Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 26 Nov 2003

Vol. 575 No. 4

Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Report and Final Stages.

Amendment No. 1 in the name of Deputy O'Dowd arises from Committee Stage proceedings.

I move amendment No. 1:

In page 6, line 15, to delete "carrying out" and substitute "fulfilment".

Is foráil chaighdeánach é an fhoráil léiritheach seo, ina leagtar amach na sainmhinínithe atá in úsáid sa reachtaíocht, mar shampla an sainmhíniú ar "feidhm" atá faoi chaibidil ag an leasú seo. Dúirt an Teachta ar Chéim an Choiste go mbaineann an leasú seo le chursaí teangeolaíochta go bunúsach ós rud é go gcreideann sé nach féidir dualgas a chomhlíonadh. Tá an Teachta den tuairim gur féidir feidhm a chomhlíonadh, ach go mbaineann briathra eile le dualgas ar nós "fulfilment", "dischargement" nó "performance". Ar an lámh eile de, táim den tuairim go bhfuil "carrying out" níos oiriúnaí ná "fulfilment", mar go bhfuil brí leanúnach á bhaint leis. Ní fiú dúinn dul go domhain isteach sa scéal seo má tá an lucht dlí á rá go bhfuil an sainmhíniú feiliúnach.

Tá mise sásta de réir na comhairle atá agam gurb é an bealach caighdeánach an bealach lena dhéanamh. Mar eolas breise, is é an sainmhíniú céanna atá molta san Interpretations Bill 2000 atá ag dul fríd an Oireachtas i láthair na huaire. This is an argument about the meaning of words in law. I am advised that the Bill follows the Interpretation Bill 2000 and contains the proper legal formulation. I would not argue with good legal advice. Unfortunately, I am unable to accept the amendment.

Glacaim leis an cheann sin.

Amendment, by leave, withdrawn.

I move amendment No. 2:

In page 6, line 17, after "State" to insert "and includes all such islands which become inhabited on a future date".

Bhí ceist againn tamaillín ó shin, agus ba mhaith liom an freagra a chloisint aríst. Níl daoine ag maireachtaint ar chuid de na hoileáin faoi láthair. Más rud é go dtarlaíonn athrú ansin, cad a tharlóidh, muna bhfuil sé luaite go háirithe?

Ar an gcéad dul síos, glacaim go hiomlán leis an rud atá an Teachta ag iarraidh a dhéanamh. Chuaigh muid ar ais aríst, agus sheiceáil muid aríst é cad a chiallaigh an rud a bhí scríofa. An gclúdaíonn sé an rud atá i gceist? An rud a deirtear linn ná go bhfuil brí ag an sainmhíniú seo san aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach freisin – san am atá le teacht. Mar sin, ní féidir liom deimhniú don Teachta nach mbeidh an reachtaíocht teoranta do na hoileáin atá áirithe i láthair na huaire. Dá bhrí sin, níl gá leis an leasú.

I fully accept the spirit of the Deputy's amendment. I have double-checked that I am not in any way, for the purposes of this Bill, constraining an island from becoming an island – for example, where there are no people living on the island at the moment. I am reassured that the Bill as it stands adequately provides for the future. Again, I am unable to accept the amendment.

Glacaim leis an méid a dúirt an tAire.

Is the Minister satisfied that the Bill covers the eventuality of, say, because of global warming, a peninsula subsequently becoming an island?

I am reasonably satisfied that if land was cut off as a result of global warming we would build a bridge or find some other method of getting to the island. Traditionally, we have defined islands as tidal islands. While I would not like to give the Deputy an absolute assurance on that, it is my understanding that an island is as defined for the purposes of this Bill.

Amendment, by leave, withdrawn.

I move amendment No. 3:

In page 6, line 20, after "water" to insert "and any estate, right or interest in or over land".

Tá mé ag tnúth le freagra an Aire.

Baineann an leasú seo leis an mbrí atá le "talamh" sa reachtaíocht seo. Tá sainmhíniú nua ar "talamh", mar atá sé moltaithe san Interpretations Bill 2000. Pléadh an reachtaíocht atá ar na bacáin maidir leis an Interpretations Bill 2000 leis na saineolaithe dlí mar a gealladh don Teachta. Tar éis é sin a dhéanamh, cé nach bhfuil sé riachtanach sa mBille atá os ár gcómhair inniu, as na cúinsí uilig, tá mé sásta glacadh leis an leasú seo.

