I move: "That the Bill be now read a Second Time."
Tá ríméad orm an díospóireacht seo a oscailt sa Dáil inniu ar an Dara Céim den Bhille seo. Tugann Bille an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Cumhachtaí agus Feidhmeanna) 2003 deis dúinn díriú isteach ar chursaí a bhaineann lenár n-oileáin amach ón gcósta. Dar ndóigh beidh deis ag na Teachtaí a gcuid tuairimí a chur in iúl faoin reachtaíocht ar ball beag agus tá mé ag tnúth go mór le cloisteáil uathu.
I measc na spriocanna atá leagtha amach i ráiteas straitéise na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuai the agus Gaeltachta tá ceann ar leith a bhaineann le forbairt tuaithe, Gaeltachta agus oileán, sin é, chun cúnamh a thabhairt chun pobail inmharthana agus bheo a chothú sna háiteanna sin. Ba mhaith liom cúpla rud a rá faoin sprioc thábhachtach seo go ginearálta roimh dhíriú isteach ar fhorálacha sonracha an Bhille seo.
Is fiú a mheabhrú don Teach go bhfuil os cionn 40% de dhaonra na hÉireann, sin é, thart ar 1.5 milliún duine, ina gcónaí i gceantair tuaithe. Ceapaim go bhfuil tuiscint mhaith ann anois, go háirithe ag éirí as an obair ar fad a rinneadh i ndáil leis an straitéis spásúil náisiúnta, ar na hathruithe móra ata tarlaithe cheana féin agus atá fós ag tarlú sna ceantair seo. Airím anseo an ghluaiseacht daonra idir dhaoine áitiúla ag bogadh i dtreo na gcathracha agus a mhalairt treo, an fheirmeoireacht ag dul i léig, riachtanais agus rialacha nua i gcursaí pleanála agus comhshaoil ach go háirithe, easpa áiseanna agus infrastuchtúir agus rudaí eile. D'aithin an Rialtas a riachtanaí agus até sé go gcuirfí cur chuige straitéiseach i bhfeidhm a bheadh dírithe ar phobail a chónaíonn i gceantair tuaithe. Ba mar gheall air sin a tugadh an cúram d'fhorbairt tuaithe don Roinn nua Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Is é an dushlán atá os cómhair mo Roinne ná polasaithe a aimsiú a thugann aghaidh ar na hathruithe atá ag tarlú sna pobail tuaithe, tacaíocht a thabhairt dá bhforbairt agus cothromaíocht réigiúnach níos fearr a chur chun cinn.
Tá dul chun cinn leanúnach a dhéanamh chun leas eacnamaíochta agus sóisialta na bpobal tuaithe a chinntiú faoin bplean forbartha náisiúnta, a bhfuil tionchar mór ag an bPáipéar Bán ar fhorbairt tuaithe air, agus faoin gclár CLÁR, ceantair laga ard riachtanais, ach go háirithe. Tá CLÁR ag diriú isteach ar na ceantair tuaithe faoi mhíbhuntáiste is mó a d'fhulaing titim sa daonra idir 1926 agus 1996, meántitim de 50%. Sa bhliain 2002 ghnóthaigh daonra iomlán de 284,000 buntáiste caiteachais de thart ar €14 mhillliún a caitheadh ar thacaíocht don bhonneagar fisiciúil, pobail agus sóisialta faoin gciste CLÁR. Dar ndóigh, tagann cuid mhaith de na hoileáin mhara faoin gclár seo freisin, mar shampla: Árainn Mhór ó thuaidh; Inis Bó Finne, Cliara, agus Inis Tuirc san iarthar; chomh maith le Béara agus Cléire ó dheas.
Is í bunaidhm pholasaí na Roinne i ndáil leis na hoileáin ná forbairt inmharthana na n-oileán mhara sin a bhfuil daoine ina gcónai orthu a chur chun cinn agus iarracht a dhéanamh leibhéil shasúla seirbhíse a sholáthar do na hoileánaigh. Is feidir an bhunaidhm pholasaí seo a sháiniú i dtrí chuspóir straitéiseacha mar seo a leanas: fáil isteach shásúil ar chóras iompair i rith na bliana ar fad do phobail oileán a éascú; pobail na n-oileán a spreagadh chun eagraíochtaí ionadaíocha a bhunú a oibreoidh le Ranna Rialtais, le háisíneachtaí Stáit agus le húdaráis áitiúla chun bonneagar, tionscal, talmhaíocht, iascach, turasóireacht agus araile, na n-oileán a fhorbairt; agus polasaithe Rialtais maidir leis na hoileáin a chur chun cinn agus a chomhordú.
