Mar is eol don Teachta, tá sé leagtha síos mar ghníomh do mo Roinnse sa ráiteas straitéise don tréimhse 2003-05 an cheist maidir le stádas níos fearr don Ghaeilge san AE a chur ar aghaidh. Chun na críche sin, bíonn teagmhálacha rialta idir oifigigh mo Roinne agus na Ranna eile atá bainteach leis an gceist seo. Sa chomhthéacs sin, déanfar gach iarracht an cheist a chur chun cinn i gcomhthéacs na gcainteanna maidir le bun-chomhaontú nua don AE le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas i 2004. Mar eolas freisin don Teachta, ní luaitear liosta teangacha ach in áit amháin i ndréacht an Bhunreachta Eorpaigh agus tá an Ghaeilge luaite ar chomhchéim sa gcomhthéacs sin.