Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 19 Feb 2003

Vol. 561 No. 5

Written Answers. - Calafortaí agus Piléaraí.

Dinny McGinley

Ceist:

268 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an gceadóidh sé deontas le hobair phráinneach dheisiúcháin a dhéanamh ar chéidh Athphoirt. [4894/03]

Tá €133,106 íoctha ag mo Roinnse le Comhairle Chontae Dhún na nGall i leith réamh-thuarascáil atá curtha i gcrích acu, ar iarratas uaimse, ar fhorbairt na saoráidí calaíochta ag Athphort-Rannach, Oileán Árann Mhóir. Tá an dá rogha seo a leanas molta sa tuarascáil sin maidir le forbairt na n-áiseanna ag cé Rannaigh: síneadh 30 meadar a chur leis an gcé ar chostas €1.5 milliún; nó, síneadh 65 mheadar a chur leis an gcé ar chostas €3 mhilliún. Tá an cás á mheas anois ag mo Roinnse i gcomhairle leis an gcomhairle chontae agus i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil dom i gcomhair forbairt na n-oileán agus na n-éileamh éagsúla ar an airgead sin.

Maidir leis an droch-chaoi ina bhfuil na saoráidí calaíochta ag Rannach faoi láthair tar éis damáiste stoirme a rinneadh i 2002, d'iarr mo Roinn ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall le déanaí breathnú ar na féidearthachtaí a bhí ann chun mionoibreacha deisiúcháin a dhéanamh ar mhaithe leis na saoráidí a dhéanamh níos sábháilte. Tá tuarascáil maidir leis an gceist seo faighte agam ón gcomhairle chontae anois ina bhfuil ráite nach mbeadh aon tairbhe le fáil as mionoibreacha den tsaghas seo a chur i gcrích, mar gheall ar laigí struchtúrtha na cé.
Barr
Roinn