I move "That the Bill be now read a Second Time."
Is cúis áthais dom inniu an díospóireacht a oscailt sa Dáil ar an mBille seo. Is é priomhchuspóir an Bhille ná soláthar níos mó agus ar chaighdeán níos áirde de sheirbhisí i nGaeilge a chur ar fáil.
Ina theannta sin, sonraítear roinnt forálacha ginearálta bunúsacha sa mBille a mbeidh feidhm coitianta leo, mar shampla comhfhreagras i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna, foilseacháin dhátheangacha de dhoiciméid thábhachtacha áirithe, usaid na Gaeilge sna cúirteanna, comharthaíocht, fógraíocht agus ar uile.
Beidh dualgas reachtúil á chur freisin ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéid de sheirbhisí a sholáthar ar bhealach comhtháite trí chreat pleanála reachtúil, ar a dtugtar scéim, a bheidh le hathnuachan gach trí bliana le haontú an Aire agus ceann an chomhlachta phoiblí i gceist.
Is iad na príomhcheisteanna a bhí romham agus mé ag cur an Bhille seo in eagar ná aitheantas cuí a thabhairt do sheasamh bunreachtúil na Gaeilge mar an príomhtheanga oifigiúil gan aon ghearradh trasna a dhéanamh ná aon bhréagnu a dhéanamh ar an seasamh bunreachtúil sin agus, ag an am céanna, feabhsaithe praiticiúla ar staid lag na Gaeilge sa saol poiblí a bhaint amach, go hairithe ó thaobh seirbhisí poibli tri Ghaeilge a chur ar fáil.
Ainneoin phríomhaíocht bhunreachtúil na Gaeilge mar an príomhtheanga oifigiúil tá, mar is eol do Theachtai, staid na Gaeilge mar theanga labhartha sa lá atá inniu ann ina fíorbhagairt dá todhchaí, fiú amháin sna ceantair Ghaeltachta. Taobh amuigh den Bhunreacht, níl aon reachtaíocht ann chun a chinntiú go gcuirfear seirbhisí ar fáil tré Ghaeilge. Tá mé ag moladh an Bhille seo chun an fhaillí sin a leigheas. Mar thoradh ar an easpa reachtaíochta sin, bhí sé deacair a chur ina luí ar chomhlachtaí Stáit go bhfuil cearta ag saoránaigh na hÉireann i dtaca le soláthar seirbhisí i nGaeilge. Seachas cothrom na féinne a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge, más ón nGaeltacht nó lasmuigh di dóibh, tá meon ann go forleathan gur leor seirbhisí a chur ar fail i mBéarla amháin. Mar shampla, níl aon amhras ach nár tugadh morán aird ar na treoirlínte a d'ullmhaigh Bord na Gaeilge, mar a bhí ag an am sin i 1993, maidir le seirbhisí Stáit a chur ar fáil i nGaeilge. Tá glactha leis go forleathan anois, measaim, go bhfuil gá le hathrú ó threoirlínte neamhreachtúla go dtí córas foirmiúil reachtúil agus nach mbeidh an t-aitheantas ceart ag an Ghaeilge go dtí go mbeidh aitheantas cuí aici sa Státchoras agus sa saol poiblí. Is mar gheall ar sin gur chinn an Rialtas go raibh gá le reachtaíocht agus go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla 2002 a chur faoi bhráid na Dála inniu. Beidh deis ag Teachtaí ar ball a gcuid tuairimí faoin mBille a chur in iúl agus tá mé ag tnúth go mór le cloisteáil uathu.
