Dinny McGinley
Ceist:383 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na deontais chaipitil agus fostaíochta a ceadaíodh do chomhlacht [sonraí tugtha], an méid de gach deontas atá íoctha go dáta, an méid atá le híoc go fóill, an líon atá fostaithe sa chomhlacht, an líon a scaoileadh saor ó bunaíodh an comhlacht agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi thodhchaí an chomhlachta. [24127/03]