Faoi mar is eol don Teachta, tá soláthar de €12.416 milliún don bhForas Teanga san áireamh san imleabhar Meastacháin giorraithe do 2003. Chomh maith leis sin, beidh cistíocht bhreise anuas ar an mhéid sin á cur ar fáil don bhForas Teanga ag an Roinn Cultúr, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart.
Cé go bhfuil aiféala orm maidir leis an laghdú, de 11%, atá déanta ar an soláthar don bhForas Teanga, ní mór é a chur i gcomhthéacs an mhéadaithe ollmhóir ar an gcúnamh atá curtha ar fáil ag mo Roinnse don eagraíocht le blianta beaga anuas – ó €7.577 milliún i 2000 go €14 milliún i 2002.
Tá mé muiníneach go mbeidh An Foras Teanga agus na heagrais deonach atá ag brath air in ann leanúint de chlár iomlán a chur chun feidhme laistigh den soláthar airgid atá ar fáil dó don bhliain 2003.