Tá mé thar a bheith bródúil as an méid atá bainte amach do na hoileáin le blianta beaga anuas. An chéad chéim a tógadh, ná bunú an choiste idir-ranna comhordaithe um fhorbairt oileán i 1993 chun athbhreithniú a dhéanamh ar straitéisí forbartha do na hoileáin agus na tosaíochtaí sin a mheas. Cuireadh an tuarascáil fhoirmiúil ar fáil i 1996. Ba é an chéim ba shuntasaí ná freagracht shonrach i leith na n-oileán a bhronnadh ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán a bunaíodh i 1997. Is cúis áthais dom gur thit na dualgaisí seo ormsa ag an am mar Aire Stáit ag an Roinn sin go dtí 2001 agus arís anuraidh nuair a ceapadh mé mar Aire ag an Roinn Gnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Tá sé rí-shoiléir go bhfuil lán-tacaíocht tugtha ag an Rialtas seo agus an Rialtas a d'imigh roimhe do chaighdeán saoil na n-oileánach a fheabhsú. Tá an soláthar i leith fhorbairt na n-oileán méadaithe ó faoi bhun €2.5 milliún sa bhliain 1997 go dtí beagnach €8.5 milliún i mbliana, sin é, €6.12 milliún i leith thograí caipitil agus €2.35 milliún i leith thograi reatha. Tá infheistíocht mhór déanta in infrastruchtúr na n-oileán chomh maith le seirbhísí le seacht mbliana anuas. Ina measc tá iompar farantóireachta agus aeir, céibheanna, bóithre, soláthar leictreachais agus uisce, sláinte agus oideachas.
Gan aon dabht is í rochtain shábhailte an tosaíocht is mó a bhaineann le hinmharthanacht phobail na n-oileán. Tá feabhas íontach tagtha ar na seirbhísí farantóireachta ó 1997 – faoi lathair tá 14 seirbhís á maoiniú le hais cúig cinn i 1997. Is fiú a lua chomh maith go bhfuil seirbhísí aeir á maoiniú go dtí na hOileáin Árann chomh maith le seirbhís ingearáin do Thoraigh i rith an gheimhridh. Rinne Ollscoil Cranfield staidéar ar leith ar sheirbhísí aeir chuig na hoileáin i 2001 agus tá na moltaí sin fós á meas ag mo Roinn. Cheana féin, tá dul chun cinn sásúil á dhéanamh chun aerstraicí a chur ar fáil ar Inis Bó Finne agus ar Oileán Thoraí mar atá geallta i gclár an Rialtais. Ceapadh comhairleoirí le gairid chun staidéar a dhéanamh ar na seirbhísí farantóireachta agus ar an infrastruchtúr atá riachtanach ina leith. Táthar ag súil leis an tuarascáil sin go luath.
Tá infheistíocht ollmhór déanta i gcéibheanna oileánda le cúpla bliain anuas. Mar shampla, tá níos mó na €1 milliun caite ar chéibh an Leab Gharbh in Árainn Mhór, €2.4 mhilliún caite ar chéibh Mhachaire Rabhartaigh le freastal ar Thoraigh agus ar Inis Bó Finne agus €1.75 milliún ceadaithe do chéibh Rú an Átha le freastal ar Oileán Cliara agus Inis Tuirc. Tá forbairtí móra beartaithe do na céibheanna ar Oileán Cliara agus Inis Tuirc iad féin, a chosnóidh tuairim is €10 milliún agus tá pleanáil maidir le mórfhorbairt na gcéibheanna ar na hoileáin Árann ar siúl chomh maith.
