Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 12 Feb 2003

Vol. 561 No. 2

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Dinny McGinley

Ceist:

153 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an eol dó nach bhfuil sé ar chumas Údarás na Gaeltachta aon deontas fostaíochta a cheadú don chéad dá mhí den bhliain reatha de bharr ganntanais airgid agus an dtuigeann sé an dochar a d'fhéadfadh sé seo a dhéanamh do chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht. [3523/03]

Mar is eol don Teachta tá soláthar de €24 mhilliún curtha ar fáil i mbliana d'Údarás na Gaeltachta i gcomhair deontas do thionscail agus caiteachas caipitil ar fhoirgnimh. Tá mé sásta gur soláthar sásúil é seo ag cuimhneamh ar an éileamh ar dheontais thionsclaíocha nua a bhfuiltear ag súil leis. Tuigim go bhfuil cinneadh bainistíochta tógtha ag an údarás gan tionscadail ná iarratais ar chúnamh airgid a phlé ag cruinnithe bhord an údaráis i mí Eanáir agus i mí Fheabhra. Tuigim chomh maith go bhfuil na feidhmeannaigh ag leanúint ar aghaidh ag plé le tograí agus le cliaint ar an ngnáthbhealach agus tá mé sásta nach mbeidh aon togra ná tionscadail á chur ó dhoras ag an údarás de dheasca easpa airgid.

Barr
Roinn