Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 21 Oct 2003

Vol. 572 No. 6

Written Answers. - Coimisiúin ar an nGaeilge sa Ghaeltacht.

Dan Neville

Ceist:

91 D'fhiafraigh Mr. Neville den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoi cathain a bheidh moltaí thuairisc an Choimisiúin ar an nGaeilge sa Ghaeltacht á gcur i bhfeidhm. [24164/03]

Mar a thuigeann an Teachta, bhí achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar cheann de na príomh-mholtaí i dtuaras cáil Choimisiún na Gaeltachta agus níl aon amhras ach go n-imreoidh cur i bhfeidhm an Achta seo tionchar an-mhór ar go leor de na saincheisteanna atá ardaithe i dtuarascáil an choimisúin.

Beidh a fhios ag an Teachta freisin gur bhunaigh mé coiste comhairleach le comhairle a chur orm maidir le gníomhaíochtaí a theastaíonn chun feidhm phraiticiúil a thabhairt do mholtaí éagsúla atá sa Tuarascáil. Ag eascairt as an bplé a rinne an coiste comhairleach: tá mo Roinnse chun staidéar cuimsitheach teangeolaíoch a thionscnamh maidir leis an nGaeilge sa Ghaeltacht. Beidh an staidéar seo mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta; Tá plean gníomhaíochta á ullmhú faoi láthair a bheidh mar chuspóir aige cur ina luí ar thuismitheoirí, go háirithe iad siúd le páistí óga, na buntáistí a bhaineann le húsáid na Gaeilge mar phríomh-theanga teaghlaigh sa Ghaeltacht. Táthar ag súil go mbeidh moltaí sonracha i ndáil leis an bplean ullmhaithe go han-luath; agus Tá mo Roinnse faoi lathair, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta ag ullmhú pacáiste tacaíochta do na pobail Ghaeltachta mar chúnamh dóibh chun pleananna teanga a réiteach agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe le buanú agus láidriú na Gaeilge sa Ghaeltacht.

I measc ábhar agus tionscadal eile atá á gcur chun cinn nó pléite go dtí seo tá: aighneacht maidir le gnéithe criticiúla a mbíonn tionchar acu ar úsáid na Gaeilge sa chóras bunoideachais agus iarbhunoideachais sa Ghaeltacht curtha faoi bhráid an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; aighneachtaí curtha chuig na húdaráis áitiúla le ceantair Ghaeltachta iontu chun a n-aird a dhíriú ar an ngá atá le polasaithe dearfacha chun freastal ar riachtanais sainiúla na Gaeltachta; moltaí i ndáil le hathstruchtúrú an chórais faoina gcuireann Údarás na Gaeltachta cúnamh ar fáil don earnáil réamhscolaíochta sa Ghaeltacht idir lámha faoi láthair; moltaí maidir le struchtúr nua deagrais óige sa Ghaeltacht idir lámha ag an Údarás faoi láthair, agus athbhreithniú scéimeanna a bhfuil tionchar suntasach acu maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht, eadhon, Scéim Labhairt na Gaeilge, Scéim na gCúntóirí Teanga agus Scéim na gcampaí Samhraidh.

Beidh mé ag brú ar aghaidh leis na tionscnaimh áirithe seo, agus tionscnaimh ghaolmhara eile, sna míonna amach romhainn.

Barr
Roinn