Is é dúshlán mór eile do mo Roinn na deiseanna fostaíochta inmharthana a chur ar bun ar na hoileáin. Caithfear a admháil go bhfuil na hoileáin Ghaeltachta ag fáil seirbhíse maithe ó Údaras na Gaeltachta a d'fhógair scéim nua fiontair le gairid do na hoileáin seo. Faoin scéim seo, anuas ar na gnáthdeontais caipitil agus fostaíochta, beidh deontais eile suas go dtí €90,000, nó 80% de na costais bhreise a bhaineann le gnó a bhunú ar oileán, ar fáil faoin scéim de Minimis. Tá sé inmholta go mbeadh aitheantas den saghas sin tugtha do na hoileáin taobh amuigh den Ghaeltacht a thagann faoi churam na Roinne Fiontair, Trádála agus Fostaíochta. Le tamall anuas tá mo Roinn-se ag breathnú ar na féidearthachtaí atá ann ciste fiontair a bhunú do na hoileáin seo i gcomhairle leis an Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta.
Is cuid dílis d'oidhreacht an Stáit iad ár n-oileain mhara agus cé go bhfuil go leor déanta le blianta beaga anuas, aithním an gá atá ann le feabhsúcháin bhreise ar rochtain, seirbhísí agus bonneagar chun caighdean maireachtála na n-oileanach a chothú agus a fheabhsú. Tá sé mar aidhm agam a chinntiú go leanfar ar aghaidh le hinfheistíocht fhiúntach i bhforbairt na n-oileán sna blianta amach rómhainn.
Beidh Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh ag Éirinn sa chéad sé mhí de 2004. Is cúis mhór sásaimh dom a chur in iúl go mbeidh comhdháil á heagrú ag mo Roinn-se, mar chuid den Uachtarántacht, i gContae na Gaillimhe ón 19 – 21 Bealtaine 2004 a mbeidh toscaireacht ó bhallstáit an Aontais mhéadaithe ann. Beidh na riachtanais eacnamaíochta agus sóisialta d'oileáin an Aontais Eorpaigh, go háirithe i gcomhthéacs struchtúir agus maoinithe tar éis 2006, mar théama lárnach den chomhdháil thábhachtach seo.
Is mian liom anois aghaidh a thabhairt ar an reachtaíocht atá ós ár gcomhair inniu ag miniú na n-aidhmeanna ar dtús agus an téacs, de reir ailt, ina dhiaidh sin.
Bille gairid, sé alt, atá ann a bhfuil trí aidhm aige: foráil a dhéanamh i leith cumhachtaí nua i ndáil le seirbhísí paisinéirí bus a chur ar fáil mar chuid de chonarthaí farantóireachta nó aeir áirithe; foráil a dhéanamh i leith cumhachtaí breise a bhaineann le haerstráicí a chur ar bun ar na hoileáin; agus daingniú a dhéanamh ar na cumhachtaí reachtúla reatha atá ag an Aire i ndáil le seirbhísí iompair go dti na hoileáin.
Tá an chumhacht maidir le seirbhísí paisinéiri bus ag teastáil ar bhonn siarghabhálach chun fadhb ultra vires a d'aimsigh Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit a leigheas agus a rinneadh plé air le gairid ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí.
Tá i gceist díriú ar an ghné seo i gcomhthéacs Bhille an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna) (Leasu) 2001, nár achtaíodh. Go bunúsach tá an cumhacht seo ag teastáil sna cuinsí go bhfuil riachtanas ann paisinéirí a thabhairt ar aghaidh idir an phointe tuirlingthe-fágála ar an mórthír agus an t-ionad daonra is giorra.
Sampla den chineál riachtanas seo is ea an conradh farantóireachta ó Inis Bó Finne. Tagann an bád i dtír ag céibh an Chloiginn agus bíonn seirbhís bus ceangailte leis an gconradh chun na gasúir scoile ón oileán a thabhairt ar aghaidh go dtí an scoil i dTuam nó i Mainistir na Coille Móire. Sampla eile is ea an tseirbhís bus go Gail limh a cuirtear ar fáil do phobail Oileáin Árann nuair a thagann siad i dtír ag Ros an Mhíl. I láthair na huaire tá riachtanas mar seo i gcás ceithre cinn as 14 conradh farantóireachta chomh maith le conradh aeir amháin.
Feidhmeoidh an dara cumhacht maidir le haerstráicí ar na hoileáin mar chreatlach reachtúil faoina bhféadfaí forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí iompar aeir go dtí na hoileáin amach anseo, ach cead an Aire Airgeadais agus an Aire lompair a fháil. Bhí an chumhacht cuimsithe seo san áireamh chomh maith i mBille an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna) (Leasú) 2001, nár achtaíodh sa deireadh agus tá sé á lorg anois i gcomhthéacs gealltanas i gclár aontaithe an Rialtais maidir le haersheirbhísí a chur ar fáil go dtí na hoileáin.