Faoin mBille, beidh ar chomhlacht poiblí dréacht-scéim a ullmhú, lena sonrófar na céimeanna ar leith a thógfaidh sé chun a chinntiú gur féidir le saoránaigh a dteastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh i gceachtar de na teangacha oifigiúla é sin a dhéanamh. Beidh gá an scéim sin a chur in oiriúint do chuinsí eagsúla gach eagrais maidir lena chuid seirbhisí a chur ar fáil i nGaeilge, ag cur leis an rud atá indéanta go praiticiúil go gearrthéarmach chun moiminteam a ghiniúint i dtreo forbartha eile in am trátha. Go bunúsach, séard atáthar ag súil leis ná módh pleanáilte agus straitéiseach chun plean a chur i bhfeidhm ar bhonn céimiúil a thabharfaidh aitheantas ar thaobh amháin d'acmhainní eagrais maidir le scileanna sa Ghaeilge agus, ar an taobh eile, do riachtanais daoine a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an eagras sin. Sa gcomhthéacs sin, ba chóir dom a lua gur cheadaigh an Rialtas, i mí Iúil 2000, go nglacfaí le comhionannas na dteangacha oifigiúla mar cheann de thrí phrionsabal maidir le seirbhís chustaiméara fheabhsaithe don tseirbhis phoiblí i gcoitinne
Luaigh mé le linn na díospóireachta ar Chéim an Choiste sa Seanad go raibh athbhreithniú déanta agam ón uair a foilsíodh an Bille – i dtaca ach go hairithe le tuilleadh comhairle ón Árd-Aighne – ar roinnt buncheisteanna a bhaineann le stádas dlíthiúil agus bunreachtúil na Gaeilge. Mar a luas sa Seanad freisin, ardaíodh na ceisteanna sin chomh maith in aighneachtaí faoin mBille, ar a n-áiritear aighneachtaí ó Fhoras na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus eagrais eile dá leithéid, maraon le roinnt daoine aonair.
Bhain ceann acu le húsáid an fhocail "comhionannas" sa Teideal Fada, sa Ghearrtheideal agus in alt 1 den Bhille i dtaca leis an nGaeilge, ag feachaint d'Airteagal 8 den Bhunreacht. Is í an cheist a bhí anseo ná go raibh se míchuí go labhróidh aon reachtaíocht i dtaobh comhionannais a bhronnadh ar an nGaeilge, ag cuimhneamh gar stádas tosaíochta atá ag an teanga faoi Airteagal 8.1 den Bhunreacht lena bhforáiltear, "Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í." Mé féin a lua an focal "comhionannas" an chéad uair mar gur shíl mé go mbéarfadh sé ar intinn an phobail agus go raibh tuiscint sa lá atá inniu ann ar an tábhachta a bhaineann le comhionannas. Ach, ar ndóigh, glacaim go hiomlán leis an leasú atá déanta agam féin, gurb í an Ghaeilge an príomhtheanga oifigiúil, agus níor mhaith liom baint de sin.
Bhain ceist eile le forálacha ailt 8 agus 9 den Bhille mar a foilsíodh é – ó thaobh ceart an duine teagmháil le comhlacht poibli agus seirbhisí a fháil uaidh in aon cheann de na teangacha oifigiúla a bheith á theorannú d'aon scéim a bheidh ar bun i dtaca leis an gcomhlacht sin – ag féachaint do bhreithiúnas Hardiman i gcás Uí Bheoláin. Bunaithe ar an mbreithiúnas sin, bhí comhairle tugtha dom go bhfuil dualgas ar an Stát urramú do cheart bunreachtúil an tsaoránaigh gach gnó a dhéanamh leis an Stát i nGaeilge, in éagmais aon dlí a fhágann amach go baileach an ceart sin. Comhairlíodh dom, chomh maith, go bhfuil sé de réir fhorálacha an Bhunreachta, á shonrú de réir Airteagail 8.3, go gcuirfear seirbhisi áirithe ar fáil i mBéarla amháin leis an tuiscint go mbeidh, in am trátha, na seirbhisí sin ar fáil i nGaeilge.
