Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 21 Oct 2003

Vol. 572 No. 6

Written Answers. - Múinteoir Tacaíochta Foghlama.

Dinny McGinley

Ceist:

228 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil iarratas ina Roinn maidir leis an dara múinteoir tacaíochta foghlama do ghrúpa scoileanna (sonraí tugtha) agus an bhfuil sé i gceist aige an múinteoir breise a cheapadh. [24175/03]

Tá gach eolas agam mar gheall ar an iarratas a dhéanann an Teachta tagairt dó. Tá 1531 – míle, cúig chéad, tríocha agus a haon – oide tacaíochta foghlama ag obair sa chóras bunscoile faoi láthair, rud a chiallaíonn gur féidir le gach bunscoil sa tír teacht ar an tseirbhís thábhachtach seo. Ins na toscaí, níl sé ar intinn agam a thuilleadh postanna breise a chruthú ag an am seo.

Barr
Roinn