I gcomhthéacs na reachtaíochta atá molta, ceaptar go bhfuil sé iomchuí daingniú a dhéanamh ar na cumhachtaí reachtúla reatha. Faoi láthair, tá cumhacht ag an Aire foirdheontais a íoc i leith seirbhísí farantóireachta faoin Acht lompair Oileáin Árann 1946 agus Acht an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna) 1998. Tá i gceist na forálacha seo a aisghairm agus iad a thabhairt isteach arís sa reachtaíocht nua.
Ag díriú isteach ar théacs an Bhille anois, is foráil chaighdeánach í an fhoráil léiritheach atá in alt 1. Leagtar amach ann na sainmhínithe atá in úsáid sa reachtaíocht. Mar shampla, ciallaíonn "oileán" oileán árithe de chuid an Stáit. Maidir le "comhsheirbhís paisinéirí bus agus oileáin", a leagtar síos an bhrí in alt 2, go bunusach séard atá i gceist ná seirbhís bus do phaisinéirí a cuirtear ar fáil mar chuid de chonradh farantóireachta nó aeir idir oileáin áirithe agus an mhórthír.
Baineann alt 2 le cumhachtaí an Aire i ndáil le seirbhísí iompair a sholáthar le haghaidh oileán. Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, foirdheontais a íoc le haghaidh oibriú seirbhísí farantóireachta, mar a foráladh cheana faoi Acht Iompair Oileán Árann 1946 agus Acht an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna) 1998.
Ina theannta sin, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Iompair foirdheontais a íoc i ndáil le seirbhísí paisinéirí bus agus oileáin mar chuid de chonarthaí farantóireachta/aeir áirithe. Déanfar na cinn scríbe dóibh siúd a leagan amach i rialacháin. Tá an chumhacht á bronnadh gan dochar do bhailíocht foirdheontais a íocadh roimhe i ndáil leis seo. Tugann alt 3 cumhachtaí don Aire i ndáil le haeradróim a sholáthar i dtaca le haerseirbhísí a chur ar fáil idir na hoileáin agus an mhórthír. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Iompair, talamh a fháil, trí aontú nó go héigeantach, chun aeradróim agus saoráidi gaolmhara a thógail, a fheabhsú, a leathnú nó a fhorbairt ar na hoileáin nó ar an mórthír mar amhlaidh. Áirítear chun na críocha seo aon aeradróm atá ann cheana. Tá for áil ann freisin i leith maoiniú a dhéanamh ar na gnéithe seo.
Leagtar amach in alt 3 na nósanna imeachta a bheidh le leanúint sa chás gur gá ceannach éigeantach, lena n-áirítear forálacha caighdeánacha maidir le fógra roimh ré, pleananna a thaispeáint, fógra chuig daoine leasmhara, fiosrúchán poiblí, cúiteamh, eadráin agus mar sin de. Tá foráil san alt seo freisin maidir le cumhacht an Aire i ndáil le bainistiú agus oibriú aeradróm den sort sin nó, má úsáidtear é le hordú arna dhéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Iompair, i ndáil leis an bhfeidhm sin a bhronnadh ar eagras reachtúil, mar shampla, chuig údarás áitiúil nó chuig cuideachta a fhaigheann maoiniú nó cuidiú ón Státchiste.
Baineann alt 4 maidir le haisghairm Acht Iompair Oileán Arann 1946 agus alt 4 d'Acht an Aire Ealaíon, Oidhreachta; Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna) 1998, gan dochar do chonarthaí a bhí nó atá i bhfeidhm agus a rinneadh faoin reachtaíocht sin. Leagtar amach in alt 5 go n-íocfar caiteachas a bhaineann le riaradh an Achta ó thaobh an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nó an Aire Lompair nó an Aire Airgeadais as an Státchiste ach cead an Aire Airgeadais a fháil mar is cuí. Is foráil chaighdeánach eile atá in alt 6 ina leagtar amach gearrtheideal an Bhille.
Molaim an Bille seo don Teach.