Ba sa gcomhthéacs sin a rinneadh na leasuithe seo a leanas ar an mBille sa Seanad: scriosadh an focal "comhionannas" as an Teideal Fada, as an nGearrtheideal agus as alt 1 den Bhille, maraon le leasuithe iarmhartacha eile; scriosadh an téacs d'ailt 8 agus 9 den Bhille (mar a bhí); agus rinneadh alt 13 den Bhille a leasu chun foráil a dhéanamh d'ullmhú dréacht scéime ina sonraítear faoi alt 9 den Bhille anois:
(a) na seirbhisi a bhfuil sé beartaithe ag an gcomhlacht poiblí iad a sholáthar
(i) trí mheán na Gaeilge amháin,
(ii) trí mheán an Bhéarla amháin, agus
(iii) trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon;
(b) na modhanna cumarsáide ata le cur ar fáil sa Ghaeilge amháin, sa Bhéarla amhain agus sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon, agus;
(c) ceangal a bheith ar chomhlachtaí poiblí pleanáil a dhéanamh d'fheabhsuithe thar thréimhse, arna n-aontu le hAire na huaire maidir leis an leibhéal seirbhíse a chuirfear ar fáil sa Ghaeilge.
Ní miste dom a lua go ndearnadh leasuithe eile – ba leasuithe teicniúla cuid acu – ar an mBille sa tSeanad chomh maith, ina measc: go mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí, comhfhreagras – i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach – i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna; agus go mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí cinntiú go n-usáidtear Gaeilge, nó Béarla agus Gaeilge (níl úsáid Bhéarla amháin i gceist) ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhógráin, faoi reir rialacháin a dhéanfaidh an tAire.
Tá i gceist go ndéanfar laghdú, de reir a chéile, ar an réimse seirbhisí a gcuirtear ar fáil i mBéarla amháin, trí fheidhmiú na meicníochtaí monatóireachta agus maoirseoireachta atá á moladh agam. Sna cásanna nach gcuirtear a leithéid d'fheabhsuithe céimnithe ar fáil mar a cheanglaítear sa scéim reachtúil, beidh cumhacht ag an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, a iarraidh ar chomhlachtaí poiblí plean a leagadh amach le haghaidh feabhsú ar an seirbhís Ghaeilge mar aon le hamscálaí faoi leith.
Ba mhaith liom anois léargas a thabhairt ar na príomhfhorálacha sa Bhille ina n-ord de réir riar na n-alt. Mar is iondúil i reachtaíocht, 'se alt 1 a leagann amach Gearrtheideal agus tosach feidhme an Bhille. Leagtar amach anseo freisin go meastar go mbeidh an tAcht i bhfeidhm go hiomlán tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis é a rith.
‘Se alt 2 an fhoráil mhíniúcháin. Tá míniú le fáil ann ar "na Teangacha Oifigiúla" maraon le sainmhínithe ar théarmaí eile a úsáidtear sa Bhille.
Déanann alt 3 foráil go n-íocfar aon chaiteachais a bhaineann le riaradh an Achta as airgead a chuirfidh an tOireachtas ar fáil, le toiliú an Aire Airgeadais.
Tugann alt 4 an chumhacht don Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh i ndáil le forálacha an Achta. Leagtar amach ann go bhféadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas rialacháin a dhéanfar faoin Acht a neamhnú laistigh de 21 lá suí ach, i gcúinsí áirithe, beidh gá le rún ó Thithe an Oireachtais chun dul ar aghaidh.
Leagann alt 5 dualgas ar an Aire tuarascáil bhliantúil a thabhairt do Thithe an Oireachtas maidir le hoibriú an Achta an bhliain roimhe sin.
Baineann alt 6 le cearta Comhaltaí an Oireachtais ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid i dTithe an Oireachtais.
Baineann alt 7 le foilsiú Achtanna go comhuaineach sa dá theanga oifigiúil.
Baineann alt 8 le cearta an duine a rogha teanga oifigiúil a úsáid in imeachtaí dlíthiúla. Leagtar amach ann freisin go bhfuil an ceart ag duine éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi.
