Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 27 May 2003

Vol. 567 No. 5

Written Answers. - Stádas na Gaeilge.

Trevor Sargent

Ceist:

424 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é a straitéis agus polasaí i leith stádas na Gaeilge a chosaint in eagrais Stáit agus comhlachtaí poiblí atá dírialaithe. [14666/03]

Mar is eol don Teachta, tá reachtaíocht os comhair na Dála faoi láthair Bille na dTeangacha Oifigiúla 2002 chun soláthar níos mó, ar chaighdeán níos airde, de sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a chur ar fáil ón seirbhís poiblí.

Mar a luas le linn na díospóireachta ar an Dara Céim don Bhille sa Dáil an tseachtain seo caite, leagtar amach ag alt 1(5) sa Chéad Sceideal den Bhille gur féidir scóip an Achta a leathnú amach anseo chuig earnálacha eile den gheilleagar, seachas an earnáil phoiblí. Tá luaite go sonrach faoin bhforáil sin comhlachtaí Stáit a thiocfadh faoi úinéireacht phríobháideach tar éis an Bhille a bheith rite agus comhlachtaí a bhfuil feidhmeanna i ndáil leis an bpobal i gcoitinne tugtha nó ceadaithe dóibh faoi aon reachtaíocht.
Barr
Roinn