An rud is annamh is iontach.

Amendment agreed to.

Amendments Nos. 4, 5 and 6 are related and may be taken together by agreement. Is that agreed? Agreed.

I move amendment No. 4:

In page 6, line 33, to delete "at his or her discretion and".

Bhí díospóireacht againn mar gheall ar leasú Uimh. 4 ar Chéim an Choiste. I ndeireadh na dála, níl gá leis na focail "dá rogha féin agus", mar tá an focal "féadfaidh" ann. Is é an chomhairle a fuair mé ná, dá mba rud é go bhfágaimid an t-alt seo mar atá, gur cheart beagnach gach Acht ó 1922 a leasú chun na focail "dá rogha féin" a chur isteach. Glacaim leis an méid a dúirt an tAire faoi obair na ndlíodóirí, ach mar a dúirt mé ar Chéim an Choiste, sin an chomhairle a fuair mise. Ba mhaith liom fáil amach anois an bhfuair an tAire aon chomhairle nua idir an dá linn.

Tá muid ag tógaint na dtrí alt le chéile. Baineann na leasuithe uilig le halt 2, áit a mbronntar cumhachtaí ar an Aire le haghaidh seirbhísí iompair a sholáthar le haghaidh oileán. Mar a miníodh go minic, bhí na cumhachtaí ginearálta seo ag an Aire cheana féin faoin Aran Islands Transport Act 1946 agus an Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Powers and Functions) Act 1998. An t-aon rud nua anseo ná an chumhacht chun foirdheontas a íoc le seirbhísí paisinéirí bus mar chuid de chonradh farantóireachta nó aeir. Caithfear cead an Aire Airgeadais a fháil agus i gcás de sheirbhísí bus, cead an Aire Iompair, mar a shonraítear faoi fho-alt (2). Maidir leis na leasuithe féin, baineann leasú Uimh. 4 leis an gcumhacht a tógadh ó alt 4 den Aran Islands Transport Act 1946. Mar a mhínigh mé cheana féin, tá an t-alt seo á aisghairm agus an chumhacht sin sa reachtaíocht atá idir lámhaibh. Gheall mé don Teachta go bpléifinn an leasú seo leis na saineolaithe dlí i gcomhthéacs na téarmaíochta is fearr do 2003 agus na blianta amach romhainn. Rinne mé amhlaidh, agus tá mé sásta cur in iúl go bhfuil mé ag glacadh leis an leasú ón Teachta sa gcás áirithe seo. Tá mé ag glacadh le leasú Uimh. 4.

Maidir le leasú Uimh. 5, creidim go bhfuil an reachtaíocht atá faoi chaibidil ag castáil rudaí seachas an pointe a threisiú maidir leis an ngá ceadú an Aire Airgeadais a fháil leis na seirbhísí iompair go dtí na hoileáin. Is éard atá i gceist anseo ná gur féidir leis an Aire, le cead an Aire Airgeadais, na feidhmeanna ag (a) agus (b) a dhéanamh foirdheontais a íoc agus maoiniú a dhéanamh. Cuirfidh an tAire na feidhmeanna sin i gcrích faoi réir téarmaí agus coinníollacha a chinnigh sé féin, aríst le toiliú an Aire Airgeadais. Tá mé sásta go dtugann an reachtaíocht mar atá sé dréachtaithe an léargas is soiléire den bhrí atá i gceist san fhoráil. Caithfidh mé a rá gur cineál ficsin a bheadh ann dá mbainfinn amach “le toilú an Aire Airgeadais”.

Taking out those words would be a kind of fiction because one cannot spend money without the permission of the Minister for Finance. I would also like to put on the record that I must seek sanction from the Minister for Finance at all times, but Deputies have not seen me stymied on too many occasions. This is not as big an issue as people try to make out. The Minister for Finance has a job to do and he does it well. There is a very quick turnaround regarding decisions on sensible proposals.