Mar atá luaite againn roimhe seo, leagann alt 9 dualgas ar chomhlachtaí poiblí dréacht-scéim reachtúil a ullmhú ina sonrófar na seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht poiblí a sholáthar trí mheán na Gaeilge amháin, trí mheán an Bhéarla amháin, agus trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon; agus na bearta a bheartaíonn an comhlacht a ghlacadh chun a chinntiú go ndéanfar aon seirbhísí eile nach soláthraíonn an comhlacht trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh.
Forálann alt 10 go bhfuil dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go n-úsáidtear na teangacha oifigiúla ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhógraí faoi réir le rialacháin a dhéanfaidh an tAire. Leagtar amach ann freisin go bhfuil dualgas ar chomhlachtaí poiblí comhfhreagras – i scribhínn nó leis an bpost leictreonach – i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna.
Leagann alt 11 dualgas ar chomhlachtaí poiblí, ar chomhlachtaí Stáit iad freisin, doiciméid áirithe ar díol spéise iad don phobal, mar shampla, tograí polasaithe, tuarascálacha bliantúla agus ráitis straitéise, a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúil.
Baineann alt 12 le cead a thabhairt don Aire treoirlínte chun cuidiú le comhlachtaí poiblí scéim a ullmhú agus a éisiúint. Leagtar amach ann na nósanna imeachta chun na treoirlínte sin a réiteach, lena n-áirítear próiseas comhchomhairle. Déanfar cóip de na treoirlínte ceadaithe a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. Is féidir na treoirlínte a leasú ó am go ham.
Leagann alt 13 dualgas ar chomhlachtaí poiblí dréacht-scéim reachtúil a ullmhú. Is é tús an phróisis ná iarratas oifigiúil ón Aire chuig comhlacht poiblí ag iarraidh air dréacht-scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire laistigh de thréimhse shonrach ama nach deanaí ná sé mhí ó dháta an iarratais. Leagtar amach freisin go gcinnteofar leis an ndréacht-scéim go bhfuil líon leordhóthanach den fhoireann inniúil sa Ghaeilge agus cinnteofar freisin go bhfreastalófar ar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineann le seirbhísí a sholáthar sa Ghaeltacht.
Baineann alt 14 leis na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag an Aire roimh dhréacht-scéim a dheimhniú. Tar éis an dréacht-scéim a dheimhniú leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann, cuirfidh an tAire cóip den scéim ar aghaidh chuig Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla. Fanfaidh scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana de ghnáth agus ina dhiaidh sin caithfear iad a athnuachan. Tá i gceist go n-úsáidfear an meicníocht athnuachana seo chun feabhas suntasach céimiúil a bhaint amach, thar tréimhse, ar leibhéal na seirbhíse trí Ghaeilge a chuirtear ar fáil.
Tugann altanna 15, 16 agus 17 cumhacht don Aire athbhreithniú tréimhsiúil ar scéimeanna a iarraidh; scéim a leasú i gcás go dtiocfaidh aon athrú ar fheidhmeanna nó ar chúinsí comhlachta phoiblí agus aon teip, diúltú nó neamhábaltacht maidir le scéim a ullmhú, a thuairisciú do Thithe an Oireachtais.
Leagann alt 18 dualgas ar chomhlacht poiblí scéim a bheidh ceadaithe faoin Acht a chur i bhfeidhm. Forálann sé leis nach mbeidh raon na scéime ina theorainn ar an gcomhlacht poiblí ó thaobh na mbeart a ghlacann sé chun stadas na Gaeilge a chur chun cinn laistigh den eagraíocht.
Forálann alt 19 nach féidir le comhlacht poiblí aon chostas a ghearradh ar dhuine de thoradh aon dhualgas a thitfidh ar an gcomhlacht poiblí sin faoin Acht.
Baineann alt 20 le bunús Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla. Beidh an Coimisinéir neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna agus ceapfaidh an tUachtarán é nó í.
