Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 10 Apr 2003

Vol. 565 No. 2

Written Answers. - Oideachais Tríú Leibhéal.

Fergus O'Dowd

Ceist:

54 D'fhiafraigh Mr. O'Dowd den Aire Oideachais agus Eolaíochta an ndéanfaidh sé ráiteas faoi chúrsaí oideachais tríú leibhéal trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. [8393/03]

Sa bhliain 1999, chuaigh Ollscoil na hÉireann Gaillimh chun cainte leis na hollscoileanna eile a bhfuil ceantar Gaeltachta ina n-abhantrach ar mhaithe le moltaí a dhéanamh maidir le forbairt an oideachais tríú leibhéal sa Ghaeltacht.

I ndiaidh sin, bunaíodh grúpa oibre idir-ollscoile, idir Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Ollscoil na hÉireann Corcaigh, Ollscoil na hÉireann Má Nuad agus Ollscoil na Ríona Béal Feirste, le tuairimí na nollscoileanna a fháil agus stráitéis chomtháite forbartha a aontú. Chuir an grúpa an straitéis forbartha faoi bhráid mo Roinne agus dá bharr bunaíodh grúpa oibre idirgníomhaireachta le hionadaithe ó mo Roinn, An Roinn Gnóthaí Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta, An Údarás um Ard-Oideachais agus Údarás na Gaeltachta chun í a mheas. Cuireadh an straitéis forbartha thuas ar láithreán gréasáin an Udárás um Ard-Oideachais agus thug an grúpa oibre idirgníomhaireachta cuireadh do na hinstitiuidí tríú leibhéil, gairmscoileanna, scoileanna lán-Gaelacha agus Foras na Gaeilge a gcuid tuairimí faoin straitéis a nochtadh. Ceapadh comhairleoir chun cabhair a thabhairt don ghrúpa agus tá dréacht-thuarascáil an chomhairleora, atá bunaithe ar na haighneachtaí atá faighte, á mheas ag an ngrúpa anois.

Tá béim ar leith curtha ag an Rialtas seo ar an nGaeilge mar cheist náisiúnta. I gclár an Rialtais glactar leis go dtabharfar tacaíocht d'fhorbairt an oideachas tríú leibhéil trí Ghaeilge agus gníomhaíochtaí taighde ar an gcampus agus nuair a bhíonn sé cuí in ionaid oideachais sa Ghaeltacht. Tá cur chun cinn na Gaeilge clúdaithe sa reachtaíocht go léir a bhaineann leis an réimse ard-oideachais. In Acht na nOllscoileanna 1997, Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha 1992 agus Acht Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath 1992, tá sé luaite go bhfuil sé mar dhualgas ar na hollscoileanna agus na hinstitiúidí teicneolaíochta teangacha an Stáit, go háirithe an Ghaeilge, a chur chun cinn agus a chaomhnú ionas go gcaomhnaítear cultúir éagsúla na hÉireann.
Tá dualgas reachtúil ar leith ar an Údarás um Ard-Oideachais na haidhmeanna náisiúnta d'athbheochan na Gaeilge agus do chaomhnú agus d'fhorbairt an chultúr náisiúnta a choimeád i gcuimhne i gcónaí. Ón mbliain 1998 tá airgead curtha ar fáil don údarás ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge ag an tríú leibhéal. Chuir an soláthar speisialta seo ar chumas na n-ollscoileanna beartais nua a chumadh agus a chur i gcrích a chuir borradh breise faoin nGaeilge ag an tríu leibhéal. Cuireadh €1.5 milliún ar fáil i 2002. Ó thaobh na hinstitiuidí teicneolaíochta de, ón mbliain 1999 tá €0.0977 milliún soláthraithe do cheithre institiúidí le haghaidh cur chun cinn na Gaeilge agus oideachas trí Ghaeilge ar an gcampus. Bunaíodh fochoistí chun forbairt a dhéanamh ar an nGaeilge sna hinstitiúidí agus is féidir an Ghaeilge a phiocadh mar abhar roghnach agus í ar chomhchéim le teangacha eile na hEorpach.
Tá maoin soláthraithe ag mo Roinn ionas go mbeidh deontais ar leith ar fáil do mhic léinn ón nGaeltacht, do mhic léinn a chuaigh chuig scoileanna lán-Gaelacha agus do dhaoine ar mian leo cúrsaí trí mheán na Gaeilge a dhéanamh. Gach bliain tairgítear 15 scoláireachtaí do mhic léinn ón nGaeltacht faoi scéim scoláireachtaí tríú leibhéil do mhic léinn ón ngaeltacht agus 15 scoláireachtaí eile do mhic léinn ó scoileanna lán-Gaelacha faoi scéim scoláireachtaí Ghaeilge tríú leibhéil. Ina theannta sin, tairgítear 20 scoláireachtaí eile ar bhunús iomaíoch do mhic léinn a raibh ag freastal ar scoileanna lán-Gaelacha agus a bhfuil fonn orthu cursa tríú leibhéil a dhéanamh trí Ghaeilge.
Is léir chomh maith go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh fáil ar chúrsaí trí mheán na Gaeilge ag daoine ón nGaeltacht, ag daoine eile a chuaigh chuig scoileanna lán-Gaelacha agus daoine ar mian leo cúrsaí trí mheán na Gaeilge a dhéanamh. Mar sin tá roinnt cúrsaí trí Ghaeilge ar fáil sna hollscoileanna agus sna hinstitiúidí teicneolaíochta faoi láthair. Ina theannta le cursaí sa Ghaeilge féin agus sa Léann Ceilteach faightear cursaí trí Ghaeilge in ábhair eile.
Taispeánann an fhianaise thuas luaite go bhfuil mo Roinn ag glacadh réimse leathan céimeanna chun oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a fhorbairt sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht.
Barr
Roinn