Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Feb 2003

Vol. 561 No. 2

Written Answers. - Scéim Labhairt na Gaeilge.

Michael D. Higgins

Ceist:

141 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuair sé mórán moltaí nó tuairimí ón bpobal roimh 31 Nollaig 2002 maidir le scéim labhairt na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3692/03]

I Samhain 2002 d'eisigh mo Roinn fógra poiblí sna meáin chumarsáide ag lorg moltaí nó tuairimí ón bpobal maidir leis an athbhreithniú atá á dhéanamh ar scéim labhairt na Gaeilge. Fuarthas 18 aighneachtaí ar fad ón bpobal de thoradh an fhógra seo agus cuirfear iad seo san áireamh san athbhreithniú atá i gceist.

Question No. 142 answered with Question No. 112.

Barr
Roinn