Fáiltím roimh an scéal ón daonáireamh sa Tuaisceart go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndaoine ansin le cumas acu sa Ghaeilge ó 9.4% i 1991 go 10.4% i 2001. Faoi mar is eol don Teachta, tá soláthar de €12.416 milliún don bhForas Teanga san áireamh san imleabhar Meastacháin giorraithe do 2003. Chomh maith leis sin, beidh cistíocht bhreise anuas ar an mhéid sin á cur ar fáil don bhForas Teanga ag an Roinn Cultúr, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart.
Tá An Foras Teanga cuimsithe de dhá Áisínteacht ar leith: Foras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch. Is iad na feidhmeanna bunúsach atá ag Foras na Gaeilge ná: cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-oileánda; úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus sa scríobhnóireacht sa saol poiblí agus sa saol príobháideach; agus téarmaí agus foclóirí a fhorbairt.
Cuirtear maoiniú ar fáil don bhForas Teanga ag an dá Roinn de réir an chóimheasa a aontaíodh, is é sin 75%:25%, Deisceart:Tuaisceart. Ciallaíonn sé sin go gcuireann mo Roinnse 75% den mhaoiniú ar fáil i leith Fhorais na Gaeilge agus cuirtear an 25% eile ar fáil ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta. Malartaítear na rólanna i leith an mhaoinithe do Tha Boord o Ulstèr-Scotch.