Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 25 Jun 2003

Vol. 569 No. 4

Written Answers. - Foras na Gaeilge.

Pádraic McCormack

Ceist:

133 D'fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar lorg sé airgead sa bhreis ón Rialtas lena íoc le Foras na Gaeilge, cad as a thiocfaidh an t-airgead breise a dfhógair sé le déanaí don Fhoras agus an é is mian leis an Aire go ndéanfaí aisíoc leis na heagrais Ghaeilge ón ardú i ndeontas Fhoras na Gaeilge. [217833/03]

Mar is eol don Teachta, dfhógair mé le déanaí go bhfuil sé ar intinn agam go dtabharfar €1.6 milliún sa bhreis ó Vóta mo Roinne-se don bhForas Teanga do 2003. Chun na críche sin, beidh comhaontú le fáil ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart agus ón dá Roinn Airgeadais, Thuaidh agus Theas. Tá teagmháil ar siúl faoi láthair leis na húdaráis chuí i dtaca leis seo.

Ceaptar go mbeifear in ann an tsuim €1.6 milliún a sheasamh laistigh de Vóta mo Roinne-se.

Maidir le híocaíocht bhreise do na heagrais Ghaeilge, is gnó dFhoras na Gaeilge féin cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach a chaithfear aon airgead breise a chuirtear ar fáil dóibh, i gcomhréir le plean gnó leasaithe a bheidh le cur faoi bhráid acu.

Question No. 134 answered with Question No. 98.

Question No. 135 answered with Question No. 114.

Barr
Roinn