Leagtar amach faoi leasú Uimh. 6, faoi fho-alt 2(2), nach féidir foirdheontas a íoc le seirbhís paisinéirí bus mar chuid de chonradh farantóireachta nó aeir gan ceadú an Aire Iompair dá leithéid agus do na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis. Mar a mhínigh mé ar Chéim an Choiste, titeann an phríomhfhreagracht maidir le cúrsaí iompair bus ar mo chomhleacaí, an tAire Iompair. Mar sin, ar mhaithe le comhsheasmhacht agus dea-chleachtas, níl sé ceart agus cóir go mbeadh ionchur aige sna téarmaí agus coinníollacha a bhaineann leis na seirbhísí bus mar atá mar chuid de chonradh farantóireachta nó aeir. Bheinn ar aon dul leis an Aire Iompair faoin riachtanas seirbhísí an Stáit a riarú ar an mbealach is éifeachtaí agus de réir polasaí atá comhordaithe gan aon codarsnacht i gceist. Is é an rud a theastaigh uainn ná joined-up Government.

I am very keen, as we develop these services – we are speaking here about buses – that buses form part of a bigger bus service by operating piggy-back services in low population areas. A bus travelling from Magheroarty would join up with a bus carrying mainlanders and people from Tory Island, Inishbofin Island or Bunbeg. It would be foolish for a Minister not to try to fit such buses into the main transport framework of the State. All we are doing is enshrining that in law. When the Member reflects on that, he will see that it is not an unreasonable provision to force the Minister to consider it in the broader context. If a Minister could not secure agreement from his colleagues, it would be a bad day for good joined-up Government.

Is the Minister saying that we have a joined-up Government?

Yes, of course.

Would the Minister of State, Deputy Fahey, feel that way?

Would he get the same response as the Minister obviously gets when he goes to the Minister for Finance?

Ba mhaith liom a rá nach bhfuil aon dabht ach go bhfuil an ceart ag an Aire sa mhéid seo, agus níl aon difríocht eadrainn maidir leis an méid a dúirt sé. Tá sé so-fheicthe go mbeidh líon mór ag teacht i modhanna taistil na Gaeltachta as ucht an Bhille seo. However, I still put in the provision about Frank Fahey and what he thinks.

Molaim an tAire as ucht an leasaithe sin a thógaint. Bhí díospóireacht againn. Chuaigh sé ar ais, agus d'athraigh sé a aigne. De réir dealraimh, beidh an reachtaíocht níos fearr mar gheall ar an gcinneadh sin.

Amendment agreed to.
Amendments Nos. 5 and 6 not moved.

An Leas-Cheann Comhairle

Amendments Nos. 7, 8 and 9 are cognate and may be discussed together. Is that agreed? Agreed.

I move amendment No. 7:

In page 8, line 13, to delete "shall be" and substitute "is".

Mhínigh an tAire an bhrí atá leis seo ar Chéim an Choiste. An bhfuil aon athrú ar an scéal?

Díreach mar a gheall mé go ndéanfainn, chuaigh mé ar ais agus d'fhéach mé ar gach ceann. This one was about feidhm shiarghabhálach and so on. Rinne muid plé fada ar na leasuithe ar Chéim an Choiste. Mar a mhínigh mé ar an ócáid sin, tugann alt 2(3) feidhm shiarghabhálach don chumhacht maidir le foirdheontais a íoc le seirbhísí paisinéirí bus mar chuid de chonradh farantóireachta nó aeir. Tá gá leis an bhfeidhm seo san am i láthair agus san am atá amach romhainn chomh maith leis an am atá caite. We need it for the past, present and future. Dá nglacfainn le leasuithe Uimh. 7 agus 9 ón Teachta O'Dowd, ní bheadh aon fheidhm ag an Aire san am seo amach romhainn, ach bheadh an gné siarghabhálach den fheidhm clúdaithe go maith. If I accepted amendments Nos. 7 and 9, it would not be good for the future, but it would be very good for the past. Mar a chéile leasú Uimh. 8 ón Teachta O'Shea. Is leagan caighdeánach agus dlíthiúil é an fhoirm leis seo chun feidhm reatha agus shiarghabhálach a bhronnadh, agus tá sé thar a bheith so-fheicthe. I am advised that it covers the past, present and future. After being given that legal advice, I went back and checked it thoroughly. Having done that, I must go with the advice. As Members can see, had it gone the other way when we checked it, we would be more than happy to accept the amendment. I will be opposing the three amendments.

