Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 3 Jul 2003

Vol. 570 No. 4

Written Answers. - Córas Uimhrithe Leabhair.

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

249 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta an bhfuil sé i gceist aige treoir a thabhairt dá Roinn córas uimhrithe leabhar caighdeánach idirnáisiúnta (ISBN) náisiúnta a chur sa siúl cosúil le córais náisiúnta dá sórt atá i bhformhór thíortha eile an Aontais Eorpaigh. [19362/03]

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

250 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta ó tá uimhir ISBN dá gcuid féin ar fáil ag tíortha éagsúla, Catar, Málta, an Laitvia san áireamh, is dhá uimhir ag cuid acu, Andóra mar shampla, cathain a bheidh sé i gceist go mbeidh uimhreacha á n-eisiúnt in Éirinn d'fhoilsitheoirí leabhar na hÉireann díreach mar a eisítear uimhreacha ISSN in Éirinn d'fhoilsitheoirí tréimhseachán in Éirinn, ós rud é nach ann faoi láthair don tír seo sa chóras agus nach ann don Ghaeilge agus go n-úsáideann foilsitheoirí na hÉireann córas ó Bhéarla na Ríochta Aontaithe, na Stát Aontaithe, na hAstráile, agus Cheanada. [19363/03]

Tá sé ar intinn agam ceisteanna uimhir 249 agus 250 a ghlacadh le chéile. Is tionscnamh de chuid thionscal na foilsitheoireachta é an ISBN agus is é an tionscal sin a riarann é. Níl aon fheidhm dhlithúil san ábhar agam.

Barr
Roinn