Baineann altanna 21 agus 22 le feidhmeanna agus cumhachtaí an choimisinéara. Chomp maith le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta ag comhlachtaí poiblí, beidh de chead ag an gcoimisinéir fiosrúcháin a dhéanamh agus comhairle nó cúnamh a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí agus don phobal. Leagann alt 22 síos, mar shampla, go bhfuil de chumhacht ag an gCoimisinéar dualgas a chur ar dhuine faisnéis nó taifid a sholáthar agus leagtar amach ann an pionós a chuirfear ar dhuine nach ndéanann amhlaidh.
Baineann alt 23 leis na nósanna imeachta a bheidh le leanúint nuair a bheidh fiosrúcháin a dhéanamh ag an gcoimisinéir.
Leagtar síos in alt 24 nach féidir leis an gcoimisinéir gearán is ábhar d'imeachtaí dlíthiúla sibhialta a fhiosrú, mura rud é gur cuí déanamh amhlaidh de bharr cúinse speisialta.
Leagtar síos in alt 25 nach féidir faisnéis a gheobhaidh an coimisinéir i mbun a c(h)uid d(h)ualgas a úsáid ach amháin chun na críche sin.
Baineann alt 26 leis na nósanna imeachta a bheidh le leanúint i ndáil le tuarascálacha ar thoradh fiosrúcháin ag an gcoimisinéir. Beidh de chead ag an gcoimisinéir moltaí a dhéanamh i dtuarascálacha den tsórt sin agus, mura gcuirfidh an comhlacht poiblí na moltaí sin i bhfeidhm, féadfaidh an coimisinéir tuarascáil maidir leis sin a thabhairt do Thithe an Oireachtais.
Tugann alt 27 an chumhacht don Aire amach anseo, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim cúitimh a thabhairt isteach sa chás go dteipeann ar chomhlacht poiblí forálacha an Achta a chomhlíonadh.
Leagtar sios in alt 28 gur féidir achomhairc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt, ar phointe dlí, i gcoinne cinntí de chuid an choimisinéara.
Tugann alt 29 an chumhacht don choimisinéir tráchtaireachtaí ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú an Achta a ullmhú, d'fhonn cuidiú le comhlachtaí poiblí agus leis an bpobal.
Leagann alt 30 dualgas ar an gcoimisinéir tuarascáil bhliantúil a ullmhú maidir le ghníomhaíochtaí na hoifige i rith na bliana agus ní mór dó no di an tuarascáil sin a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Féadfaidh an coimisinéir freisin, mas cuí leis nó léi déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail, tuarascáil a fhoilsiú i ndáil le haon fhiosrúchán a bheidh déanta aige no aici nó i ndáil le haon fheidhm eile a bheidh comhlíonta aige nó aici faoin Acht.
Forálann alt 31 nach ndéanann forálacha an Achta aon difear do chumhachtaí an Ombudsman.
Forálann alt 32 nach dtabharfaidh an tAcht aon cheart do dhuine cás dlí a thógáil in aghaidh comhlacht poiblí dá dteipfeadh air a dhualgas maidir le scéim reachtúil a chomhíonadh faoin Acht. Forálann sé freisin nach mbeidh aon chás dlí ann, in aon chúirt, i gcoinne an choimisinéara nó bhaill dá fhoirne i leith aon ghnó a bheidh déanta acu de mheon macánta.
