I move amendment No. 1:
In page 8, line 16, after "STATE" to insert "WITHOUT PREJUDICE TO THE STATUS OF THE IRISH LANGUAGE AS THE NATIONAL LANGUAGE AND AS THE FIRST OFFICIAL LANGUAGE AND WITHOUT PREJUDICE TO RIGHTS UNDER THE CONSTITUTION TO USE THE IRISH LANGUAGE".
Tá a lán daoine báúil don Bhille seo agus tá siad dóchasach faoin obair atá déanta. Tá siad amhrasach, áfach, faoi stádas na Gaeilge, go háirithe ó thaobh an Bhunreachta de. Tá litir scríofa acu do gach Ball den Oireachtas. Scríobh Pádraig Breandán Ó Laighin an litir agus chuir daoine mór le rá ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta a n-ainm léi – Páidí Mhárthain Mac Gearailt, an Dr. Tómás Mac Siomóin, Áine Nic Gearailt, Nuala Ní Dhomhnaill, Collette Ní Mhoitleigh, Gearóid Ó Cléirigh, Risteard Ó Glaisne, Pádraig Ó hEalaí, Pádraig Ó Snodaigh agus Liam Prút. Baineann a scríobh sé leis an Bhunreacht agus na ceartaí atá ann agus sa Bhille – ceapann siad nach bhfuil na cearta sin láidir go leor ó thaobh na Gaeilge de. Deir siad:
Creidimid go ndéanfadh achtú Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2002 dochar dár gceart le sinsearacht agus dá gcearta faoin mBunreacht. Dhiúltaigh an Rialtas glacadh le leasuithe a bhainfidh an dochar dár gcearta amach as an Bhille.
Faoi láthair tá ceart ag gach saoránach cumarsáid a dhéanamh leis an Stát sa phríomhtheanga oifigiúil agus tá dualgas ar an Stát an Ghaeilge a úsáid chun gach críoch oifigiúil. Faoi Airteagal 8º3 de Bhunreacht na hÉireann, áfach, tá ceart ag an Stát socrú a dhéanamh le dlí d'fhonn ceachtar den dá theanga oifigiúla "a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.". Ó bunaíodh an Stát go dtí seo, níor ritheadh aon Acht a cheadódh an Béarla a bheith in aonteanga oifigiúla le haghaidh gnóthaí oifigiúla. Má ghlactar leis an mBille seo, beidh ceart dlíthiúil ag an Stát seirbhísí áirithe a chur ar fáil trí mheán an Bhéarla amháin mar aonteanga, do mhuintir na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge. Beidh feidhm bhunreachtúil, faoi Airteagal 8º3 a thabhairt do chleachtais atá forleathan i measc na bhforas Stáit cheana féin.
Is mithid dúinn a chur i gcuimhne don Rialtas nach ar mhaithe le héalú ó dhualgais bhunreachtúla maidir leis an nGaeilge a cuireadh an mhír cheadaitheach isteach i mBunreacht ShaorStát Éireann sa bhliain 1922. Cuireadh ann í le tabhairt le fios d'Aontachtaithe an tuaiscirt go bhféadfaí ceart dlíthiúil a thabhairt dóibh, i dtír aontaithe, gnóthaí a dhéanamh trí mheán an Bhéarla amháin i gceantair áirithe, dá mba mhian leo é.
Tuigeann na daoine a scríobh an litir seo go gcaithfear freastal ar phobal an Bhéarla freisin.