Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 30 Sep 2003

Vol. 571 No. 1

Written Answers. - Coimhlintí Coimhthíocha.

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

446 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Eachtracha ar tugadh cead d'fhórsaí S.A.M. napalm Sionainne a iompar ó Mheiriceá trí Aerfort na Sionainne go dtí an Iaráic. [20688/03]

Ní bhfuair an Roinn Gnóthaí Eachtracha iarratas ar bith ó údaráis na Stát Aontaithe napalm a iompar trí Aerfort na Sionainne. I gcás na n-aerárthach míleata, ní mór do na húdaráis a dhearbhú nach bhfuil airm, pléascach nó treallamh faire ar bord. Uaireanta iompraítear lastaí míleata ar aerárthaí sibhialta. Airm phearsanta na saighdiúirí, áfach, a iompraítear don chuid is mó. Chun lasta míleata a iompar ar aerárthach sibhialta, ní mór cead a fháil roimh ré ón Roinn Iompair.

Barr
Roinn