Glacaim leis an méid a dúirt an tAire. Níl mé á bhrú.

Amendment, by leave, withdrawn.

Maidir le leasú Uimh. 8, cosúil leis an Aire, fuair mise comhairle dlí. Bhí an díospóireacht againn ar Chéim an Choiste. Chuaigh an tAire ar ais, agus fuair sé a thuilleadh comhairle. Glacaim leis an méid a dúirt sé, agus ní bheidh mé ag brú leasú Uimh. 8.

Amendments Nos. 8 to 10, inclusive, not moved.

I move amendment No. 11:

I leathanach 9, líne 39, "nó" a scríosadh agus "agus" a chur ina ionad.

Nil mé ag cur leasú Uimh. 10 chun cinn. Tá leasú Uimh. 11a ina áit. It is a technical amendment. The wrong line was quoted in amendment No. 10 and we had to amend it. Perhaps Members will look at amendments Nos. 10 and 11a. I hope that I am not running ahead. “Ar leathanach 9, líne 38” ansin should have read “ar leathanach 9, líne 39”.

Níl aon dabht faoi sin, then.

Tá an téacs Béarla i gceart, ach ní raibh an téacs Gaeilge ag dul leis an téacs Béarla. They are technical amendments to ensure that the Irish text conforms to the English, agus d'iarrfainn ar an Teach glacadh leo.

Amendment agreed to.

I move amendment No. 11a:

I leathanach 9, líne 40, "nó" a scríosadh agus "agus" a chur ina ionad.

Amendment agreed to.

I move amendment No. 12:

In page 8, between lines 41 and 42, to insert the following:

"(2) In subsection (1), reference to the Minister for Transport shall, as respects matters occurring before the passing of this Act, include reference to a Minister of the Government exercising functions regarding air transport.”.

Aríst, bhí díospóireacht againn air seo ar Chéim an Choiste, agus dúirt an tAire go rachadh sé ar ais agus go bhféachfadh sé isteach sa scéal aríst. B'fhéidir ag an tráth seo gur fearr dom fanacht go dtí go gcloisfinn freagra an Aire.

Gheall mé go bpléifinn an leasú seo leis na saoineolaithe dlí i gcomhthéacs an mhéid a bhí á rá ag an Teachta ar Chéim an Choiste, agus rinne mé amhlaidh. Tá deimhnithe go bhfuil feidhm shiarghabhálach ag an Ministers and Secretaries Act 1924 agus nach bhfuil an fhoráil speisialta a cuireadh isteach sa Tax Consolidation Act 1997 riachtanach nó iomchuí sa gcás seo. I am advised that the Deputy's request is already covered and that the change is not necessary. I hope that time will confirm that advice. That was the very strong advice, and we went back and checked this out very thoroughly.

Aríst, rinne an tAire beart de réir a mbriathar, agus tá mé sásta glacadh leis an méid a dúirt sé. Ní bheidh mé ag brú an leasú seo.

Amendment, by leave, withdrawn.

I move amendment No. 13:

I leathanach 11, líne 37, i ndiaidh "intinn", "aige nó aici" a chur isteach.

Is ceann eile de na leasuithe teicniúla é seo ag iarraidh an leagan Gaeilge a chur i líne leis an leagan Béarla. D'iarrfainn ar an Teach glacadh leis sin.

Amendment agreed to.

I move amendment No. 14:

In page 12, line 4, after "thereof" to insert "having regard to the interest for the time being payable on judgment debts".

Aríst, an rud a bhí ag déanamh buartha dom ar Chéim an Choiste mar gheall air seo ná cinntiú go dtabharfadh an ráta úis a bheadh ar fáil ar airgead a thiocfadh as settlement a thiocfadh as fiosrú poiblí cothrom na Féinne. B'shin an rud a bhí uaim, agus ba mhaith liom an méid atá le rá ag an Aire a chloisint.