Sa Chéad Sceideal, leagtar amach na comhlachtaí a bheidh ina gcomhlachtaí poiblí chun críocha an Achta. Leagtar amach ann freisin an nós imeachta i gcás ina mbeifear ag iarraidh scóip an Achta a leathnú amach anseo chuig earnálacha den gheilleagar, seachas an earnáil phoiblí, atá ag soláthar seirbhísí go díreach don phobal, mar shampla, bainc thráchtála, gníomhaireachtaí eile a thugann iasachtaí, cuideachtaí árachais, cuideachtaí iompair, soláthraithe cúraim sláinte agus cuideachtaí teileachumarsáide. D'fhéadfadh sé go leathnófar an scóip chuig cuideachtaí a chuireann seirbhísí atá comhchosúil leis na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil nó chuig comhlacht a bhí, tráth theacht i bhfeidhm an Achta seo, ina chomhlacht poiblí ach a rinneadh príobhodú air ina dhiaidh. D'fhéadfadh sé go leathnófar í freisin chuig comhlachtaí a fhaigheann airgead go díreach ó Aire den Rialtas nó ó Roinn nó go díreach on bPríomh-Chiste más rud é nach lú ná 50% de chaiteachas reatha comhlachta i mbliain áirithe an méid a fhaightear.
Sa Dara Sceideal, leagtar amach forálacha a bhaineann le hoifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla.
Ba mhaith liom anois cúpla focal a rá maidir leis an tagairt don Ghaeltacht sa Bhille seo. I dtosach báire, ba mhaith liom aird na dTeachtaí a dhíriú arís ar na forálacha sa Bhille a mbeidh tionchar díreach, dearfach agus suntasach acu do mhuintir na Gaeltachta go speisialta, ar leibhéal agus ar chaighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a bheidh de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí a sholáthar do mhuintir na Gaeltachta. I measc na bhforálacha sin áirím ach go háirithe an ceart atá ag duine in imeachtaí dlíthiúla éisteacht a fháil agus a rogha teanga oifigiúil a úsáid (alt 8); an dualgas atá ar chomhlachtaí poiblí dréacht-scéim reachtúil a ullmhú ina sonrófar na seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht a sholáthar trí mheán na Gaeilge amháin (alt 9); an dualgas atá ar chomhlachtaí poiblí, comhfhreagras – i scribhínn nó leis an bpost leictreonach – i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna (alt 10); an dualgas atá ar chomhlachtaí go gcinnteofar leis an ndréacht-scéim go bhfuil líon leordhóthanach den fhoireann inniúil sa Ghaeilge agus go gcinnteofar freisin go bhfreastalófar ar na riachtanais áirithe Ghaeilge a bhaineann le seirbhísí a sholáthar sa Ghaeltacht. (alt 13).
Táim sásta go bhfuil na forálacha sin cuimsitheach agus go gcuirfeadh said go mór le leibhéal agus le caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a chuirfear ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Táim sásta freisin go gcinnteoidh an Bille seo, thar an tréimhse tosaigh, soláthar seirbhísí poiblí sa Ghaeilge atá i bhfad níos fearr ó thaobh caighdeáin de agus níos fairsinge ó thaobh réimse de, i gcomparáid leis an scéal fíorasach atá ann i láthair na huaire agus go soláthróidh sé meicníocht a bheidh láidir go leor chun ligean domsa, mar Aire, agus do mo chomharbaí, an leibhéal tosaigh sin a fheabhsú de réir a chéile chun soláthar seirbhísí níos mó, céim ar chéim, a chinntiú, chun freastal ar éilimh na ndaoine a úsaideann an Ghaeilge mar rogha theanga go minic nó ar bhonn laethúil.
Táimse lánmhuiníneach chomh maith go bhféadfai, le fíorchomhoibriú ón tseirbhís phoiblí, bunaithe ar na fíor-acmhainní atá ar fáil agus is féidir a bheith ar fail, meadú faoi cheathair a dhéanamh ar an bhfíorleibhéal seirbhísí nGaeilge sa chéad tréimhse pleanála de réir na reachtaíochta nua. Agus tá mé ag dul níos faide fós leis an mBille seo. Teastaíonn uaim suíomh a chruthú a mbeidh sochaí ann a bheidh fíor-dhátheangach, nach mbeidh ar chainteoirí Gaeilge machnamh an dara huair sula ndéanann siad seirbhísí poiblí a lorg agus a úsáid sa teanga is fearr leo. Mar a dúirt mé, cruthaíonn an Bille seo na cuinsí inar féidir linn togáil – ar bhealach pleanáilte, réadúil, seasta – ar an méid is feidir linn a bhaint amach go réadúil anois, agus gluaiseacht ar aghaidh ar bhealach céimnithe, le muinín iomlán go n-eireoidh leis an gcuspóir atá curtha in iúl agam.
Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá deanta ag na heagrais Ghaeilge agus ag daoine éagsúla a chuir a gcuid dtuairimí ós ár gcomhair maidir le forálacha an Bhille mar a foilsíodh é. Rinneadh scrúdú orthu sin ar fad, agus mar is eol don Teach, tá cuid mhaith de na moltaí san áireamh anois sa Bhille atá os ár gcomhair inniu.
Mar atá ráite agam go minic roimhe seo, creidim go laidir gurb é an Bille seo ceann de na rudaí is tábhachtaí don Ghaeilge le fada an lá. Sa gcomhthéacs sin beidh baint lárnach ag an mBille, ach é a bheith achtaithe – rud a bainfear amach, le cúnamh Dé, roimh dheireadh an tseisiún Dála seo – le ceann de phríomhstraitéisí na Roinne don treimhse trí bliana amach romhainn a chur i bhfeidhm. Is é sin, úsáid na Gaeilge ar fud na tíre a mhéadú agus tacú le cothabháil na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta trí sholathar níos fearr seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a chinntiú.
Thuig mise go maith go raibh dúshlán mór romham nuair a thug mé faoin obair seo. Bhí a fhios agam gur cuma céard a dhéanfainn nach mbeadh daoine sásta leis. An chaoi a chonaic mise é ná seo, go bhfuil 66 bliain imithe ó cuireadh an Bunreacht i bhfeidhm. I gcaitheamh an ama sin, tar éis go raibh soláthar soiléir san mBunreacht dá leithéid den Acht teanga seo agus go bhfuil féidireacht reachtaíocht luaite go sonrúil san mBunreacht níor tugadh isteach aon Bille teanga ariamh. Is cuma cén chaint a déantar ní féidir le haon reachtaíocht cearta bunreachta a bhaint de dhuine ar bith. Is bun riail dlí é sin.
Tá a fhios agam cén staid ar mhaith liom a bheith sa tír. Ba bhreá liom go mbeimís ar nós an Iorruaidh, an tSúilinn ná an Danmhairge agus go mbeadh an Ghaeilge á labhairt mar chéad teanga ag an bpobal i gcoitinne agus go mbeadh an Béarla ag gach uile dhuine freisin, mar is teanga mór domhanda é. Ba mhaith liom go mbeadh níos mó ná 5% den phobal ag labhairt na Gaeilge gach uile lá, go bhféadfaimís gnó a dhéanamh trí Ghaeilge go laethúil anseo agus go mbeadh éileamh mór ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge sna háiteanna a bhfuiltear curtha ar fáil. Is iomaí rud ar mhaith liom ach ní leor é sin le rud a chur i gcrích. Níl ach 5% den tseirbhís poiblí, mas aon mhacasamhail den phobal iad, inniúil ar sheirbhísú a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Ní fhéadfainn an staid a athrú thart trí reachtaíocht. An rud ba mheasa a bhféadfadh éinne a dhéanamh ná reachtaíocht a thabhairt isteach nach mbeadh infheidhmithe go praiticiúl agus bheadh chomh hilmhianach is go ndéanfaí neamhaird air agus go mbeadh an oiread sin daoine ag déanamh neamhairde air is nach bhféadfadh tada a dhéanamh faoi. Chonaic muid samplaí maithe cheana de reachtaíocht nach féidir a fheidhmiú.
Is é an slat tomhais a bhí agam agus mé ag réiteach an Bhille ná go scríobhfainn sa reachtaíocht an oiread agus ab'fhéidir a bhaint amach go praticiúil i láthair na huaire. Creidim go mbeidh tionchar an-dearfach ag an mBille seo ar fíor úsáid na Gaeilge go laethúil, ach é a bheith achtaithe.
