Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 10 Apr 2003

Vol. 565 No. 2

Written Answers. - Scoil Aitheantais.

Trevor Sargent

Ceist:

211 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén dul chun cinn atá déanta ag Gaelcholáiste Aibhistín, Dún Garbhán, atá ag iarraidh aitheantas a bhaint amach. [10457/03]

Is mian liom a dheimhniú don Teachta go bhfuarthas i mo Roinn an t-iarratas a luaigh sé. Tá an t-iarratas seo á mheas sa rannóg pleanála faoi láthair.

Tabharfar breith sa chás chomh luath agus is féidir agus cuirfear scéala ina leith chuig údaráis bainistiochta na scoile.

Barr
Roinn