Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 85, 98 agus 143 le chéile.
Mar is eol do na Teachtaí, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí ó mhí Iúil 2003. Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde.
Maidir leis an gceist faoi chomharthaíocht, tugtar cumhacht don Aire faoin Acht rialacháin a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge, nó na Gaeilge agus an Bhéarla, ar chomharthaí, ar fhógairtí béil, ar stáiseanóireacht agus ar fhógraí. Tá sé i gceist agam na rialacháin cuí a dhéanamh san athbhliain agus cinnte beidh mé ag súil leis go mbeidh feabhas suntasach le teacht sar i bhfad ar an méid Gaeilge agus ar chaighdeán na Gaeilge a bheidh le feiscint ar chomharthaíocht bóithre agus a leithéid.