Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 7 Oct 2003

Vol. 571 No. 4

Written Answers. - Ollscoil Ghaeltachta.

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

263 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén dul chun cinn atá déanta ag a Roinn maidir le plean chun ollscoil lán-Ghaeilge nó ollscoil Ghaeltachta a chur ar bun; agus an féidir leis a dheimhniú go bhfuil an plean ó Ollscoil na hÉireann chun ollscoil a lonnú sa Cheathrú Rua ar chostas ?31 million curtha ar leataobh. [21911/03]

Sa bhliain 1999, chuaigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun cainte leis na hOllscoileanna eile a bhfuil ceantair Gaeltachta ina n-abhantrach ar mhaithe le moltaí a dhéanamh maidir le forbairt an oideachais tríú leibhéal sa Ghaeltacht. Ina dhiaidh sin, bunaíodh grúpa oibre idir-ollscoile, idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ollscoil na hÉireann Corcaigh, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, le tuairimí na nollscoileanna a fháil agus straitéis chomtháite forbartha a aontú. Chuir an grúpa plean forbatha don oideachas triú leibhéal sa Ghaeltacht faoi mo bhráid agus faoi bhráid an Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Bunaíodh grúpa oibre idirgníomhaireachta le hionadaithe óm Roinn féin, an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, an tÚdarás um Ard-Oideachais agus Údarás na Gaeltachta chun an straitéis forbartha thuas luaite a mheas. Tháinig an grúpa le chéile trí huaire go dtí seo agus tionólfar an chéad chruinniú eile chomh luath agus is féidir. Curtha san áireamh sa straitéis forbartha tá plean ag Ollscoil na hÉireann Gailimh chun forbairt a dhéanamh ar ionad Gaeltachta atá bunaithe acu ar an gCeathrú Rua. Beidh todhcaí an phlean seo níos soiléire nuair a bheidh moltaí an ghrúpa oibre Idirgníomhaireachta curtha faoi mo bhráid agus faoi bhráid mo chomhghleacaithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tá béim ar leith curtha ag an Rialtas seo ar an nGaeilge mar cheist náisiúnta. I gclár gníomhachta an Rialtais glactar leis "mar cheart bunúsach go mbeadh fáil ag gach saoránach ar a chuid oidhreachta a shaibhriú trín gcóras oideachais agus i gcoitinne, trín teanga Gaeilge a fhoghlaim agus a chaomhnú chomh forleathan agus is féidir". Tá cur chun cinn na Gaeilge clúdaithe sa reachtaíocht go léir a bhaineann leis an réimse ard-oideachais. In Acht na nOllscoileanna, 1997, Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha, 1992 agus Acht Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, 1992, tá sé luaite go bhfuil sé mar dhualgas ar na hollscoileanna agus na hinstitiúidí teicneolaíochta teangacha an Stáit, go háirithe an Ghaeilge, a chur chun cinn agus a chaomhnú ionas go gcaomhnaítear cultúir éagsúla na hÉireann.
Tá dualgas reachtúil ar leith ar an Údarás um Ard-Oideachas na haidhmeanna náisiúnta d'athbheochan na Gaeilge agus do chaomhnú agus d'fhorbairt an chultúir náisiúnta a choimeád i gcuimhne i gcónaí. Ón mbliain 1998 tá airgead curtha ar fáil don údarás ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge ag an tríú leibhéal.
Chuir an soláthar speisialta seo ar chumas na n-ollscoileanna beartais nua a chumadh agus a chur i gcrích a chuir borradh breise faoin nGaeilge ag an tríu leibhéal. Cuireadh €1.5 milliún ar fáil i 2002.
Tá maoin soláthraithe ag mo Roinn ionas go mbeidh deontais ar leith ar fáil do mhic léinn ón nGaeltacht, do mhic léinn a chuaigh chuig Gaelscoileanna agus do dhaoine ar mian leo cúrsaí trí mheán na Gaeilge a dhéanamh. Gach bliain tairgítear 15 scoláireachtaí do mhic léinn ón nGaeltacht faoi scéim scoláireachtaí tríú leibhéal do mhic léinn ón nGaeltacht agus 15 scoláireachtaí eile do mhic léinn faoi scéim scoláíreachtaí Gaeilge tríú leibhéal. Ina theannta sin, tairgítear 20 scoláireachtaí eile ar bhunús iomaíochta do mhic léinn a bhí ag freastal ar Ghaelscoileanna agus a bhfuil fonn orthu cursa tríú leibhéil a dhéanamh trí Ghaeilge.
Is léir go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh fáil ar chúrsaí trí mheán na Gaeilge ag daoine ón nGaeltacht, ag daoine eile a chuaigh chuig Gaelscoileanna agus daoine ar mian leo cúrsaí trí mheán na Gaeilge a dhéanamh. Tá roinnt cúrsaí ar fáil sna hollscoileanna agus sna hinstitiúidí teic neolaíochta faoi láthair. Tá cursaí sa Ghaeilge féin agus sa léann Ceilteach in ollscoileanna éagsúla. Tá cursaí trí Ghaeilge i réimse ábhair eile le fáil sna hollscoileanna agus na hinstitiuidí teicneolaíochta chomh maith. Toisc go bhfuil tábhacht na Gaeilge san oideachas rí-shoiléir ba chéim tábhachtach é cúrsa ard-teastas san oideachais a chur ar fáil trí Ghaeilge.
Taispeánann an fhianaise thuas luaite go bhfuil mé féin agus mo Roinn ag glacadh réimse leathan céimeanna chun oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a fhorbairt sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.
Barr
Roinn