Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Feb 2003

Vol. 561 No. 2

Written Answers. - Bille na dTeangacha Oifigiúla.

Eamon Gilmore

Ceist:

150 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a thosóidh Céim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2002 sa Seanad; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [3689/03]

Mar is eol don Teachta, foilsíodh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas) 2002 ar 15 Aibreán 2002. Tá glactha leis an Dara Chéim den Bhille sa Seanad. Tá comhráití ar siúl faoi láthair idir Oifig an Ard-Aighne agus mo Roinnse maidir le leasuithe áirithe atá le déanamh ar an mBille. Ina theannta sin, tá comhairle á glacadh leis an oifig chéanna maidir le saincheisteanna atá tar éis teacht chun chinn in aighneachtaí faoin mBille – aighneachtaí ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Foras na Gaeilge san áireamh – atá curtha faoi bhráid mo Roinne-se. Tá súil agam go dtiocfar ar shocrú faoi na nithe seo go han-luath, sa gcaoi is go mbeifear réidh chun dul ar aghaidh le Céim an Choiste den Bhille sa Seanad.

Barr
Roinn