sin, fógraíodh inniu go bhfuil tionscal eile ar an eastát ag cailleadh 35 post ón Aoine seo chugainn. Is dócha go ndéarfaidh an tAire gur postanna sealadacha a bhí iontu agus tá sin fíor. Ar an lámh eile, tá 35 ag obair ar eastát inniu agus ní bheidh siad ag obair i gceann seachtaine agus cíallaíonn sin go mbeidh 85 ar fad amach as obair i dtrí seachtaine agus an Nollaig ag bualadh linn. Caidé an sórt Nollag a bheas ag na teaghlaigh sin agus na haithreacha agus máthracha dífhostaithe agus an brú ar bhíonn ar thuismitheoirí ag an am seo den bhliain? Ní fhéadfadh sé tarlú ag am níos measa.

Cuirfidh an 35 seo agus an 50 trí seachtaine ó shin go mór leis an bhrú dífhostaíochta atá i gceantair Ghaoth Dobhair, Cloch Cheann Fhaola agus na Rossan mar tagann na daoine seo atá ag obair san eastát as na trí pharóiste sin. Ní amháin i nGaoth Dobhair atá seo ag tarlú. I bparóiste Chloch Cheann Fhaola, áit ina bhfuil an difhostaíocht imithe i méad go mór, tá monarchan folamh ann. Bhí mé ag éisteacht le ball Údaráis na Gaeltachta inné ar an raidió ag insint go bhfuil na comhraití a bhí ag dul ar aghaidh idir an údarás agus dream éigin maidir le tionscal a chur isteach ar an Chaiseal i nGort a' Choirce ag cur isteach go mór air agus go bhfuil an tóin i ndiaidh titim as na cainteanna sin. Monarchan atá ansin le 20 bliain agus níor éirigh leis an údarás, ná dream ar bith eile, tionscal buan a chur isteach ann.

Tá an rud céanna sna Rossan agus gach páirt eile de Ghaeltacht Thír Chonaill. Nuair a thiocfas tuairisc chinn bhliana an údaráis amach, beidh níos lú ag obair i dtionscal an údaráis i dTír Chonaill ná a bhí anuraidh agus arú anuraidh. Tá na figiúirí ansin. Dúirt an tAire féin é trí seachtaine ó shin go bhfuil 400 níos lú ag obair an eastát i nGaoth Dobhair anois ná mar a bhí arú anuraidh. Insíonn sin scéal.

An eagla mhór atá orm ná gur beag dóchais atá againn go dtiocfaidh feabhas ar an scéal sa bhliain úr. Foilsíodh na Meastacháin seachtain ó shin agus ceann de na rudaí a chuir isteach orainn agus ar éifeacht an údaráis ná go bhfuil titim de 22% ar shólathar airgidis chaipitil Údarás na Gaeltachta.

Bhí titim ó €32 milliún sa bhliain le monarchain nua agus fostaíocht a mhealleadh isteach do no Gaeltachta go dtí €25 milliún. Bhí díospóireacht ag Údaras na Gaeltachta i nGaillimh, i ndáilcheantar an Aire é féin, ag an deireadh seachtaine seo caite agus tuigeann na baill uilig go mbeidh seo mar chúis mhór deacrachtaí don údarás sa bhliain amach romhainn. Chuir an t-iarAire Stáit grúpa ar bun agus tá sé ag scrúdú cúrsaí ar láthair na huaire. Tá muid ag súil le scéal uaidh ach mí i ndiaidh míosa tá postanna á gcailleadh agus gan aon cheann le cur ina n-áit. Caide a déarfaimid leis an 35 a scaoileadh as a bpost iad inniu? Cá bhfuil siad chun fostaíochta a fhail? An mbeidh sé le fáil sa Ghaeltacht nó an gcaithfidh siad an Ghaeltacht a fhágáil? Níl na postanna ansin.

Tá géarchéim ann. Níl fonn ormsa theacht isteach anseo achan mhí agus a bheith ag tabhairt amach fá tuilleadh postanna a cailleadh. Ba bhreá liom seans a bheith agam theacht isteach anseo agus moladh a thabhairt as postanna úra a cruthaíodh ach is fada ó bhí deis agam sin a dhéanamh. Tá súil agam go rachaidh an tAire, agus an t-údarás agus na háisinteachta go léir isteach chun leighis a fháil ar na deacrachtaí móra dífhostaíochta ata ar fud na Gaeltachta i dTír Chonaill, go mór mhór ar an eastát tionscail i nGaoth Dobhair.

Tá soláthar dóthain curtha ar fáil don údarás don bhliain seo chugainn. Tá an ceart ag an Teachta nach bhfuil an oiread céanna airgid bheith curtha ar fáil sa bhliain seo chugainn agus a cuireadh ar fáil i mbliana. Tá cúis an-simplí leis sin, tugadh €5 milliun sa bhreis ar an airgead a bhí ann anuraidh cheana fein i mbliana don údarás. Leis an gclár a chuir mé i láthair an údaráis le húsáid níos fearr a bhaint as na sócmhainní, tá dóthain airgid ar fáil don bhliain seo chugainn ach caithfear nuálach a chur i mbun oibre ag an údarás. Níl aon amhras orm ach go bhfuil formhór mhaith den údarás ar an tuiscint gur féidir oibriú go héifeachtach ar an mbealach sin.

Is comhlacht é BMR Teoranta a bhfuil aonad táirgíochta aige ar an eastát tionscail i nGaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall agus aonad riaracháin eile ar Eastát na Páirce Móire i nGaeltacht na hAchréidh i nGaillimh.