Má tá talamh le ceannacht go héigeantach, is féidir duine a bhfuil leas aige sa talamh roimh an t-ordú a dhéanamh iarratas a dhéanamh ar chúiteamh leis an Aire uair ar bith i ndiaidh an ordaithe a dhéanamh, agus íocfaidh an tAire luach an leasa faoir réir an Land Clauses Consolidation Act 1845 móide ráta úis cuí le toiliú an Aire Airgeadais. Tá mé sásta gur seo an bealach is oscailte agus is trédhearcaí chun a leithéid de chinneadh a thógáil in ionad ráta a cheangal síos ag gné amháin. Seo é an rud tábhachtach. Ceal aontaithe maidir leis an gcúiteamh cuí, déanfar é a chinntiú trí eadráin faoi réim agus de réir an Acquisititions of Land (Assessment of Compensation) Act 1919. D'ardaigh an Teachta ceist ar Chéim an Choiste maidir leis na costais a bhféadfadh titim ar dhuine a lorgaíonn eadráin faoin Acquisititions of Land (Assessment of Compensation) Act 1919. Tá forálacha cuimsitheacha maidir leis na costais seo leagtha amach in alt 5 den Acht sin. Leagtar amach cásanna difriúla agus na nósanna imeachta a bhfeadfadh a bheith i gceist, ach go bunúsach, tá discréid ag an eadránaí. Essentially the position is that the appeal is to the arbitrator, who has a very complicated and comprehensive set of rules under the Acquisititions of Land (Assessment of Compensation) Act 1919.

Amendment, by leave, withdrawn.

I move amendment No. 15:

In line 12, line 39, after "oaths" to insert "or affirmations".

Nuair a bhíonn fiosrúchán poiblí ann, bíonn sé de cheart ag duine a bhíonn i mbun an fhiosrúcháin phoiblí iacall a chur ar dhaoine mionn a thógáil. Tá ceist faoi dhearbhascadh fosta agus teastaíonn uaim go mbeimid cinnte fá seo.

While the Interpretation Act 1937 states that oaths include affirmation, it adds the rider that this is only for persons entitled, for the time being, to affirm. Therefore, there must be a pre-existing entitlement in regard to affirmation. The major such entitlement is the Oaths Act 1888, which allows affirmation in proceedings in certain cases. This presumably means legal proceedings. Therefore, there is ambiguity as to whether this covers something such as a public inquiry and my legal advice is that this amendment is appropriate to make certain that affirmation is allowed at the public inquiries which may arise under this Act.

Mar a dúirt mé ar Chéim an Choiste, aontaím leis an Teachta go hiomlán i bprionsabal. Chuaigh muid ar ais le deimhniú go bhfuil an rud mar a theastaíonn sé uainn. Tá seo clúdaithe faoin sainmhíniú ar mhionn san Acht Léiriúcháin 1937: "The word "oath" in the case of persons, for the time being, being allowed by law to affirm instead of swearing includes affirmation".

Anuas ar sin tá foráil san Oaths Act 188 a rinne an Teachta tagairt di:

Every person, upon objecting to be sworn and stating as a ground for such objection, either that he has no religious belief or that the taking of an oath is contrary to his religious belief, shall be permitted to make his solemn affirmation instead of taking an oath in all places and for all purposes where an oath is or shall be required by law.

Tá sé soléir ansin go bhfuil dearbhachas i gceist i mionn agus nach bhfuil aon ghá leis an leasú. In other words, I am being advised again and again that one has an absolute right—

Cén Act sin?

The Interpretation Act 1937 and the Oaths Act 1888. That is a long time ago and the legislators were quite forward thinking. I have checked again and I am told that what the Deputy seeks is in the Act. All one needs to say is that the oath is against one's religious belief, or that one has no religious belief, and one can affirm. I agree with the Deputy that such a provision should be contained in the Act. I am told it is there.

Amendment, by leave, withdrawn.

I move amendment No. 16:

I leathnach 13, líne 42, i ndiaidh "beidh", "aon" a chur isteach.

Seo leasú beag teicniúil leis an aistriú a aontú leis an téacs i mBéarla. Sa leagan Béarla, tá "any person" i gcomparáid le "a person" sa leagan Gaeilge so tá mé ag iarraidh "aon duine" a chur isteach.

Amendment agreed to.

I move amendment No. 17:

In page 14, after line 18, to insert the following:

"(2) The Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Powers and Functions) Act 1998, and this Act may be cited together as the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Acts 1998 and 2003, and shall be construed together as one.".