Is deas an rud é plé a bheith ann ach tá sé tábhachtach go mairfeadh daoine sa bhfíor shaol mar atá sé i láthair na huaire. Glacaim leis, ó thaobh na Gaeilge de, nach saol ídéalach é. Feicim gach uile lá i mo dháilcheantar féin nach féidir bun sheirbhísí den chineál is simplí a fháil trí mheán na Gaeilge agus beifear ag cinntiú, nuair a chuirtear na pleananna i bhfeidhm, nach amhlaidh a bhéas.
Ó d'fhág mé an ollscoil chaith mé mo shaol ar fad ag obair do eagraíochtaí a raibh baint acu leis an nGaeilge ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Bhí mé ag obair i gConradh na Gaeilge tráth agus d'oibrigh mé i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Ansin thóg mé céim mhór agus chuaigh mé siar chun cónaí san nGaeltacht ag obair i gcomharchumann Gaeltachta go raibh sé mar phríomh aidhm aige cúrsaí Gaeilge a chur ar aghaidh sa cheantar Gaeltachta sin. Tá clann tógtha agam le Gaeilge. Níl rud ar bith, go réalaíoch, nach ndéanfainn ar son na Gaeilge ach cé acu ab fhearr, rud praiticiúil a dhéanamh ar son na Gaeilge agus é a chur i gcrích agus toradh a bheith air nó scríoh dlí a bheadh chomh hilmhianach is nach dtabharfaí aird air mar nar tugadh ar go leor beartais i leith na Gaeilge thar na blianta.
The media often does not bother reporting what people say in Irish in this House, which is a tragedy and a pity. It does not avail of the translation system which is available. It is, therefore, difficult to speak to the English speaking population through the medium of Irish in the House because of the unwillingness of people to do what they would do in any other place in the world, namely, use translation systems.
This Bill is for all the people and for those who believe, whether they have or speak Irish, that the Irish language is part of their heritage and life. As well as providing services for those who use Irish on a daily basis, the other aim of the Bill is that Irish, which is enshrined in the Constitution as the first official language, would be more visible as a language in this country. That is the wish of the majority of non-Irish speakers. Most non-Irish speakers like the idea of a first official language even on a symbolic level, particularly the way we use official terms in relation to our Parliament, such as the Dáil, the Seanad, the Taoiseach and the Tánaiste. We use words such as Áras an Uachtaráin, Bord na Móna and Raidio Telefís Éireann in common English.
One of the aims of the Bill is to strengthen that because if we move away from the concept of Irish belonging to all the people, including those who do not know Irish fluently, we will move away from the concept which is essential to what we are about, namely, the role of the Irish language as a badge of nationhood and being a separate people and country. That is important in the context of how we view the Irish language as a people.
As somebody who uses Irish in everyday life, the attraction of the language for me is not as a minority language but as the historic and current first language of this State, mar an chéad teanga oifigiúil. There are those who for one reason or another are not fluent in Irish, who have the same love of the language and who feel the same ownership of it. One of my main aims is to revert to the situation, from which we were slowly moving away, where in the naming of public bodies Irish was not always a céim síos.
I hope those who do not speak Irish will not see this as something just for Gaeilgeoirí but for themselves also and that they too will take ownership of it. I count on it that they will welcome a much greater visibility for the Irish language in public life. I hope the position regarding public headed notepaper, for example, will be changed. One would need to get the magnifying glass to read the name in Irish. That is unnecessary. In the past those names were either larger or took equal prominence.
Molaim an Bille seo don Teach. Tá súil agam go mbeidh díospóireacht bríomhar, macánta, oscailte air agus go léireofar malairt agus éagsúlacht tuairimí. Beidh mise ag éisteacht agus beidh mé ag súil le Céim an Choiste agus Céim na Tuarascála den Bhille agus tá súil agam go mbeidh an Bille seo achtaithe agus curtha i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.