D'fhógair an comhlacht inniu go bhfil sé le 35 phost sealadach i nGaoth Dobhair agus 16 phost sealadach eile i nGaillimh a scaoileadh chun bealaigh ag deireadh na seachtaine seo. Fágann sé seo go bhfuil 241 san iomlán fostaithe ag an chomlacht anois, 133 i nGaoth Dobhair agus 108 i nGaillimh. Is fostaíocht bhuan lánaimseartha is mó atá i gceist, seachas líon beag atá fostaithe ar bhonn páirtaimseartha agus sealadach. Is comhlacht an-tábhtachtach é i nGaoth Dobhair ó bunaíodh é i 1990.

Maidir leis na fostaithe atá ag cailleadh a bpost, is daoine iad seo a fhostaítear go sealadach chuile bhliain nuair a bhíonn éileamh trom ar thairgí an chomhlachta chun freastal, ach go háirithe, ar sheasúr na Nollag. Nuair a bhíonn stoc curtha le chéile don seasúr sin scaoiltear leis na fostaithe sealadacha sin agus titeann leibhéal fostaíochta an chomhlachta ar ais go dtí leibhéal na bhfostaithe buana.

Níl aon amhras ach gur cúis imní dom féin agus d'Údarás na Gaeltachta aon phostanna a bheith á gcailliúnt in aon tionscal Gaeltachta ach, sa chás áirithe seo, caithfear a aithint gur fostaíocht sheasúrach atá i gceist. Is minic fostaithe bheith á gceapadh ag comhlachtaí ar bhonn sealadach chun tabhairt faoi chonarthaí gearrthéarmacha agus is amhlaidh go mbaineann go leor de thairgíocht comhlachtaí áirithe le hullmhúchán do sheasúr na Nollag.

I gcás Ghaoth Dobhair, tuigim go maith an imní atá ar an Teachta mar gheall ar an líon postanna atá caillte ar an eastát tionscail le tamall anuas. Mar a mhínigh mé i ndíospóireacht eile faoin ábhar céanna sa Teach seo le gairid, tá beagán le cois 1,000 duine ag obair idir Eastát Tionscail Ghaoth Dobhair agus Nuvotem Teo i gCroithlí. Is glan-laghdú é seo de thuairim is 300 le cúpla bliain anuas in ainneoin breis agus 100 post nua a bheith cruthaithe sa tréimhse chéanna. Chomh malth leis sin, tá breis is 300 de na fostaithe ar an eastát ar sheachtain oibre ghearr. Is údar imní agus buartha é seo don údarás agus pléadh na fadhbanna seo ag a chruinniú i nGaoth Dobhair le gairid. Deimhníodh go ndéanfar gach dícheall an fhostaíocht eile atá fós ann a chaomhnú agus tuilleadh fostaíochta a chruthú.

Bhunaigh an t-iarAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, an Teachta Coughlan, grúpa oibre idiráisínteacht roinnt míonna ó shin. Is d'fhonn na polasaithe atá riachtanach chun deiseanna fostaíochta sa Ghaeltacht a scrúdú a bunaíodh an grúpa oibre seo. Tá mé ag súil go gcuirfear an tuarascáil seo faoi mo bhráid go luath agus go mbeidh beartais aimsithe a thabharfaidh aghaidh ar an ghéarchéim fhostaíochta atá ag bagairt ar an Ghaeltacht faoi láthair, agus beartais a rachaidh chun tairbhe do chruthú postanna buanna, inmharthana sa Ghaeltacht sa todhchaí.

Ag eirí as moltaí an ghrúpa oibre seo, agus ag cur leis na tosaíochtaí atá glactha ag an údarás cheana féin, tá mé dóchasach go mbeifear in ann deiseanna fiúntacha fostaíochta a chur ar fáil. Beifear ag diriú ar réimsí nua-aimseartha fostaíochta le béim níos mó ar ardscileanna agus acmhainní dúchasacha na Gaeltachta, an Ghaeilge san áireamh.

Tá dul chun cinn maith déanta le tamall maidir le tograí nua a aimsiú do cheantar Ghaoth Dobhair. Cé go bhfuil se ró-luath sonraí a thabhairt, tá súil agam go mbeidh cúpla gnó nua á mbunú ann go luath, bunaithe ar chúnamh atá ceadaithe ag an údarás dóibh le roinnt míonna anuas. Beidh deis ag an Teachta moladh a thabhairt dom ansin nuair a bheas sé tuillte.

Mar a dúirt mé cheana, is údar mór imní dúinn ar fad an lagtrá seó atá le sonrú i gcúrsaí fostaíochta, i dTír ChonaiIl ach go háirithe agus go deimhin féin sa Ghaeltacht i gcoitinne. Ní féidir liom tada a dhéanamh ach airgead a chur ar fáil agus féachaint go gcaithfear an t-airgead sin ar bhealach chun leasa na Gaeltachta. Is féidir bheith cinnte go n-oibreoidh mé féin agus an t-údarás chun na críocha sin a bhaint amach.

Tá sé i gceist agamsa le linn mo thréimhse mar Aire athruithe suntasacha a dhéanamh ar struch túr eagras éagsúla atá faoi scáth ma Roinne,Údarás na Gaeltachta ina measc, le cinntiú go bhfuil luach ceart á fháil ag an bpobal as an infheistíocht Stáit atá á cur ar fáil. Bhí cruinniú agam cheana le bord an údaráis leis an gceist seo a phlé agus beidh sé ar chlár oibre an Choiste Comhairligh atá bunaithe agam chomh maith.

The Dáil adjourned at 10.35 p.m. until 10.30 a.m. on Wednesday, 27 November 2002.

Barr
Roinn