Go raibh maith agat, a Chathaoirligh, as deis a thabhairt dom an t-ábhar seo a árdú ar an Athló.
Tá fógra faighte ag na hoibrithe i monarcha MDR ar eastát tionscail Ghaoth Dobhair go bhfuil leachtaitheoir ag dul isteach ansin ag deireadh na míosa. Tá gach cosúlacht ar an scéal anois go mbeidh 40 post eile caillte ar an eastát. Ní seo an chéad uair a d'ardaigh mé an cheist seo i mbliana agus tá súil agam gur seo an uair dheireannach a bheidh mé ag déanamh cáis do fhostaíocht sa chondae, agus go speisialta sa Ghaeltacht, anseo sa Dáil.
Tá a fhios mhaith ag an Aire Stáit go bhfuil 1,000 post, ar a laghad, caillte ar an eastát tionscail i nGaoth Dobhair le cupla bliain anuas, ceann des na heastáit tionscail ab fhearr a bhí ag Údarás na Gaeltachta. Ar an eastát tionscail tá monarcha málaí plaisteacha imithe, tá monarchana Dianorm, Qualtran, BMR agus RMT ar shiúil agus tá Comar Yarns ar tí a bheith druidte. Inné tháinig an scéal go bhfuil MDR ins an bhád céanna.
Tá sé ag déanamh dochair móir do shaol na Gaeltachta agus do fhostaíocht sa Ghaeltacht go bhfuil an oiread san des na monarchana druidte, go bhfuil an oiread san postanna caillte, nach bhfuil aon fhostaíocht le fáil ag daoine óga ar an eastát anois agus go gcaithfidh siad an baile a fhágáil agus dul go dtí páirteanna eile den tír agus den domhain le fostaíocht a fháil.
Cuireann sé seo isteach ar gach gné de shaol na Gaeltachta. Tá sé ag cur isteach ar shiopaí, ar thithe ósta, ar óstáin agus ar thithe tabhairne agus ar gach gnó eile. Tá a fhios agam go bhfuil plean forbartha déanta amach don eastát. Lainseáladh an plean sin beagnach bliain ó shin. Iarraim ar an Rialtas, ar an Aire Stáit agus ar an Aire Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go ndéanfaidh siad gach iarracht an plean sin a chur i bhfeidhm. Táimid ag cailleadh postanna lá i ndiaidh lae agus is beag post úr atá ag teacht isteach.
Cé go bhfuil postanna á gcailleadh sa Ghaeltacht tá siad á mbunú i áiteacha eile ar fud an domhain. Mar shampla, tá Qualtran ag dul go dtí Meicsiceo, Comar Yarns ag dul go dtí oirthear na hEorpa, cuid acu ag dul go dtí an cian oirthear agus cuid eile ag dul go tuaisceart na hAfraice. Tá freagracht ar an Rialtas de thairbhe na postanna sin a gcailleadh ins an tír seo agus iad ag dul go dtí áiteacha eile.
Deirtear linn go mbeidh postanna úra lán aimseartha a mbeidh scileanna agus ard oideachas riachtanach fána gcoinne ag teacht ach tá siad íontach mall ag teacht agus táimid ag cailleadh i bhfad níos mó ná mar atáimid a fháil.
The unemployment crisis in County Donegal is not confined to Gaeltacht areas. Jobs have also been lost in other parts of the county, including the Finn Valley, Ballybofey, Stranorlar, Letterkenny, Milford, Dungloe and Inishowen, as well as in the Fruit of the Loom company. Indeed, when the Central Statistics Office published its findings yesterday, we were not surprised to learn that Donegal is top of the league as far as unemployment is concerned. The unemployment rate in Donegal is 15.6%, twice the national average. Since the census took place in 2002 the situation has further deteriorated, making Donegal the national unemployment blackspot.
During the boom years 350,000 new jobs were created in this country but few of them came to County Donegal. These are facts that cannot be denied. The official figures speak for themselves. Donegal has given this Government and its predecessor plenty of loyalty. Most of the county's Deputies have supported the Government but that loyalty has not been returned. Urgent action is required. Donegal demands and is entitled to a positive response if the situation is not to deteriorate further.
Donegal must be declared a high priority area. Attractive incentives should be offered to prospective investors and industrialists. The county cannot afford the continuous haemorrhaging of jobs. Unless the problem is urgently addressed, Donegal will become an industrial wasteland. I do not wish to be pessimistic but the situation is critical ní amháin sa Ghaeltacht ach ar fud an chondae. Tá lúcháir orm go bhfuil an tAire Stáit anseo agus go bhfuil sé ag éisteacht. Tá súil agam go mbeidh sé in ann dóchas de chineál éigin a thabhairt, chan amháin do mhuintir na Gaeltachta ach do mhuintir an chondae ar fad. Sin iad na figiúirí – tá an ráta dífhostaíochta is airde sa tír againn agus is cinnte go gcaithfear rud éigin a dhéanamh ina thaobh.