The Minister was unhappy with this amendment the last time. However, our advice was that it would be a helpful addition to the Act and would bring together all the other legislation to which it refers.

Sé an chúspóir a bhaineann le hAcht an Aire Ealaíon, Oidhreacht, Gaeltachta agus Oileáin (Cumhacht agus Feidmeanna) 1998 ná Acht a thabhairt go feidhmeannach cuoíchta áirithe i ndáil le maon don Aire Éalaíne, Oidhreacta, Gaeltachta agus Oileáin do shoiléiriú agus ag leathnú feidhmeanna an Aire i ndáil le huiscebhealaí intíre áirithe, seirbhísí farantóireachta áirithe agus nithe áirithe eile do leasú an Achta Oidhreachta 1995 agus a dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

Is léir gur Bille le cumhachtaí agus feidhmeannaí leathana atá i gceist sa Bhille reamhluaite. Ní bhaineann ach alt beag amháin den Acht sin le cúramaí an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Sin an fáth gur cinneadh an t-alt áirithe sin a aisghairm agus a thabhairt ar ais sa reachtaíocht seo.

I understand the Deputy seeks a consolidation of the legislation which has gone before. The problem with that is that the previous Act was much wider than the present function of the Department. We are taking that out and bringing it back into the new Act, in order that it is contained in one Act. Otherwise, there would be two Acts. This is a neater way of doing the job in that we are focusing it on the powers which are needed for this Department. On that basis, I do not propose to accept this amendment.

Amendment, by leave, withdrawn.
Bill, as amended, received for final consideration.
Question proposed: "That the Bill do now pass."

Gabhaim an bhuíochas do na Teachtaí a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Tá áthas orm nach raibh an scian ar a raibh muid ag caint ar maidin i gceist leis an mBille agus go raibh deis againn dhul uair amháin eile frid na leasuithe ar fad. Tar éis gur Bille gearr é seo, bhí sé speisiúil an méid leasuithe a bhí le déanamh air, leasuithe a mhol an Freasúra agus mé féin. Tá áthas orm go raibh mé, ar Chéim an Choiste agus arís anocht, in ann cuid de leasuithe an Fhreasúa a ghlacadh. Tá súil agam leis na leasuithe nár leasadh, go mbeidh deis ag an bhFreasúra ceisteanna tábhachtacha a chur agus le freagraí a fháil ar cheisteanna go mbeadh sé soléir go raibh an reachtaíocht i gceart.

I thank Deputies for their effort. On this side of the House, we have back up of staff and civil servants, whereas the Opposition always has a problem in getting people to give them advice. This is a technical Bill and the last day and today, amendments were tabled by Deputies which I accepted. In regard to the amendments which were not accepted I hope that, through the debate, satisfactory answers were given to the valid and serious questions which were raised. Even though it is a short Bill, it is better now than when it entered the House. I hope we have teased out the issues which needed to be teased out. I am particularly glad there was no guillotine and that we could work the whole thing through within the allotted time.

Aontaím leis an méid a dúirt an tAire. Taispeánann sé gur féidir linn chomhoibriú. Is rud maith é nuair a bhíonn Aire sásta glacadh le leasuithe ón Fhreasúra agus go bhfuil muid in ann éisteacht leis nuair nach bhfuil sé ar chomhaigne linn. Tá dul chun cinn déanta ó thaobh na n-oileán agus farantóireachta go háirithe. Is maith an Bille é seo.

Bille gairid é seo ach tábhachtach mar sin féin. Ní mhinic a mholaim an Aire ach ba mhaith liom é sin a dhéanamh ós rud é go raibh sé oscailte, gur éist sé leis na pointí a chuireadh ós a chomhair agus go raibh sé sásta glacadh le leasaithe nuair a bhí sé cinnte gurb é an bóthar ceart le thaisteal. Muna mbíonn Aire oscailte, bíonn argóintí ann. Is féidir iad a sheachaint má bhíonn Aire oscailte. I gcomhthéacs an daonlathas a bhí le feiceáil le linn an díospóireacht ar an mBille sa Teach agus sa choiste, tá súil agam go ndéanfaidh an reachtaíocht maitheas do lucht na noileán mar gurb é sin an rud is tábhachtaí i ndeireadh na dála.

Question put and agreed to.
Barr
Roinn